65
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Is minic a bhaintear mí-úsáid as an fhocal "ildánach" ach bheadh sé oiriúnach go maith mar fhocal le cur síos a dhéanamh ar Cholm Ó Snodaigh, an ceoltóir ón ghrúpa Kíla. Seinneann Ó Snodaigh an fhliúit agus roinnt uirlisí eile, scríobhann sé ceol agus amhráin, is gearrscéalaí é agus tá obair raidió déanta aige freisin. Labhair sé le hÉamonn Ó Dónaill faoina shaol suimiúil.
»»»Tá sé níos deacra ná mar a bhí riamh ag na hÉireannaigh lonnú i Nua-Eabhrac, mar a mhínigh roinnt daoine a bhíonn ag obair le hinimircigh sa chathair do Tom Deignan.
»»»Thug Cóilín Ó Floinn cuairt ar scoil Ghaeilge i Nua-Eabhrac an mhí seo caite agus chuaigh díograis na bhfoghlaimeoirí i bhfeidhm go mór air.
»»»Tá ionad cultúrtha in ómós don phíobaire Séamus Mac Aonghuasa lonnaithe san Aill, i gContae Átha Cliath, áit a mbíonn go leor ócáidí a bhaineann leis an gceol traidisiúnta agus rudaí eile nach é, ar bun. Labhair Antaine Ó Faracháin le stiúrthóir an ionaid, Seán Mac Philibín, le fáil amach go díreach céard a bhíonn ar siúl ann agus céard atá ar na bacáin don bhliain úr.
»»»Cuireadh cosc ar Bhalor dul chuig Irish Fest Milwaukee i mbliana ach d’éirigh leis dul ann, mar sin féin – ina bhrionglóidí.
»»»Thángthas ar neart fionnachtana seandálaíochta i Lìte sna nóchaidí nuair a chuathas i mbun threascairt thrádstórais thréigthe an cheantair. Chuaigh Liz Curtis ar thuras faoi threoir ansin le gairid.
»»»Ar barrfheabhas ealaíne líonta amach go dtí an spléachadh deiridh atá an scannán ‘Melancholia’ le Lars Von Trier dar le Pat Butler.
»»»Tá ag éirí chomh maith sin leis na ranganna Gaeilge atá á reáchtáil ag Gaelchultúr Teoranta i mBaile Átha Cliath agus i gCorcaigh le roinnt blianta anuas go bhfuil cinneadh déanta ag an chomhlacht cúrsaí a chur ar siúl ar fud na tíre an fómhar seo. Míníonn Stiúrthóir Oideachais Ghaelchultúir, Éamonn Ó Dónaill, cad iad na pleananna atá acu sna míonna atá romhainn.
»»»Tá ‘fiche bliain ag fás, fiche bliain faoi bhláth’ feicthe ag Breandán de Gallaí anois. Bhuail Breandán tríd an teora aoise sin a thug a fhad le tríú line an rainn, ‘fiche bliain ag cromadh (is fiche bliain ag dul ar lár)’. Is atús é aois áirithe a scoitheadh agus tá buntáiste go leor ag baint leis, dar leis.
»»»Tá na duaiseanna do shuíomhanna idirlín bronnta ag Oireachtas na Gaeilge le breis is mí, ach tá comhairle le roinnt ag Roseanne Smith ar fhorbairt a chaithfear a dhéanamh go fóill.
»»»Beidh ceann de mhórimeachtaí na bliana i saol an cheoil agus i saol na Gaeilge ag titim amach i nDoire Chalgaigh an mhí seo, ádhúil go leor do Chiara Nic Gabhann óir is as Doire í.
»»»Léargas é an dráma “A Cold House” ar an dóigh a bhfuil iarrachtaí á ndéanamh ag daoine ón dá phobal sna Sé Chontae tuiscint níos fearr a fháil ar a chéile, dar le Robert McMillen.
»»»Tá Antaine Ó Faracháin an-tógtha le halbam nua Bhreanndáin Uí Bheaglaoich, Oíche go Maidean, a eisíodh le déanaí.
»»»Nuair a thug Éamonn Ó Dónaill aghaidh ar Portland, Oregon an mhí seo caite chun freastal ar an chéad Lá Gaeilge sa taobh sin tíre bhí sé ag súil go mbeadh b’fhéidir scór i láthair, ach mheall an t-imeacht i bhfad ní ba mhó ná sin.
»»»Thug Dublin Web Summit na bliana seo ábhar machnaimh go leor do lucht fiontraíochta agus chomh maith le sin, shaighid sé Roseanne Smith i mbun méarchláir.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.