CÚINNE NA nEALAÍON
Fleadh Cheoil na hÉireann de Chineál Eile?
Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann

Beidh ceann de mhórimeachtaí na bliana i saol an cheoil agus i saol na Gaeilge ag titim amach i nDoire Chalgaigh an mhí seo, ádhúil go leor do Chiara Nic Gabhann óir is as Doire í.

Íomhá
Eddi Reader ar chlár na Fleá
(le brian@bigirishgit.com ar Vicipéid)
Íomhá
Is rud ollmhór é an Fhleadh
Íomhá
Ceol sráide anuraidh

Beidh an t-imeacht is suntasaí i gceol agus cultúr na tíre, Fleadh Cheoil na hÉireann, ar siúl i nDoire Cholm Cille idir an 11ú agus 18ú Lúnasa agus is cinnte gurb é buaicphointe cultúrtha na bliana é i gcathair a bhfuil cuid mhór buaicphointí sroichte aici i mbliana cheana féin.

Is é seo an chéad uair riamh don Fleadh Cheoil Náisiúnta a bheith i dTuaisceart Éireann ó bunaiodh an fhéile i 1951 agus is mór an onóir agus vóta múinine don cháthair é agus dóibh súid a bhí taobh thiar den iarratas. Táthar ag súil go dtiocfaidh suas le 300,000 duine ar cuairt chuig an chathair agus go mbeidh 20,000 ceoltóir ag glacadh páirte in imeachtaí éagsúla ceoil agus cultúrtha a dhéanfaidh ceiliúradh, chan amháin ar cheol traidisiúnta na hEireann ach ar an nasc láidir cultúir le hAlbain agus le tuaisceart Mheiriceá chomh maith.

Tá clár na seachtaine lán de mhórimeachtí ceoil agus cultúir, ina measc siúd comhoibriú idir an file Séamus Heaney agus an píobaire Liam Ó Floinn, ceolchoirmeacha le Dervish, Flook agus Cara Dillion, a bheidh ag seinm le Ceolfhoireann na hEireann. Beidh an Fhleadh Trasatlantach ann (a d’eascair as Celtic Connections agus as na Seisiúin Trasatlantacha) ina léiriú mór sainroghnaithe aon uaire agus beidh leithéidí Eddi Reader, Dan Tyminski (O Brother Where Art Thou) agus John Doyle (Solas) ag teacht le chéile chun an nasc ceoil idir Albain, Meiriceá Thuaidh agus Éire a cheiliúradh. Beidh cuid mhór d’imeachtaí na féile le feiceáil beo ar an suíomh idirlín nua FleadhCheol.ie chomh maith le TG4 agus tg4.tv ón 14 Lúnasa ar aghaidh.

Chomh maith leis na ceolchoirmeacha, ranganna, ceardlanna, seisiúin sráide agus seolta leabhar/dlúthdhioscaí, beidh an ceiliúradh eaglasta is mó riamh ag Fleadh Cheoil na hÉireann ag tarlú sa chathair mar chuid d’imeachtaí na féile chomh maith. Beidh an ceiliúradh seo bunaithe ar an oidhreacht shaibhir de cheol diaga a thagann ó thraidisiúin na Gaeilge ar an dá thaobh de Shruth na Maoile agus beidh slua ceoltóirí ó Albain agus Éirinn rannpháirteach ann.

Aontas Eaglaisí

Chomh maith leis na cuairteoirí Albanacha seo, is díol suntais fosta go mbeidh an oidhreacht shaibhir seo de cheol diaga na Gaeilge á ceiliúradh i dtrí cinn de mhóreaglaisí na cathrach – eaglais Anglacánach, eaglais Phreispitéireach agus eaglais Chaitliceach. Léiriú an-soiléir den fhorbairt agus den fhás atá i ndiaidh theacht ar an chomhthuiscint agus ar an chomh-mhuintearas idir na pobail éagsúla creidimh a lonnaíonn sa chathair.

Ag tosú ar an chéad lá de sheachtain na Fleá (12 Lúnasa), beidh easparta in Ardeaglais Cholm Cille (Eaglais na hÉireann), ina mbeidh ceoltóírí ó Thír Eoghain agus ó Oileán Leòdhais. Ar an Chéadaoin (14 Lúnasa) beidh ceiliúradh eile ann in Eaglais Phreispitéireach First Derry a mbeidh ceoltóirí ó Dhoire agus ón Oileán Sgitheanach ann agus ag deireadh na seachtaine beidh aifreann traidisiúnta na Fleá in Ardeaglais Eoghain.

Rinneadh athnuachan anuraidh sa chathair ar sheantraidisiúin meánaoiseach oilithreachta in ómós éarlamh na cathrach Colm Cille agus leanfear leis an traidisiúin ársa seo ar an Chéadaoin 14 Lúnasa. Siúlfaidh slua ar Chosán na nOilithreach agus iomainn á gceol agus píobaireacht á seinm acu. Arís beidh an ghné eiciúiméineach go mór chun tosaigh san imeacht seo.

Ar ndóigh, nuair a amharctar ar chlár iomlán na Fleá, níl sna trí imeacht seo ach sciar an-an-bheag de chlár a mbeidh na céadta imeacht ann, ach is deacair a shamhlú go mbeidh ceann ar bith eile chomh suntasach leo san fhadtréimhse sa chomhthéacs ina bhfuil siad ag tarlú.

Dála an scéil, bíonn an-scaifte cainteoirí Gaeilge in achan áit ag Fleadh Cheoil na hÉireann agus níor cheart do chuid Gaeilge féin a cheilt orthu. Labhair í le hachan duine.

Tuilleadh eolais ar imeachtaí Fhleadh Cheoil na hEireann le fail ag: info@fleadhcheoil.ie. Fleadh Ceoil nó is féidir glaoch ar Oifig na Fleadh ar +4428 71373 573.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.