CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Garraí Johnny Mhorgan agus Duaiseanna an Oireachtais
Roseanne Smith Roseanne Smith Roseanne Smith

Tá na duaiseanna do shuíomhanna idirlín bronnta ag Oireachtas na Gaeilge le breis is mí, ach tá comhairle le roinnt ag Roseanne Smith ar fhorbairt a chaithfear a dhéanamh go fóill.

Íomhá
Duais an Oireachtais bainte i bPáirc an Chrócaigh
Íomhá

Bronnadh dhá ghradam le déanaí ar shuíomhanna idirlín i nGaeilge in dhá cheann de chomórtais thábháchtacha agus ba i measc dhá phobail an-éagsúla a tharla: pobal na Gaeilge agus pobal an ghréasáin.

Fógraíodh deireadhMeán Fómhair blag aitheanta Thaidhg Mhic Dhonnagáin, “Garraí Johnny Mhorgan” http://garraijohnnymhorgan.blogspot.com/ a bheith ina bhuaiteoir ar chomórtas blagadóireachta an Oireachtais agus níorbh aon ionadh domsa an méid sin. Blag spleodrach, barrúil, greannmhar agus spéisiúil atá ann. Éiríonn le Mac Dhonnagáin an dá thrá a fhreastal idir bhlag gnó is bhlag pearsanta ar bhealach a mhúinfeadh rud nó dhó do bhlagadóirí fud fad na cruinne. I measc critéir an chomórtais, tá cothú pobail agus ní gá ach roinnt de na tráchtaireachtaí a léamh agus tuigfear gan mhoill go bhfuil pobal cothaithe ar an mblag seo, pobal a phléann leis an mblagadóir gach a bhfuil faoin spéir. Ach baineann Tadhg is a chomhghleacaithe i bhFuta Fata, an comhlacht foilsitheoireachta atá aige, úsáid as níos mó ná an blag seo chun an phobal seo a chothú: úsáideann siad Facebook freisin. Tá fás Facebook pléite agam cheana sa cholún seo agus aon duine a cheanglaíonn leis an gcumhacht sin, agus a thuigeann gurb é sin an áit ina bhfuil an margadh, beidh rath orthu, cinnte.

Futa Fata

difear miontláith idir an pobal atá á chothú ag Futa Fata ar Facebook agus an dream a bhíonn istigh ar Gharraí Johnny Mhorgan: tá an leathanach ar Facebook dátheangach, a bheag nó a mhór, a fhad is atá an blag beagnach i nGaeilge amháin le míreanna níos faide rud a thugann le fios go dtuigeann Futa Fata an t-am atá ag lucht úsáide an dhá mheán. Ní gá ach breathnú ar leathanach Facebook Futa Fata agus feicfidh tú go bhfuil siad ag cothú pobail, ach ní dóigh liom gur ar phobal custaiméaraí is abhcóidí branda a bhí an tOireachtas ag smaoineamh nuair a chum siad an critéir ‘cothú pobail’!

Níl sé soiléir cé leis a mbeadh an blag seo in iomaíocht (níl mórán soiléir ar shuíomh an Oireachtais, ach tuilleadh faoi sin ar ball) mar a thuigimse é le duais €1,000.00 ó Oifig na Gaeilge in DIT. Is é an duaischiste don chomórtas seo ceann de na duaiseanna is mó fá choinne blagála, ní hamháin i gComórtas Liteartha an Oireachtais, ach sa tír seo trí chéile. I ndáiríre, is beag comórtas idirlín ina mbíonn duaischiste ar bith, mar ’sé an clú is an cháil is na nascanna is mó a tharraingíonn, ní hamháin na hiontrálacha, ach tarraingíonn sé lucht urraíochta freisin.

Gaelport

B’fhéidir gur nuacht é seo duitse gur bronnadh an duais seo, a léitheoir, agus ní nach ionadh. Murach Gaelport.com, ní bheadh an t-eolas seo faighte agam in aon áit, go fiú ar bhlag Mhic Dhonnagáin féin! Is iad torthaí 2007 na torthaí is nuaí atá le fáil ar shuíomh an Oireachtais féin. Is ea, léigh tú sin i gceart: 2007. Sin dhá bhliain ó shin. Is duine tuisceanach mé. Tuigim go bhfuil sé deacair suíomh mór lán d’eolas a choinneáil cothrom le dáta. Tuigim go bhfuil sé deacair gabháil i ngleic leis na bealaí cumarsáide nua. Tuigim fiú go pointe, go mb’fhéidir go mbeadh sé deacair fostaí a fháil a bhfuil a leathchos i saol na Gaeilge agus a lapa eile i saol an idirlín aici/aige, ach léiríonn na suíomhanna a ainmníodh i gComórtas Gradaim an Ghreasáin le déanaí agus an buaiteoir, ach go háirithe, nach bhfuil sin fíor. Tá siad ann agus tá an dá réim eolais acu. Agus is é an tOireachtas mar eagraíocht a bheidh thíos leis muna n-éiríonn leo gabháil i ngleic leis an bhfadhb seo. Tá suíomh álainn ag an Oireachtas: dearadh nua-aimseartha le feidhmeanna iontacha. Is féidir leo fís agus fuaim a chur leis, rud a chuirfeadh go mór le cothú an phobail a ghlacann páirt mór san Oireachtas.

Ach céard is fiú do dream ar bith duais ar bith a urrú sa chomórtas muna bhfaigheann siad oiread is focal ar shuíomh an Oireachtais? Le Foinse agus Lá Nua imithe bealach an gharraí, beidh leitheidí an Oireachtais agus na heagraíochtaí Gaeilge ag brath ar an bpobal agus ar an bpobal arlíne, ach go háirithe, chun an scéal a scaipeadh. Dá mbeinnse féin i mbun margaíochta don Oireachtas, bheadh blagchuntas Twitter, leathanach Facebook bunaithe agus bheidís ar fad ag cothú sceitimíní faoi cheann de na deireadh seachtainí is mó i bhFéilire na Gaeilge a bhí ar siúl i Leitir Ceanainn i mbliana. Bheadh spéis ag urraí na nduaiseanna ina leithéid, bí cinnte!

Nósmag

Féach, mar shampla, buaiteoir An Suíomh Gaeilge is Fearr i nGradaim Ghréasáin na hÉireann, nósmag. (Urraithe, dála an scéil, ag fear mór cothú pobail agus buaiteoir gradaim, Conn Ó Muineacháin ó Edgecast Media agus An tImeall!) Tá foireann nósmag.com ag úsáid gach a bhfuil feidhmiúil arlíne chun pobal a chothú, pobal óg le Gaeilge, go háirithe agus tá siad á dhéanamh ar chostas beag ag úsáid feidhmchláracha gréasáin atá saor in aisce, nó ar a laghad, saor. Cuireann siad áiseanna ama isteach ann, cinnte, agus chaith siad airgead ar an dearadh. Ach úsáideann siad YouTube agus Twitter chun aird a tharraingt ar a suíomh gréasáin, áit a bhfuil siad siúd a íocann na billí (na fogróirí) ag fanacht leis an bpobal seo.

Suíomh eile atá tar éis aird a tharraingt air féin ná Gaelport.com atá ainmnithe i nGradaim na Golden Spiders. Cé go bhfuil ceisteanna i measc phobal an ghréasáin i leith na nduaiseanna seo, ní féidir ceist ar bith a ardú faoin gcatagóir ina bhfuil Gaelport.com ainmnithe. Guím gach rath ar fhoireann na Comhdhála sa chomórtas mór seo – tá an duais tuillte acu as an obair agus as an díograis a chuireann an fhoireann ar fad isteach ar an suíomh chuile lá. Bheadh fhios agam féin is dóigh, mar bhí mé ina measc tráth dá raibh!

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.