Cartlann
gluais Gluais
EAGRÁN #79 · SAMHAIN 2007
CAINT AN tSRÁIDBHAILE

fuarchúis an Rialtais i leith mhuintir an Iarthair Láir le feiceáil go minic le blianta beaga anuas. Sampla eile den phatuaire seo é easpa gnímh an chomhrialtais maidir le cinneadh Aer Lingus deireadh a chur le heitiltí áirithe idir Aerfort na Sionainne agus Aerfort Heathrow i Londain.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
Bearnaí Ó Doibhlin

Ní minic a thagann athrú ar rialtas náisiúnta na hAstráile, ach táthar ag súil go mbeidh ré an chomhrialtais reatha thart tar éis an chéad olltoghchán eile, a deir Bearnaí Ó Doibhlin.

»»»
Íomhá
CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA

Tá líon na ndaoine a bhaineann úsáid as Facebook, an suíomh gréasánaithe shóisialta, ag dul i méid go leanúnach ó cuireadh tús leis sa bhliain 2004. San alt seo, pléann Caoimhe Ní Laighin feiniméan an tsuímh seo.

»»»
Íomhá
AGALLAMH BEO
Caoimhe Ní Laighin

Tá an comhlacht léirithe Nemeton ar cheann de na comhlachtaí Gaeltachta is mó a bhfuil rath air san earnáil teilifíse Éireannach. Labhair Caoimhe Ní Laighin le bunaitheoir an chomhlachta, Irial Mac Murchú, ar na mallaibh le léargas a fháil ar an bhfoirmle rúnda atá de dhíth le haghaidh comhlachta rathúil teilifíse.

»»»
Íomhá
CÚINNE NA nEALAÍON/AN RÓGAIRE DUBH
Antaine Ó Faracháin

Tá Tara Connaghan, fidléir arb as Na Gleannta i dTír Chonaill í, díreach tagtha ar ais go hÉirinn tar éis di a bheith ar camchuairt san Fhionlainn. Labhair Antaine Ó Faracháin léi le gairid faoin gcamchuairt sin agus faoina spéis fhairsing sa cheol.

»»»
Íomhá
CÚINNE NA nEALAÍON
Éamonn Ó Dónaill

Déantar léirmheas sa cholún seo ar leabhair Ghaeilge agus Bhéarla, ag baint le réimsí éagsúla. An mhí seo: [i]Seosamh Mac Grianna: Míreanna Saoil[/i] (Cló Iar-Chonnachta), le Pól Ó Muirí. Léirmheas le hÉamonn Ó Dónaill.

»»»
Íomhá
CÚINNE NA nEALAÍON
Ciara Nic Gabhann

Foilsíodh leabhar le gairid a thugann léargas ar an bhua ó thaobh na healaíne de a bhí ag Sylvia Plath, an scríbhneoir cráite Meiriceánach a chuir lámh ina bás féin ag tús na seascaidí. Tá an saothar suimiúil seo díreach feicthe ag Ciara Nic Gabhann.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
Balor

Beidh rudaí aisteacha ag titim amach sa tír sa mhí atá romhainn. Sin an méid a tuigeadh do Balor ar aon nós nuair a tharla dó fís agus foinse réamhinsinte Oíche Shamhna ...

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO/Ó MHEIRICEÁ ANIAR
Brian Ó Broin

Tá 80 faoin gcéad de mhargadh na beorach i Meiriceá roinnte idir Budweiser, Miller agus Coors. Ach ní hionann sin is a rá nach bhfuil na brandaí beaga beorach ag seasamh an fhóid, mar a mhíníonn Brian Ó Broin.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
Robert McMillen

D’fhógair an tAire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta ó thuaidh, Edwin Poots, ar na mallaibh nach gcuirfí acht Gaeilge i bhfeidhm sa Tuaisceart. Mar thoradh ar an chinneadh seo, tá pionós á ghearradh ar gach Gaeilgeoir sna Sé Chontae, dar le Robert McMillen.

»»»
Íomhá
CÚINNE NA nEALAÍON/PEANN AR PÁR
Sadhbh Ní Cheallaigh

Bronnadh duaiseanna Chomórtais Liteartha an Oireachtas sa Cheoláras Náisiúnta ag tús mhí Dheireadh Fómhair. D’éirigh le Sadhbh Ní Cheallaigh, arb as an gCeathrú Rua di, duais chomórtas na hiriseoireachta idirlín a bhuachan. Seo é an t-alt lenar bhuaigh Sadhbh, atá sé bliana déag d’aois, an comórtas.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO/AN EORAIP
Alan Desmond

Tháinig muintir na Polainne amach ina sluaite le gairid le vóta a chaitheamh san olltoghchán agus chinn siad an ruaig a chur ar an rialtas a chuir náire ar go leor Polannach le dornán blianta anuas. Tuairisc ó Alan Desmond.

»»»
TEANGA AGUS CULTÚR
Éamonn Ó Dónaill

Tugann Éamonn Ó Dónaill eolas mar gheall ar chúrsa nua iarchéime, MA sa Ghaeilge Fheidhmeach, atá á thairiscint ag Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, i gcomhar lena chomhlacht féin.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
Breandán Delap

Dealraíonn sé go bhfuil éiginnteacht maidir le stádas dlíthiúil Churaclam Úr na Bunscoile. Más fíor é sin, céard iad na himpleachtaí do pholasaí nua na Roinne Oideachais i leith an tumoideachais? D’fhiosraigh Breandán Delap an scéal.

»»»
Íomhá
CÚRSAÍ SPÓIRT
Colm Mac Séalaigh

Cailleadh Mick Holden, sárimreoir iomána agus peile a d’imir ar fhoirne Bhaile Átha Cliath sna seachtóidí agus na hochtóidí, ar an 26 Meán Fómhair. Cailliúint ollmhór is ea a bhás, ní hamháin dá mhuintir, ach do CLG i gcoitinne, dar le Colm Mac Sealaigh.

»»»
Íomhá
CÚINNE NA nEALAÍON
Colm Ó Snodaigh

Tá an tionscal ceoil athraithe go mór mar gheall ar an nuatheicneolaíocht. San alt seo, déanann Colm Ó Snódaigh cuid de na hathruithe is mó atá tagtha chun cinn le tamall anuas a phlé.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
Tony Birtill

Tugann leabhar nua dar teideal [i]GAA Provincial Council of Britain: A History[/i] le Tommy Walsh léargas ar stair Chumann Lúthchleas Gael sa Bhreatain. Agus stair fhada, shuimiúil atá inti, dar le Tony Birtill.

»»»

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.