CÚINNE NA nEALAÍON
An tionscal ceoil athraithe ó bhonn
Colm Ó Snodaigh Colm Ó Snodaigh

Tá an tionscal ceoil athraithe go mór mar gheall ar an nuatheicneolaíocht. San alt seo, déanann Colm Ó Snódaigh cuid de na hathruithe is mó atá tagtha chun cinn le tamall anuas a phlé.

Íomhá
D'eisigh Starbucks dlúthdhiosca de chuid Paul McCartney le déanaí
Íomhá
Beidh Madonna ag eisiúint a ceirnín nua tríd an gcomhlacht Live Nation
Íomhá
Íomhá
Starbucks: b'fhéidir go mbeidh sé i measc na gcomhlachtaí móra ceoil san am atá le teacht

Tús mhí Dheireadh Fómhair; tá dathanna na nduilleog ag athrú. Tá mé suite le Dee, Eoin, Rossa agus páistí Dee. Tá muid ag breathnú ar amaidíocht Jack Black sa scannán *The School of Rock *agus é ag tógáil scaifte páistí scoile chuig comórtas chath na mbannaí. Tá amhrán de chuid Led Zeppelin, amhrán nach cuimhin liom a theideal anois, ar siúl sa chúlra. Tar éis an scannáin iarrann Diarmuid, mac Dee, orainn an t-amhrán a fháil dó.

“Ioslódálfaidh muid é anois,” a deir muid.

I rith an tsamhraidh, d’eisigh Starbucks dlúthdhiosca de chuid Paul McCartney dar teideal Memory Almost Full. Ní ba dhéanaí sa bhliain, rinne Joni Mitchell an rud céanna. Díolann Starbucks caife lag agus bia leamh. Ach má théann tú isteach in aon chaife dá gcuid, bíonn ceol á sheinnt sa chúlra an t-am ar fad – ní hamháin ceol de chuid Mitchell agus McCartney, ach ceol de gach aon saghas. Bíonn céirníní de chineálacha éagsúla ceoil ar díol sna caifeanna chomh maith. An-seift is ea é, is dócha. Má sheinntear ceol sa chúlra, cén fáth nach ndíolfaí ceol chomh maith? Agus is cinnte go n-éiríonn leo é a dhíol.

“An mbeidh caife agat le do chuid ceoil?”

An mhí seo caite, d’fhógair Madonna go mbeadh sí ag eisiúint a ceirnín úir trí Live Nation, comhlacht a eagraíonn na ceolchoirmeacha is mó i Meirceá Thuaidh. Is é seo an chéad uair riamh dóibh céirnín a eisiúint. Bíonn ceolchoirmeacha á n-eagrú acu i gcónaí, mar sin cén fáth nach mbeadh siad ag díol ceirníní chomh maith? Agus níos tábhachtaí fós, cén fáth nach ndíolfaidís féin na ceirníní a bheadh eisithe acu?

Ceol ar líne

Le déanaí, bhí obair ar siúl agam sa stiúideo agus rith smaoineamh liom i dtaobh tionlacain a bheadh oiriúnach do phort a scríobh Rossa. Dúras leis an innealtóir, Mark Gavin, go raibh mo smaoineamh féin ar nós an chomhcheoil ar "Come Together" leis na Beatles. Ní raibh sé cinnte cad a bhí i gceist agam, mar sin thosaigh sé ag tochailt trí shuíomhanna gréasáin agus d’éirigh leis an píosa ceoil a fháil saor in aisce. D’éisteamar leis an gceol agus thuig sé.

“Gheobhaidh mé aon phíosa ceoil duit, saor in aisce, taobh istigh de thrí nóiméad," ar sé agus meangadh gáire air.

In oifig Tom Sherlock, bainisteoir an bhanna ceoil Altan, a bhíos nuair a dúirt sé liom gur cheap sé go raibh athrú suntasach i ndiaidh teacht ar gach ní i dtionscal an cheoil. Níl daoine ag ceannach ceirníní mar a bhíodh. Tá ceol i ngach áit, a dúirt sé, agus tá daoine ag dul i ngleic leis ar bhealaí nua.

“Féach ar mo mhac, mar shampla”, a dúirt sé liom. “Bíonn sé ag seinm giotáir agus ag éisteacht le ceol an t-am ar fad. Ach ní ó shiopaí ceirníní a fhaigheann sé a chuid ceoil – ní bhíonn sé á cheannach mar a cheannaíodh muidne é. Ní bheidh seisean ag fanacht lasmuigh de shiopa ceirníní agus é sa tóir ar albam nua de chuid banna éigin, mar a rinne mise i gcás na Horslips. Seans maith nach gceannóidh sé dlúthdhiosca i ngnáthshiopa go deo. Bíonn sé féin agus a chairde ag imoibriú le ceol ar bhealaí atá go hiomlán difriúil ó na bealaí a bhí againne – agus déanfaidh siad amhlaidh go deo.”

Tá an tionscal athraithe, gan dabht. Tá ag teip ar na comhlachtaí móra, na fathaigh mhóra mhillteacha a bhfuil goile ollmhór craosach acu.

Uirlisí agus gléasanna nua

Tá ProTools ann anois, lenar féidir leat do chuid ceoil féin a thaifeadadh agus é a bheith ar comhchaighdeán ó thaobh fuaime de le haon cheirnín a bhíonn le cloisteáil ar an raidió. Tá an iPod – agus flúirse gléasanna mar éar fáil anois, ar féidir leat do bhailiúchán iomlán ceoil a stóráil orthu. Tá iTunes ann anois – agus fliúrse siopaí úrnua mar é ar an ngréasán domhanda – ar féidir leat aon cheol is mian leat a íoslódáil uathu.

Tá MySpace againn freisin – agus neart suíomhanna eile greasánaithe sóisialta mar é – ar ar féidir leat do cheol a chur ar fáil do dhaoine le go mbeidh siad in ann eisteacht leis saor in aisce. Tá Limewire, ar suíomh comhroinnte comhad é, agus eile mar é anois ar fáil ónar féidir leat aon phíosa ceoil is maith leat a íoslódáil saor in aisce. Is féidir staidéar a dhéanamh ar na máistrí ceoil, más mian leat, má íoslódálann tú giotaí beaga de scannáin agus de chláracha teilifíse ó léithéidí YouTube. Ar fad saor in aisce!

athrú bunúsach tagtha ar an tionscal ceoil. Is éard atá ann ná deireadh le hollsmacht docht líon beag comhlachtaí ar an ngnó; anois, is féidir le

bannaí agus ceoltóirí, nach bhfuil mórán aithne orthu, a gcuid ceoil a chraobhscaoileadh de réir mar is mian leo, ag aon am is mian leo. Cinnte, beidh comhlachtaí móra ann i gcónaí. Ach tá deireadh anois lena smacht docht, a chuir srian ar chruthaitheacht an-chuid bannaí ceoil. Agus b’fhéidir gurb iad leithéidí Live Nation agus Starbucks a bheidh i measc na gcomhlachtaí móra san am atá le teacht. Gach seans go mbeidh siad díreach cosúil leis na seanchomhlachtaí - mar a bhíonn aon mhórchomhlacht - ag díriú i gcónaí ar bhrabús.

Deireadh mhí Dheireadh Fómhair; tá dathanna na nduilleog ag athrú. Bíonn an ghrian níos ísle. Bíonn solas an lae níos giorra. Tá mé ag tiomáint ar ais ó bhabhta cleachtaidh leis an mbanna. Tá mé ag cabaireacht le hEoin faoin obair a rinneamar. Tá dlúthdhiosca agam de na píosaí nua – rinne Brian iad a thaifeadadh. Fágaim Eoin ag bun a bhóthair in Inse Chór.

“Labharfaidh mé leat níos déanai”, a deir mé leis. “Agus seolfaidh mé na foinn chugat ar an ríomhphost ar ball.”

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.