CÚINNE NA nEALAÍON/AN RÓGAIRE DUBH
Na Gleannta inar tógadh mé
Antaine Ó Faracháin Antaine Ó Faracháin Antaine Ó Faracháin

Tá Tara Connaghan, fidléir arb as Na Gleannta i dTír Chonaill í, díreach tagtha ar ais go hÉirinn tar éis di a bheith ar camchuairt san Fhionlainn. Labhair Antaine Ó Faracháin léi le gairid faoin gcamchuairt sin agus faoina spéis fhairsing sa cheol.

Íomhá
An fidléir Tara Connaghan
Íomhá
Is maith le Tara uirlis Shualannach ar a dtugtar an Nycelharrpa
Íomhá
Na Gleannta, Tír Chonaill - áit dhúchais Tara
Íomhá
Samuli Karjalainen, ceoltóir Fionlannach a ndeachaigh Tara ar camchuairt leis
Íomhá
Foghlaimíonn Tara amhráin de chuid Damien Rice uaireanta

Antaine Ó Faracháin: Tá aithne ort mar fhidléir, ach céard iad na huirlisí eile a sheinneann tú seachas an fhidil?

Tara Connaghan: Bhuel, is í an fhidil mo phríomhuirlis, ach thosaigh mé ag seinm an ghiotáir ar dtús agus mé naoi mbliana d’aois. Ansin, thosaigh mé ag seinm na fliúite claisicí, an phianó chlaisicigh agus na fidle sa deireadh. Seinnim rud beag ar an bhfeadóg mhór agus ar an gconsairtín fosta, ach i ndáiríre ní sheinnim rud ar bith i gceart ach amháin an fhidil.

AÓF: An fearr leat an fhidil thar na huirlisí eile?

TC: Is fearr! Mar níl mé in ann na huirlisí eile a sheinm go maith. Tá grá mór agam don phíb, an phíb mhór ach go háirithe. Sílim go bhfuil cosúlachtaí idir Tír Chonaill agus Albain ó thaobh theicníc na bpíobairí de - bíonn a méara beaga ag bogadh chomh gasta. Agus is breá liom an Nycelharrpa, fidil Shualannach a bhfuil cnaipí uirthi.an fhuaim a thagann aisti cosúil le fuaim na fidle, ach amháin go bhfuil sí níos géire. Cheannaigh mé ceann agus mé san Fhionlainn le déanaí. Tagann fuaim thaibhsiúil aisti.

AÓF: Cé uathu a fuair tú do chuid ceoil ó thaobh na fidle de? An raibh aon mhúinteoir ar leith agat?

TC: Bhí a lán múinteoirí agam i rith na mblianta. Ar dtús thosaigh deirfiúr de mo chuid, a bhí níb óige ná mise, ag foghlaim na fidle. Bhí Séamus Sweeney ó Chill Seanaigh mar mhúinteoir aici agus d’fhoghlaim mé mo chéad nótaí agus píosaí uaithi. Fuair sí bás dhá bhliain ina dhiaidh sin. Tar éis tamaill, d’fhiafraigh Séamus de mo thuismitheoirí an mbeadh suim agamsa tosú ar an bhfidil. B’in an tús. D’fhreastail mé ar Scoil Gheimhridh Frankie Kennedy nuair a cuireadh ar bun í sa bhliain 1994, agus bhí Dermot McLaughlin ann mar mhúinteoir. Bhuel, níor chuala mé a leithéid riamh - is fidléir den scoth é. Bhí suim mhór agam sa cheol ina dhiaidh sin.

AÓF: Cé hiad na fidléirí is mó a chuaigh i bhfeidhm ort?

TC: Bhí an t-ádh liom agus mé óg mar go mbíonn féile na bhfidléirí ar siúl i mo cheantarsa, Na Gleannta, gach bliain. Tagann fidléirí ó Bhaile Átha Cliath, ó Dhoire, ó Bhéal Feirste, agus ó go leor áiteanna eile chun na féile seo. Chuala mé fidléirí cosúil le James Byrne, Ronan Galvin, Mick Browne, Mairéad Ní Mhaonaigh, Proinsias Ó Maonaigh, Martin McGinley, Con Cassidy agus a lán fidléirí eile. Dar ndóigh, tá muintir Campbell ann fosta.

AÓF: An bhfuil dúil agat i stíl ar leith nó i réimse nó stór ceoil ar leith?

TC: Tá cinnte, go háirithe sa stíl agus sa stór ceoil a bhaineann le hiardheisceart Dhún na nGall. Sílim go bhfuil na stíleanna agus na stórtha áitiúla ceoil iontach tábhachtach agus suimiúil. Tugann siad léargas dúinn ar stair agus ar

chultúr na háite agus ar na daoine a bhain, agus a bhaineann, leis an áit.

AÓF: Deir fidléirí go minic gurb é an bogha an rud is tábhachtaí maidir le seinm na fidle. An aontaíonn tú leis sin?

TC: Braitheann sé ar an fhidléir, sílim, agus ar an stíl, ar an stór ceoil agus ar an áit a bhfuair an seinnteoir a chuid ceoil. Bíonn na méara tábhachtach fosta, ach is é an bogha an rud a thugann rithim don cheol.

AÓF: Agus tú ag seinm, céard é an rud is mian leat a bhaint amach?

TC: Na fuaimeanna atá i m’intinn! Tá mé mar a bheadh snag breac ann, ag tabhairt rudaí beaga ó dhaoine eile ar ais liom chuig an nead. Agus tá súil agam gur ceol binn a bhíonn ann.

AÓF: Deir ceoltóirí go minic freisin go spreagann ceoltóirí eile iad le tiúin faoi leith a sheinm – tiúin, b’fhéidir, nach bhfuil seinnte acu le fada ach a thagann ar ais chun cuimhne dóibh nuair a bhuaileann siad le ceoltóir ar leith. An dtarlaíonn sin duitse?

TC: Tarlaíonn, cinnte - go minic!

AÓF: An athraíonn tú repertoire agus stíl de réir na gceoltóirí éagsúla a mbíonn tú ag seinm leo?

TC: Athraím. Go háirithe toisc go bhfuil mé i mo chónaí taobh amuigh de Thír Chonaill. Níor mhaith liom mo stílse nó mo stórsa ceoil, nó rithim s’agamsa, a bhrú ar cheoltóirí eile mar tá meas mór agam ar cheoltóirí eile. Ach sílim gur tréith mhaith í sin mar go n-éiríonn tú solúbtha mar cheoltóir dá bharr.

AÓF: Tá tú i do chónaí in Inis i gContae an Chláir le píosa anois agus bhí tú i gCorcaigh roimhe sin. Conas a chuaigh sin i bhfeidhm ar do chuid ceoil nuair a d’aistrigh tú ó dheas ó Dhún na nGall?

TC: D’fhoghlaim mé a lán ceoil agus bhuail mé le ceoltóirí agus le cairde ar fud na tíre. Ach ag an bpointe seo, sílim go mbeidh sé in am dom dul abhaile go Tír Chonaill i gceann bliana nó mar sin. Tá cuid de mo cheol teaghlaigh caillte agam agus tá mo chuid Gaeilge caillte agam fosta. "The Savage loves his native land", mar a deirtear!

AÓF: Bhí tú féin agus ceoltóir nó beirt eile ag féile cheoil san Fhionlainn le déanaí. Inis dom beagán faoi sin.

TC: Bhí mé féin agus Derek McGinley, ar fidléir óg deas ó Ghleann Cholm Cille é, ag seinm ag féile cheoil san Fhionlainn in éineacht le ceoltóir Fionlannach darb ainm Samuli Karjalainen. Sheinn muid poirt ó iardheisceart Dhún na nGall agus chuaigh muid ar camchuairt timpeall na tíre a mhair ar feadh deich lá. Bhí mé i mo chónaí ansin sa bhliain 1998 in Tampere, atá suite 100 míle ó Heilsincí. Agus muid ansin cúpla seachtain ó shin, bhuail mé le mo sheanchairde agus bhí am ar dóigh againn.an tseacláid sármhaith san Fhionnlann fosta! Bhí mé san Iorua le gairid fosta agus chuala mé an fhidil is fearr ar domhan i mo thuairim féin. Tá an ceol a thagann aisti ar nós cheol na sióg.

AÓF: Agus chas tú corramhrán freisin agus tú ansin!

TC: Sin eolas rúnda agus ba cheart é a choinneáil faoi rún!amhránaí mé ar chor ar bith, ach chan muid chomh maith agus muid ansin.

AÓF: Cén treo ina bhfeiceann tú do chuid ceoil ag dul as seo amach? An bhfuil aon rud faoi leith ba mhaith leat a bhaint amach ó thaobh an cheoil de?

TC: Ba mhaith liom pilleadh ar mo phréamhacha. Ach ba mhaith liom fosta tionscadail dhifriúla a thriail le sacsafón, cosúil lena bhfuil déanta ar albam dar teideal Tryptk ón tSualainn. Ba mhaith liom oibriú mar cheoltóir stiúideo fosta, agus b’fhéidir dul ar camchuairt le grúpa fidléirí. In ainneoin gur saoithín mé ó thaobh an cheoil Ghaelaigh de, is ceoltóir mar sin féin mé, agus is maith liom a bheith ag seinm agus ag foghlaim saghsanna éagsúla ceoil i gcónaí. Murach sin, thiocfadh leadrán orm.

*AÓF: Céard é an píosa ceoil deireanach ar éist tú* **

leis agus céard í an tiúin dheireanach a d’fhoghlaim tú?

TC: Foghlaimím tiúineanna le linn na seisiún i gcónaí. Uaireanta, bím ag seinm ceoil ag bainiseacha agus bíonn orm a lán rudaí difriúla - cosúil le ceol clasaiceach agus popcheol agus ceol de chuid daoine mar Damien Rice - a fhoghlaim lena n-aghaidh.

An píosa deireanach ar éist mé leis? Bhuel, cuirim mo sheinnteoir mp3 ar shuffle agus mar sin, d’fhéadfadh rud ar bith teacht chun cinn. Is breá liom a bheith ag éisteacht le ceol as áiteanna éagsúla ar fud an domhain – na Críocha Lochlannacha, an Eoraip, an Áise, an Afraic, an Astráil, Meiriceá; áit ar bith, i ndáiríre. Ba é an dlúthdhiosca deireanach a cheannaigh mé ná ceann de chuid Young at Heart, ar grúpa Meiriceánach é ina bhfuil na baill ar fad idir 70 agus 93 bliain d’aois - agus iad ag canadh popcheoil de chuid The Beatles, Outkast agus eile! Bhí siad in Éirinn le déanaí.

Is amhránaí, ceoltóir, múinteoir agus fear spraoi é Antaine Ó Faracháin. Is as Baile Átha Cliath ó dhúchasé.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.