AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
Teagmháil déanta ag Balor leis an domhan osnádúrtha
Balor Balor Balor

Beidh rudaí aisteacha ag titim amach sa tír sa mhí atá romhainn. Sin an méid a tuigeadh do Balor ar aon nós nuair a tharla dó fís agus foinse réamhinsinte Oíche Shamhna ...

Íomhá
Íomhá
Twink (ar deis) ag tabhairt íde béil do bhall den fhoireann sacair
Íomhá
Ceapfar Willie O'Dea ina stiúrthóir ar an Oireachtas
Íomhá
Cuirfear tús le heitiltí idir an tSionainn agus Heathrow arís
Íomhá
Osclófar halla damhsa de chuid Stringfellow i nGleann Cholm Cille

Oíche Shamhna bhí Balor ina phluais bhrocach cháidheach shalach, ag meabhrú os cionn na tine agus ag cogaint cnámh mar is gnách leis ag an am seo den bhliain, nuair a tharla dó fís. Ní fear é Balor le seans a ligean thairis agus rug sé greim sceadamáin ar an taibhreamh tanaí agus thug a rogha di idir bás nó beathatuar agus tairngreacht a dhéanamh faoi chúrsaí reatha na hÉireann mar a bheadh i mí na Samhna.

Cúis mhórtais do Bhalor a cháil mar thuairisceoir tuisceanach agus mar fhiosraitheoir fáidhiúil, agus dá mbeadh barúil aige faoi na scéalta móra nuachta sular thit siad amach ar chor ar bith, ní bheadh tuairisceoirí an Sindo agus an Star, an Mirror agus an Messenger of the Sacred Heart ach in áit na leathphingne i gcomparáid lenár laoch. Gan paidir capaill a dhéanamh de, seo mar a nochtaíodh dó:

Go luath i mí na Samhna, ceapfar Twink mar bhainisteoir ar fhoireann sacair Phoblacht na hÉireann, cionn is go dtuigeann sí an dóigh le labhairt le fir nach ndéanann beart de réir a briathair. Mar a mbeifeá ag súil leis, ní bheidh sí sásta labhairt suas lena mbéal, ach fágfaidh sí teachtaireachtaí ar a ngutháin phóca, teachtaireachtaí a scanróidh an t-anam astu agus a bhainfidh na putóga astu. Mar bharr ar an bhagairt, beidh taifid de theachtaireachtaí á gcur ar Youtube, le go dtuigfidh an saol mór na deacrachtaí a mbíonn aici cur suas leo. Beidh sí ag fáil comhairle ina post óna seanchara Éamonn Duncey, an fear a bhfuil gach eolas aige faoi chúrsaí sacair, agus gach cineál cúrsaí eile fosta. Eisean a déarfaidh léi

cén áit a mbeidh na himreoirí ag imirt ar an pháirc agus cad é atá le déanamh acu. Agus go bhfóire Mac Dé ar an imreoir nach ndéanfaidh amhlaidh. I dtreo dheireadh na míosa, beidh cluiche acu in éadan fhoireann na hAirgintíne agus bainfidh Poblacht na hÉireann a deich in aghaidh a náid.

ComhurraimFaoin reachtaíocht úr comhurraime sna Sé Chontae beidh duine den mhuintir Phrotastúnach le ceapadh ina chairdinéal le go mbeidh duine acu ar chomhchéim leis an Ardeaspag Pápach agus Cairdinéal úr Séan Ó Brádaigh. Rachaidh an próiseas roghnúcháin ar aghaidh ar feadh trí seachtaine, ach sa deireadh ceapfar an tUrramach Willie McCrea. Beidh mórchuid an phobail ó thuaidh sásta leis an rogha agus leis an cheapachán. Beidh cúpla cor sa scéal, áfach. Ní bheidh Willie sásta hata dearg a chaitheamh ar nós gach cairdinéil eile. Hata oráiste a bheas sé ag éileamh. Agus ní bheidh sé sásta taisteal chun na Róimhe leis an hata a ghlacadh. Beidh ar an Phápa teach go hOirthear Bhéal Feirste le cairdinéal a dhéanamh de. Ní bheidh ceol orgáin le cloisteáil i rith an tsearmanais, ach oiread, ach ceol ó bhosca pianó Willie féin, agus é ag canadhWhat A Friend You Have In Willie”.

Leath bealaigh fríd an mhí, fógrófar stiúrthóir úr ar Oireachtas na Gaeilge. Ní hé nach mbeifear sásta ligean do Liam Lách Ó Maol Chloigeann dul ar aghaidh san phost ina bhfuil sé, ach beidh seisean le ceapadh mar bhainisteoir úr ar fhoireann rugbaí na hÉireann. Duine ar bith, a deirtear, atá

ábalta coiste an Oireachtais a cheansú agus a smachtú, beidh sé in ann foireann rugbaí na hÉireann a eagrú i gclibirt nó i rucáil. Ach cé a rachaidh ina áit mar stiúrthóir ar an Oireachtas? Cé eile ach Willie O’Dea! Is cuma nach bhfuil ach an cúpla focal aige (agus sin iad an dá cheann), is mar a chéile “effeáil leat” i nGaeilge agus i mBéarla.

Beidh trí dháilcheantar nua sa tír: Oileán Thoraí (cúig shuíochán), Droim Conrach i mBaile Átha Cliath (seacht suíochán) agus Baile Bhúirne (trí stól). Maífidh urlabhraí thar ceann Fhianna Fáil nach mbeidh ann ach Cothrom na Féinne. Glacfaidh urlabhraithe thar ceann Fhine Gael agus Pháirtí an Lucht Oibre go fonnmhar leis na hathruithe seo agus le maíomh urlabhraí Fhianna Fáil. Tionólfar cruinniú éigeandála náisiúnta den Pháirtí Daonlathach le go ndéanfaidh an triúr acu mionscrúdú ar na hathruithe seo. Ní bheidh rud ar bith le rá ag na Glasaigh, mar is nós úr leo.

Titfidh praghsanna tithe go mór. Beifear ábalta teach mór ar acra a cheannach i mBaile Átha Cliath 4 ar ocht míle Euro (troscán san áireamh) ach ní bheidh mórán daoine ag cur spéise iontu cionn is go mbeidh siad ar fad ceannaithe roimh cheant ag muintir Rath Cairn. Bunófar Gaeltacht Aylesbury, le beannacht an

rialtais, agus bronnfar deontais mhóra le díonta tuí a chur ar na tithe agus stáblaí agus sciobóil a chur sna gairdíní. Tógfar teach úr seacht stór ar airde le ceann tuí air mar cheanncheathrú Údaráis na Gaeltachta ar Bhóthar Mespil.

Cúrsaí e*itlíochta* Gabhfaidh Aer Lingus leithscéal le muintir an iarthair agus cuirfear na heitiltí idir Aerfort na Sionainne agus Heathrow ar ais mar a bhí, le seacht gcinn bhreise sa lá, agus bunófar Aerfort úr i gceantar Chnoc Theas, Chathair Luimnigh le deich n-eitilt gach lá idir é agus an Costa del Sol. Fógróidh Micí Ó Laoire ó Ryanair go nglacfaidh sé móid chiúnais agus rachaidh sé ar chúrsa spioradálta trí mhí leis na siúracha i gclochar na Poor Claires in Inis.

Foilseofar leagan Gaeilge den Sunday Independent gach lá den tseachtain agus beidh sé de dhualgas ar gach TD ní amháin é a cheannach, ach é a léamh. Cuirfear scrúdú scríofa orthu trí lá sa tseachtain ar a mbeidh le rá ag an eagarthóir Gaeilge, Balor an Bhéil Bhinn. Balor féin a bheas ag réiteach agus ag marcáil na scrúduithe.

Cuirfear príosún ar an Teachta Dála Brian Ó Sé, n

ó Brains Ó Shea mar is fearr aithne air, ó Pháirtí an Lucht Oibre i bPort Láirge, as siocair é a bheith ag iarraidh deireadh a chur leis an scrúdú Gaeilge atá le déanamh ag dlíodóirí na hÉireann. Beidh scrúdú cainte agus scríofa Gaeilge le pasáil aige féin sula scaoilfear amach as príosún é, agus ceann Béarla chomh maith.

Beidh halla damhsa Peter Stringfellow le hathoscailt, agus le hathlonnadh fosta. I nGleann Cholm Cille a bheas sé ag oscailt roimh Nollaig, díreach in am do na sluaite a bheas ag tarraingt ar an Ghleann fá choinne chóisirí na Nollag. Coláiste Odious Gael a bheas mar láthair ag an halla damhsa nó ní bheidh an Coláiste in úsáid níos mó de thairbhe an oiread sin gearán a rinneadh faoi dtaobh den mhí-iompar a bhíonn ag dul ar aghaidh ann. Cuirfidh Leamh Ó Cuinneagáin fáilte is fiche roimh an athlonnadh; beidh sé ag dréim go bhfaighidh sé post doirseora ann, nó b’fheidir post de chineál eile, fiú.......

Sin agaibh cinnlínte na nuachta do mhí na Samhna.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.