CÚRSAÍ SPÓIRT
Bás tobann Mick Holden, laoch de chuid CLG
Colm Mac Séalaigh Colm Mac Séalaigh

Cailleadh Mick Holden, sárimreoir iomána agus peile a d’imir ar fhoirne Bhaile Átha Cliath sna seachtóidí agus na hochtóidí, ar an 26 Meán Fómhair. Cailliúint ollmhór is ea a bhás, hamháin mhuintir, ach do CLG i gcoitinne, dar le Colm Mac Sealaigh.

Íomhá
Mick Holden ag imirt i gcluiche ceannais na hÉireann, 1983
Íomhá
D'imir Átha Cliath i gcoinne Chill Chainnigh i gcraobhchomórtas Laighean, 1978
Íomhá
D'fhág Kevin Moran le sacair a imirt le Manchester United

Bhí de phribhléid agus d’onóir agam imirt in éineacht le - agus in aghaidh - Mick Holden, a cailleadh ar an 26 Meán Fómhair. raibh ach 52 bliain d’aois. Bhí cáil náisiúnta bainte amach ag Mick mar pheileadóir a d’imir i gcluichí ceannais na hÉireann ar fhoireann Bhaile Áth Cliath sna blianta 1979, 1983 agus 1984, agus mar imreoir ionaid sa bhliain 1985. Dar le lucht iomána Bhaile Átha Cliath, áfach, bhíodh achar iasachtag na peileadóirí sna blianta sin chun iad a tharrtháil in am a ngátair!

Is cuimhin liom go maith an chéad teagmháil a bhí agam le Mick. Cluiche iomána craoibhe faoi 21 bliain a bhí i gceist, a imríodh go luath sna seachtóidí idir mo chlub féin, Cumann Báire Caoimhín, agus Cuala, club a raibh baint mhór ag Tom Holden - athair Mick agus a dheartháireacha Vinnie agus P.J. Holden - lena bhunú. Dúradh liom roimh an gcluiche go mbeinn ag déanamh marcála ar leaid óg darbh ainm Mick Holden a bhí bliana, b’fhéidir, níb óige mise. Ba í an treoir a tugadh dom go mbeadh orm fanacht leis - nár chóir dom é a scaoileadh as mo radharc fiú. Níor thuigeas céard a bhí romham go dtí gur tháinig an sliotar inár dtreo den chéad uair. I bhfaiteadh na súl, bhí an leaid óg fionn a bhí á mharcáil agam imithe ar ruathar aonair, chomh sciobtha sin nárbh fhiú dom iarracht a dhéanamh fanacht leis. Lean Mick agus a bheirt deartháireacha, PJ agus Vinnie, ar aghaidh ag imirt - an triúr acu ag dul ó neart go neart. D’imir siad ar fhoireann mionúr agus ar fhoireann faoi 21 bliain Bhaile Átha Cliath agus rinne an triúr acu gaisce sa bhliain 1973 nuair a d’imir siad i gcluiche ceannais na hÉireann ar fhoireann faoi 21 bliain, cluiche a imríodh i gcoinne na Gaillimhe. Chaill Áth Cliath an chraobh sin, ach ba ghaisce ar leith é do na deartháireacha Holden a bheith ag imirt sa chraobh lena chéile. In ainneoin Mick a bheith cúig bliana déag d’aois, roghnaíodh é mar chúl báire! Seans maith go mbeidh an gaisce áirithe sin ina churiarracht go ceann tamaill fhada mar is cosúil anois go gcuirfear cosc oifigiúil go gairid ar imreoirí faoi bhun ocht mbliana déag d’aois a bheith ag imirt in aoisghrúpa níos sine. Táthar ag súil go gcuirfear an cosc i bhfeidhm de bharr go mbíonn go leor imreoirí scriosta ag aois óg. Níor tharla a leithéid do Mick, áfach, mar lean air ag imirt ag an leibhéal is airde club, idir pheil agus iománaíocht, go raibh in aois a dhá scór, beagnach. Crainn thacaAg druidim le deireadh na seachtóidí, bhí Mick agus a dheartháireacha ina gcrainn thaca ar fhoireann shinsear iomána Átha Cliath. Ach an oiread le blianta beaga anuas, bhí Cill Chainnigh an-láidir san am sin agus bhí imreoirí den scoth acu ar nós Eddie Kehir, Ger Henderson, Frank Cummins agus araile.

Duine de na tacaithe ba chrua agus ba dhiongbháilte ar fhoireann Chill Chainnigh ab ea Fan Larkin. Nuair a d’imir Áth Cliath i gcoinne Chill Chainnigh i gcraobhchomórtas Laighean sa bhliain 1978, chuir roghnóirí Átha Cliath Mick Holden mar lántosach i gcoinne Fan Larkin. Ach an oiread liom féin bliana roimhe sin, bhí Fan i bponc. Rinne Mick é scrios, agus rinne dhá chúl agus dhá phointe a scóráil. Ach shábháil Eddie Kehir a fhoireann, Cill Chainnigh, ar an taobh eile den pháirc, ag aimsiú na scór mar ba dhual . Go luath sa bhliain dar gcionn, áfach, bhí ráflaí á scaipeadh i measc lucht leanúna na hiomána i mBaile Átha Cliath go raibh Mick Holden, sariománaí Átha Cliath, ag aistriú ón iománaíocht go peil. Bhí alltacht agus fearg ar mhuintir na hiomána, agus chuaigh slua chuig Páirc an Chrócaigh an Domhnach dár gcionn go bhfeicfidís acu an imreodh Mick leis na hiománaithe an imreodh leis na peileadóirí. Bhí na peileadóirí ag imirt ar an céanna i gcluiche de chuid an tsraithchomórtais. Bhí na ráflaí fíor. Thosaigh Mick ar a sheal a chaitheamh mar pheileadóir sinsearach ar fhoireann Átha Cliath an sin. Bhuaigh bonn Uile Éireann sa bhliain 1983 mar bhall d’fhoireann chlúiteach peile Átha Cliath ar a tugadhan dáréag aspal”. Dar le foireann Átha Cliath, “dáréag aspala bhí iontu, ach réir leagan fhoireann na Gaillimhe den scéal, is cinnte go dtabharfaídáréag lofaar imreoirí Bhaile Átha Cliath mar gheall ar chomh salach is a bhí a gcuid saorimeartha.

Bearna le líonadhIs cosúil gur chuir Kevin Heffernan, a bhí ina bhainisteoir ar fhoireann Átha Cliath ag an am, aithne ar Mick Holden tar éis é a fheiceáil ag imirt i gcluiche peile chlub, Cuala. Mheas go líonfadh Mick bearna ar fhoireann peile Átha Cliath. Bliain roimhe sin, d’imir Kevin Moran a chluiche deireanach ar fhoireann Átha Cliath agus d’fhág an an tír chun sacair a imirt le Manchester United. Ina theannta sin, bhí cuid d’imreoirí gaisciúla na seachtóidí ag dul in aoisPaddy Cullen, Sean Docherty, Gay O’Driscoll is araile. Murab ionann agus na himreoirí sin, bhí Mick óg agus bhí treise nádúrtha aige, agus dearcadh ar nós cuma liom aige i leith na n-ócáidí móra.

Scéal amháin a léiríonn pearsantacht réchúiseach Mick go ndúirt Kevin Heffernan le foireann Átha Cliath, roimh chluiche ceannais na bliana 1979, go raibh táibléid ar fáil ó dhochtúir na foirne do dhaoine a raibh deacrachtaí codlata acu ar oícheanta roimh chluichí móra. Bhí a fhios ag Mick - a bhí ainmnithe mar lántaca ag na roghnóirí roimh an gcluiche - go mbeadh marcáil EoinBomberListon, laoch agus gaiscíoch Chiarraí, faoina chúram. Chuir Mick a lámh in airde agus dúirt go raibh cúpla táibléad ag teastáil uaidh féin. Bhí ionadh ar Heffernan, a dúirt gur shíl i gcónaí nach mbeadh deacrachtaí codlata ag duine mar Holden. “Níl uaim féin atá siad ag teastáil, Kevinarsa Mick, “ach ó mo mháthair. fhaigheann pioc codlata roimh chluiche mór!”Ar ócáid eile, thug comhlacht spóirt éigin bróga peile do gach ball d’fhoireann Átha Cliath, ach fuair Mick bróga difriúla go pearsanta ó chomhlacht eile fosta. Ghlac Mick leis an phéire, ach lena chinntiú nach maslóidh ceachtar den chomhlacht, chaith branda amháin ar chos amháin agus branda ar an gcos eile!Duine uasal ab ea Mick Holden, agus daoine uaisle is iad a mhuintir ar fad. Chuir aithne ar Mick i dtosach mar bhall d’fhoireann iomána an bhoird shóisir iomána a d’imir i gcraobhchomórtas contae Átha Cliath. Blianta fada ina dhiaidh sin, chuir aithne air arís agus a mhac, Pádraig, ag tosú amach mar dhalta i gColáiste Eoin, an scoil ina bhfuil féin ag múineadh. Bhí fós ag plé leis an iománaíocht go dtí a bháis. Bhí ina údar áthais agus bróid gur bhuaigh foireann mionúr Chuala, foireann a raibh ina bhainisteoir uirthi, cluiche tábhachtach ar an sular cailleadh é. Méala mór is ea a bhás chlann, mhuintir, chairde is do lucht Chumann Lúthchleas Gael. Go raibh suaimhneas síoraí air.Is múinteoir scoile é Colm Mac Séalaigh a bhfuil cónaí air i mBaile Átha Cliath. Sheinn ceol leis an ngrúpa Na Fíréin tráth agus cumann amhráin fós. Ceapadh é mar dhuine de roghnóirí iománaíochta Bhaile Átha Cliath ag deireadh 2003.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.