Beo! (freagraí ar: Bás tobann Mick Holden, laoch de chuid CLG) http://www.beo.ie/alt-bas-tobann-mick-holden-laoch-de-chuid-clg.aspx#comments Cailleadh Mick Holden, sárimreoir iomána agus peile a d’imir ar fhoirne Bhaile Átha Cliath sna seachtóidí agus na hochtóidí, ar an 26 Meán Fómhair. Cailliúint ollmhór is ea a bhás, ní hamháin dá mhuintir, ach do CLG i gcoitinne, dar le Colm Mac Sealaigh. ga Cóipcheart Oideas Gael. Wed, 22 Jun 2011 15:19:18 GMT http://www.beo.ie/logo.gif Beo! http://www.beo.ie/ Finín Mac a Bháird http://www.beo.ie/alt-bas-tobann-mick-holden-laoch-de-chuid-clg.aspx#comments Chuir mé féin aithne ar Mick Holden sa bhliain 1979 nuair a bhí an t-ádh orm bheith mar fhear ionaid le Réalta Bhanc na hÉireann ar thuras iontach go Meiriceá. D'imir muid in aghaidh Chiarraí i gceithre chluiche, i gceithre chathair. Ní fhéadfá ach a bheith mór le Mick. Níor chuir rud ar bith isteach nó amach air. Ar an pháirc d'imir sé go crua agus go díograiseach ach ní raibh aon mhailís in aon chor ann. Bhain sé an-sult as an saol agus bhí sé an-chairdiúil le gach duine. Casadh orm é anois is arís sna blianta ina dhiaidh sin agus thigeadh sé chun cainte chugam i gcónaí. Bhí an-bhrón orm nuair a chuala mé gur cailleadh chomh h-óg sin é. Ar dheis Dé go raibh sé. Mairfidh a chuimhne go fada an lá. Finín Mac a' Bháird<br /> Wed, 22 Jun 2011 15:19:18 GMT