tabhair freagratabhair freagra #1 Finín Mac a Bháird 22 Meitheamh 2011, 15:19 GMT
Chuir mé féin aithne ar Mick Holden sa bhliain 1979 nuair a bhí an t-ádh orm bheith mar fhear ionaid le Réalta Bhanc na hÉireann ar thuras iontach go Meiriceá. D'imir muid in aghaidh Chiarraí i gceithre chluiche, i gceithre chathair. Ní fhéadfá ach a bheith mór le Mick. Níor chuir rud ar bith isteach nó amach air. Ar an pháirc d'imir sé go crua agus go díograiseach ach ní raibh aon mhailís in aon chor ann. Bhain sé an-sult as an saol agus bhí sé an-chairdiúil le gach duine. Casadh orm é anois is arís sna blianta ina dhiaidh sin agus thigeadh sé chun cainte chugam i gcónaí. Bhí an-bhrón orm nuair a chuala mé gur cailleadh chomh h-óg sin é. Ar dheis Dé go raibh sé. Mairfidh a chuimhne go fada an lá. Finín Mac a' Bháird
Ár leithscéal, tá cosc ar fhreagraí anois agus deireadh curtha le foilsiú Beo!