AR NA SAOLTA SEO/Ó MHEIRICEÁ ANIAR
Iomaíocht i margadh Meiriceánach na beorach
Brian Ó Broin Brian Ó Broin Brian Ó Broin

Tá 80 faoin gcéad de mhargadh na beorach i Meiriceá roinnte idir Budweiser, Miller agus Coors. Ach ní hionann sin is a rá nach bhfuil na brandaí beaga beorach ag seasamh an fhóid, mar a mhíníonn Brian Ó Broin.

Íomhá
Fógraíodh le gairid go ndéanfaí comhcheangal idir Miller agus Coors
Íomhá
Is le Diageo anois é an t-ollbhranda Guinness
Íomhá
An grúdaire Samuel Adams: chum sé oideas na beorach cáiliúla
Íomhá
Bíonn deis ag an bpobal beoir na grúdlainne Cricket Hill a bhlaiseadh ón dabhach, nach mór
Íomhá

Is cuma más diúgaire nó duine den lucht gnó thú, beidh suim agat sa scéal is déanaí ó ghrúdlanna Miller agus Coors - nó SABMiller agus Molson Coors mar is beaichte a rá. Is iad an dara agus an tríú grúdaire is mó faoi seach i Meiriceá - níl ach Budweiser, “rí na mbeoracha” féin, chun tosaigh orthu. Ar an 9 Deireadh Fómhair, fógraíodh go ndéanfaí comhcheangal idir na comhlachtaí seo ó thaobh a ngníomhaíochtaí Meiriceánacha de. Fós féin, in ainneoin an chomhcheangail, ní sháróidh siad Budweiser, a bhfuil 50 faoin gcéad de mhargadh na beorach i Meiriceá aige cheana féin. Le chéile, ní bheidh ag na comhlachtaí comhcheangailte ach 29 faoin gcéad den mhargadh.

Beidh cuimhne ag Éireannaigh d’aois áirithe ar am nach mbíodh ach trí bheoir - Guinness, Harp agus Smithwicks - ar fáil sa chuid is mó de thábhairní na tíre. Cuireadh leis an rogha sna hochtóidí nuair a tháinig beoracha eile Eorpacha mar Heineken isteach sa tír, agus arís sna nóchaidí nuair a tháinig na beoracha Meiriceánacha isteach.

Mar sin a bhí sé i Meiriceá freisin, a bheag nó a mhór, go dtí le déanaí. D’fheadfá Budweiser, Miller, Coors, b’fhéidir, agus beoir áitiúil amháin a fháil, ach dheamhan eile. B’ag na grúdlanna móra a bhí an margadh uilig, nach mór. Ach tarlaíonn an rud céanna do bheoir is a tharlaíonn do pháirtithe polaitíochta - athraíonn na grúdlanna an táirge agus iad sa tóir ar an gcustaiméir, agus éiríonn an táirge níos leimhe dá bharr. Diaidh ar ndiaidh, imíonn na custaiméirí, go háirithe iad siúd ar maith leo dul sa tseans.

*Athruithe *

Tháinig athrú faoi chúrsaí beorach i Meiriceá ó na hochtóidí amach nuair a thosaigh na grúdlanna ag ceannach grúdlann eile, nó ag ceannach ceart dáileacháin dóibh. Gan dabht, ba é teacht na n-ollghrúdlanna Guinness (ar a dtugtar anois Diageo, ar ndóigh) agus Interbrew (ar a dtugtar InBev anois) sna nóchaidí a las an tine faoi thóin na mórghrúdairí Meiriceánacha. Mar gheall ar mhórchumhacht dáileacháin na n-ollghrúdlanna, bhíodar in ann beoracha nua iasachta a chur ar fáil don ghnáth-thomhaltóir Meiriceánach – beoracha mar Guinness, Harp, Bass, Stella Artois, Becks, Boddingtons, agus Löwenbräu ina measc. Go deimhin, ceannaítear agus díoltar cearta grúdaithe agus dáileacháin na mbeoracha seo chomh minic anois gur deacair a rá cé leis iad níos mó, ach amháin gur fiú breis agus 10 faoin gcéad den mhargadh Meiriceánach beorach iad beoracha ón iasacht anois.

Más fiú 10 faoin gcéad den mhargadh iad, ámh, tá 10 faoin gcéad eile nár áiríodh go fóill – 10 faoin gcéad nach ollbheoracha ná beoracha allúracha iad, ach micribheoracha, ar fiú $8.2 billiún dollar sa bhliain anois iad.

Is fíor go bhfuil rogha na mbeoracha i Méiriceá méadaithe go mór le déanaí, go háirithe mar go bhfuil tá an t-óltóir sásta taiscéalaíocht a dhéanamh agus triail a bhaint as tábhairní nua atá á n-oscailt ar fud na háite. Le fada bhí, agus tá go fóill, lucht ólta Mheiriceá ag éirí písín tuirseach den leacht leamh buí atá déanta as rís ghinchóirithe agus atá ar fáil i ngach tábhairne agus siopa eischeadúnais sa tír. Tá siad ag tiontú ar roghanna eile bliain i ndiaidh bliana.

Is cuimhin liom chomh deacair is a bhí sé beoir éagsúil a aimsiú i gcuid mhaith tábhairní Meiriceánacha, fiú i 1994 nuair a tháinig mé go Champaign-Urbana, ar baile beag ollscoile faoin tuath in Illinois é. Mar go raibh Budweiser ar fáil cheana féin in Éirinn, d’iarrainn ar na tábhairneoirí rud suimiúil a thabhairt dom - rud fíor-Mheiriceánach, rud nua le blas. "Muise," a d’fhaighinn mar fhreagra uathu uilig, "ní rachaidh tú amú le Samuel Adams."

Ré na ngrúdlann beagD’fhéadfaí a rá gur cuireadh tús le ré na ngrúdlann beag leis an mbeoir seo sa bhliain 1985 nuair a grúdaíodh leagan de Samuel Adams Boston Lager ó sheanoideas mar chomóradh ar Patriot’s Day, ar lá saoire oifigiúil in Massachusetts é, i mí Aibreáin na bliana sin. Thaitin an bheoir le pobal Bhostúin, agus cúpla mí ina dhiaidh sin bhain sí duais mhór amach sa Great American Beer Festival. Tá an máthairchomhlacht, an Boston Beer Company, ag dul ó neart go neart ó shin i leith, agus tá aon bheoir déag faoi leith anois á dtáirgeadh acu. Eiseamláir is ea grúdlann Samuel Adams den chaoi ar féidir leis na micribheoracha dul in iomaíocht go rathúil leis na mórbhrandaí, ach más ea, níl sé leis féin. Sa bhliain 1985, nuair a bhain Samuel Adams an duais sin amach, ní raibh ach 93 beoir san iomaíocht don chomórtas. I mbliana, bhí 1,600 iontráil sa chomórtas ó 450 grúdlann faoi leith timpeall na tíre. Agus níl ansin ach na grúdlanna a raibh an t-airgead acu le taisteal go Colorado, an áit a mbíonn an comórtas ar siúl. Tá breis is 1,500 grúdlann faoi leith i Meiriceá anois, agus tá an chuid is mó acu ann le fiche bliain anuas.

Sampla maith de na grúdlanna nua seo is ea grúdlann Cricket Hill, atá suite deich míle uaim in Fairfield Nua-Ghéirsí ar eastát tionsclaíoch. Gach Aoine, idir 5 -7 pm, osclaítear doirse na grúdlainne chun seans a thabhairt don phobal an bheoir a bhlaiseadh mar a thagann sé díreach, nach mór, as an dabhach. Tagann cúpla céad duine gach seachtain, agus is ag an ócáid bhlaiste seo a bhuail mé le Rick Reed, úinéir na grúdlainne. "Cén fáth an ndeachaigh tú sa tseans mar seo?", a d’fhiafraíos de.

"Deamhan cinnteachta a bhí ann”, a d’fhreagair sé, "ní raibh ann ach éiginnteacht. Bhíos díreach i ndiaidh mo phost a chailliúint le comhlacht mór ríomhaireachta, agus chonacthas dom nach raibh todhchaí romham sa réimse sin pé scéal é. Mar sin, agus mé ag tabhairt faoi deara nach raibh grúdlann bheag sa cheantar, chuas le mo phaisean agus chuireas ceann ar bun."

Tá ag éirí thar na bearta leis an ngrúdlann ó shin i leith. Tá teacht ar bheoracha na grúdlainne i siopaí eischeadúnais ar fud an stáit, agus is minic a bhíonn siad le feiceáil fiú sna tabhairní, áit a mbíonn deacrachtaí móra dáileacháin ag na grúdlanna beaga de ghnáth. Is léir, ámh, go bhfuil tabhairneoirí ag seasamh an fhóid in aghaidh na n-ollghrúdlann agus ag cur rogha leathan, agus rogha áitiúil go deimhin, beoracha ar fáil dá gcustaiméirí.

Cor eile sa scéalSa mhargadh mar a bhí sé, ní bhíodh áit ar bith do thabhairní speisialta. Ach is é seo an cor is déanaí sa scéal, go bhfuil tabhairní ag tabhairt bata agus bóthair do na grúdlanna móra agus ag grúdú a mbeoracha féin. Is é seo atá ar siúl ag an Gaslight Brewery, mar shampla, i South Orange, Nua-Ghéirsí, ar fobhaile de chuid Nua-Eabhrac é atá suite cúig mhíle dhéag taobh amuigh den chathair agus a cuireadh ar bun sa bhliain 2000.

Is dócha nár cuireadh iontas orm, mar sin, nuair a d’fhiafraíos de chara de mo chuid le déanaí cad a tharla dár n-iarchomrádaí ollscoile in Illinois. "Nár chuala tú?" arsa mo chara. "D’éirigh sé as a staidéar agus bhunaigh sé grúdlann bheag."

an ghluaiseacht seo le feiceáil fiú in Éirinn anois, le leithéidí an Galway Hooker Brewery i Ros Comáin, grúdlann a bhfuil sé de dhánacht aici sampla na micribheoracha Meiriceánacha a leanúint agus an fód a sheasamh i gcoinne na n-ollbhrándaí Éireannacha mar Guinness agus Smithwicks.

Fáiltímis roimh na beoracha nua seo, a chruthaíonn go bhfuil a leithéid ann go fóill agus comhlachtaí a bhfuil níos mó ná brabús tábhachtach dóibh. Ólaímis dá sláinte!Tá Brian Ó Broin ag obair i Roinn an Bhéarla in Ollscoil William Paterson i Nua-Gheirsí áit a bhfuil sé ag plé leis an teangeolaíocht, Léann na Meánaoiseanna agus an Léann Éireannach. Is as cathair na Gaillimhe ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.