CÚINNE NA nEALAÍON
Léargas nua ar bhuanna Sylvia Plath
Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann

Foilsíodh leabhar le gairid a thugann léargas ar an bhua ó thaobh na healaíne de a bhí ag Sylvia Plath, an scríbhneoir cráite Meiriceánach a chuir lámh ina bás féin ag tús na seascaidí. an saothar suimiúil seo díreach feicthe ag Ciara Nic Gabhann.

Íomhá
Chuir Plath lámh ina bás féin i 1963
Íomhá
Tugann an leabhar Eye Rhymes léargas úr ar an fhile
Íomhá
The Bell Jar: an t-aon úrscéal a scríobh Plath

Nuair a d’éalaigh an file Sylvia Plath ón saol seo ar bhealach tragóideach sa bhliain 1963, d’fhág oidhreacht shaibhir filíochta agus próis ina diaidh, a thug léargas brónach ar a saol truamhéalach cráite.

Mheall ionracas agus stíl fhaoistineach a cuid scríbhneoireachta lucht léitheoireachta dílis chuig saothar Plath. Agus ach an oiread le daoine eile mór le a bhí íocónach agus tragóideach, leithéidí Elvis Presley, Marilyn Monroe agus Jim Morrison, daoine ag léiriú spéis ollmhór inti go fóillina saothar agus sa saol pearsanta a chaith leis an fhile Ted Hughes sular chuir lámh ina bás féin.

Is díol suntais é, mar sin, go bhfuil cnuasach péintéireachta agus líníochta a rinne Plath go luath ina saol, nach raibh feicthe ag an domhan mór riamh roimhe seo, i ndiaidh teacht chun solais i leabhar nuafhoilsithe tar éis do na píosaí ealaíne a bheith fágtha i seanáiléar i dteach mhuintir Plath ar feadh na mblianta.

Saolaíodh Plath i Dheireadh Fómhair na bliana 1932 i mBostún - bheadh 75 bliain d’aois mbeadh beo léi - agus ba mar chomóradh ar a dáta breithe a foilsíodh an leabhar speisialta seo, a bhfuil *Eye Rhymes: Sylvia Plath’s Art of the Visual * (Oxford University Press) mar theideal air, cúpla seachtain ó shin. Is iad Kathleen Connors agus Sally Bayley eagarthóirí an leabhair.

Dúil mhórTugann an leabhar léargas ar an dúil mhór a bhí ag Sylvia Plath san ealaín ó aimsir a hóige, agus ar an dóigh éasca a n-aistríodh idir an scríbhneoireacht agus an líníocht, ag meascadh an rud go nádúrtha réidh lena chéile. Agus í ina girseach óg, chuireadh críoch le dán go dtí go mbíodh léaráid déanta aici le cur leis, agus le linn a déaga dhéanadh cur síos ildaite ar na brionglóidí a bhíodh aici.

Líonadh a dialann, litreacha agus leabhair nótaí scoile le féinphortráidí agus breacaireacht, agus lean don líníocht go dtí gur thosaigh ag freastal ar Smith College agus í fiche bliain d’aois. Is ansin a d’éirigh as an líníocht go huile is go hiomlán lena haird a dhíriú go lánaimseartha ar an scríbhneoireacht.

Tugtar léargas in Eye Rhymes ar spiorad fiosrach cruthaitheach na mná óige seo tríd an saothar eispriseanaíoch nua-aimseartha a scríobh , chomh maith le grianghraif agus íomhánna faisin de chuid Plath atá curtha i gcló den chéad uair anseo. Nochtann an híomhánna seo cuid de na téamaí a thiocfadh i mbláth ina cuid próis agus filíochta níos moille ina saol.

Bhain Plath aitheantas amach di féin lena cuid filíochta agus leis an aon úrscéal amháin, The Bell Jar, a scríobh sa bhliain 1963. Is leabhar dírbheathaisnéiseach é, ina ndéantar cur síos ar an chliseadh néarógach a tharla di agus í sa choláiste, ach cuntas ficseanúil is ea é inar athraigh sonraí ar nós

ainmneacha daoine. Bhí saol pósta cointinneach míshocair aici lena grá mór, Ted Hughes, agus b’airsean a chuir go leor daoine an locht nuair a chuir deireadh lena saol.

32 íomhá éagsúil saothar, idir dhaite agus dhubh agus bán, le feiceáil sa leabhar, chomh maith le samplaí machnamh ar a saol agus í in aois a leanbhaoiseiad ar fad foilsithe sa leabhar seo den chéad uair. Leis an leabhar a cheiliúradh, táthar ag caint ar cheolchoirm a eagrú sa Royal Festival Hall i Londain, a mbeadh an punc-cheoltóir Patti Smith, le cois Alanis Morissette agus Alan Rickman, i láthair aici mar aíonna.

Is as Doire ó dhúchas í Ciara Nic Gabhann agus ag obair mar mhúinteoir ealaíne i meánscoil nua lán-Ghaelach in Inis Eoghain i mbliana.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.