123
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Is duine é Donncha Ó hÉallaithe a bhfuil blianta caite aige i mbun feachtas chun an Ghaeilge a chosaint mar theanga pobail sa Ghaeltacht. Bhí baint mhór aige le bunú Theilifís na Gaeilge agus tá sé ar a dhícheall faoi láthair ag iarraidh a chinntiú nach féidir le daoine gan Ghaeilge cead pleanála a fháil sna ceantair Ghaeltachta. Labhair Rónán Mac Con Iomaire leis faoin saol atá caite aige agus faoi chuid de na ceisteanna atá ag dó na geirbe aige.
»»»Tá na scannail ghnéis go léir a tháinig chun solais le tamall anuas ag déanamh an-dochair don Eaglais Chaitliceach i Meiriceá. Tuairisc ó Tom Deignan.
»»»Tá go leor de phobal na hAstráile i gcoinne an chogaidh san Iaráic ach tá formhór na nuachtán ag tacú le polasaí an rialtais, a deir Dáithí Ó Colchúin.
»»»Tá an eagraíocht Colmcille ag súil go meallfaidh an fhéile atá á heagrú acu ar dhá oileán Albanacha i mí an Mheithimh go leor Éireannach, a deir Deirdre Daly.
»»»An té a leanfas conair Rónán Mhic Aodha Bhuí suas don Spáinn, gheobhaidh sé focal comhairle san alt seo le Tony Birtill, óir tá taithí na mblianta ag an fhear chéanna i sliabhraonta Míleadh.
»»»Tá an t-ionsaí ar an Ionad Trádála Domhanda tar éis Meiriceá a athrú ó bhonn. Feiceann Barra Ó Donnabháin comharthaí, áfach, go bhfuil acmhainn grinn na Meiricéanach á taispeáint féin arís.
»»»San alt rialta seo, ceistíonn Beo! duine as eagras, comhlacht nó institiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu. An mhí seo: Damian Mac Gabhann, Áras Chrónáin, Cluain Dolcáin, Baile Átha Cliath.
»»»Tá an leac oighir ag leá thar mar a bhí riamh cheana le cuimhneamh an duine agus tá oileáin oighir ag síneadh amach ar an snámh thar mar a raibh súil ag éinne leo. Tuigeann Tomás Ó hAodha go bhfuilimid i gcontúirt cheana féin.
»»»Molann Roseanne Smith go ndéanfaí roinnt athruithe in oiliúint lucht ríomhaireachta in ollscoileanna na hÉireann go luath. Tá réimse den mhargadh nach bhfuiltear ag díriú aird mar ba chóir fágtha lag lúbach.
»»»Tá cur amach ag Tomás Ó hAodha ar fhear na bhfrachtal, fear a cheap cuma na matamaitice do chuma aiceanta an dúlra thart orainn ar fud an domhain.
»»»Sa dara halt seo de thrí cinn, féachann Pat Butler ar a méid a thit amach do pháirtí Fhianna Fáil ó bhlianta an Dara Cogadh Domhanda go dtí teacht chun cinn Chathail Uí Eochaidh sna seascaidí.
»»»Aithníonn an dream siúlach a chéile. Chuir Diarmuid Johnson aithne na léitheoireachta ar Pholannach iontach a shiúil ó cheann ceann na hAfraice agus ar ais le cuidiú seanrothair.
»»»Sa chlár teilifíse “Room 101” (a bhíonn le feiceáil ar BBC 2) faigheann aíonna deis rudaí nach maith leo sa domhan seo a chur isteach sa seomra áirithe sin chun fáil réidh leo. Samhlaíonn Robert McMillen céard a tharlódh dá mbeadh leagan Gaeilge ann den chlár.
»»»Tá Ciara Nic Gabhann ag dréim go mór le Fleadh Cheoil na hÉireann a fheiceáil i nDoire Chalgaigh an bhliain seo chugainn.
»»»Míníonn Ciara Nic Gabhann gur ghlac sé breis is scór go leith bliain ó am a choimisiúnaithe le pictiúr Conrad Atkinson a chrochadh i nDánlann i mBéal Feirste.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.