AR NA SAOLTA SEO
Mar atá fós …?
Pat Butler Pat Butler

Sa dara halt seo de thrí cinn, féachann Pat Butler ar a méid a thit amach do pháirtí Fhianna Fáil ó bhlianta an Dara Cogadh Domhanda go dtí teacht chun cinn Chathail Eochaidh sna seascaidí.

Íomhá
Éamon de Valera
Íomhá
Íomhá
John Charles McQuaid
Íomhá
Cathal Ó hEochaidh (lár) sna seascaidí

Bhí a fán ngrian ag Dev tar éis uasal le híseal a dhéanamh le Churchill leis an gcraoladh cáiliúil inar thug freagra ar an seanmheisceoir. Ba chliste a thagairt mhagúil do Churchill bheithin the first flush of victorynuair a labhair ar an BBC.

Bhí tréith fhoirfe ghrinn in Dev, rud nach n-aithnítear go minic. Fad a bhí Dev fán spotsolas lár stáitse, bhí glúin óg náisiúnaithe anois ar na cliatháin a mheas nach raibh an toil an fuinneamh fágtha i bhFianna Fáil chun tabhairt faoinNational Questiona raibh Martin Corry chomh tógtha san leis go a bháis.

Thug an Cogadh sonc ar aghaidh do dhreamanna éagsúla easaontais, ina measc Ailtirí na hAiséirí de chuid Ghearóid Chuinneagáin. Bhí claontaí faisisteacha iontu, macalla na haoise. “An Náisiún Gaelachbuacach, b’in a bhí uathu. Chun an aidhm sin a bhaint amach, dhéanfaidís saol iomlán Gaelach a chruthú ar bhonn pearsanta laethúil.

Bheadh cosc iomlán ar Bhéarla sa teaghlach. labhrófaí ach Gaeilge amuigh sa saol. Is iomaí giolla ticéad bus agus traenach a náiríodh nuair nár thuig an Ghaeilge. An teoiric a bhí laistiar den bhfeachtas seo acu go rabhadar lándáiríre faoi aidhm an Stáit i leith athbheochan na Gaeilge, agus go ndéana Dia trócaire ar aon ísleachán oifigiúil nár thuig chomh dáiríre is a bhíodar!

Teoiric mhaith, toradh truamhéalach uirthi. Ba mhó an líon daoine a chasadar go paiseanta i gcoinne na Gaeilge mar a mhealladar riamh ar bord leo. Níor chabhraigh an mana a bhí intuigthe i gcónaí – “an Ghearmáin Good, Sasana Bad”. Níor chabhraigh ach oiread an ciníochas frith-Ghiúdach a bhí le sonrú i gcuid bhfoilseacháin.

Nuair a bunaíodh Clann na Poblachta, mealladh a lánailtiría raibh fócas polaitiúil de dhíth orthu isteach sa pháirtí nua. Iar-Cheann Airm an IRA, Sean McBride, a bhí i gceannas air. Mac an Mhaoir Airm John McBride, adrunken vainglorious louta

claochlaíodh, dar le Yeats, i gClós fuilteach an tSaor Cloiche i gcarcair Chill Mhaighnean. Bhí Clann na Talún ar an bhfód chomh maith. Sinn Fein imeallaithe, anois go raibh an neamhláithreachas ina dhlúthphrionsabal, seachas ina pholasaí acu. Bhí Dev i gcumhacht go leanúnach anois ar feadh bliana déag. Thug an pobal bata agus bóthar in olltoghchán na bliana 1948, in ainneoin an borradh suntasach a chuir Fianna Fáil faoi thógáil thithe Bardais agus Chomhairle Chontae. raghadh an borradh sin gan aithint thionscal na tógála, áfach; fada go mbeadh an buíochas sin íoctha leis bPáirtí, le hús.

Ach níorbh é ceannaire Fhine Gael, Risteárd Mulcahy, a toghadh ina Thaoiseach. McBride faoi ndear sin. raghadh in aon chomhrialtas le Fine Gael mbeadhbúistéir an chogaidh chatharthaina Thaoiseach. Sheas Mulcahy ar leataobh. dath an tírghráthóra curtha ar an mbeart ag Fine Gael ó shin. An fhírinne lom, ghoill go mór arDickie Mul”, ach raibh an dara rogha aige. John A. Costelloe a ghlac séala na hoifige ón Uachtarán, agus bhí seal mífhoighdeach ag Dev ar bhinsí an Fhreasúra.

bhí mífhoighid ar Dev, is cosúil nach raibh a chuid iarairí sinsearachaLemass, Mac an tSaoi, Frank Aikenag cothú iomarca tinnis , bíodh is gur i bhfad ó theas na cumhachta ar chúlbhinsí an Fhreasúra a fágadh iad. Ar bhealach, is trua sin. Deir John A. Murphy, le hiarracht den gceart aige, go raibh seal Dev mar pholaiteoir / státaire tugtha thús na gcaogaidí. raibh ceachtar den phríomhaidhm náisiúntaathaontú na tíre agus athbheochan na Gaeilgebainte amach aige agus bhí an geilleagar in umar na haimléise.

Ó bhlianta an chogaidh ar aghaidh, thóg plúr na bhfear is na mban óg an bád bán go Sasana. I mo thaithí féin, raibh oiread agus teaghlach i gCorcaigh nach raibh duine beirt as ag saothrú le Fords in Dagenham Essex. Thagaidís abhaile don Nollaig, puntaí na Banríona á gcaitheamh timpeall acu sna tábhairní amhail is gur choinfití ag bainis a bhí sna pócaí acu. Gheibhimísne, na páistí, pacaíSpanglesagusGemsuathu, milseáin nach raibh díol fáil orthu abhus. Tuin bhreá Chocnaí ag chuile dhuine díobh, ag fiafraí dínn, “Ave ye bin oiver, mait?”

chuirScéim Máthair is LeanbhNoel Browne caidhp an bháis ar chéad chomhrialtas Fhine Gaelbachall John Charles McQuaidag treascairt an tslua is ag tuargain treoni measc Fheisirí faona ar dhá thaobh na Dálafáiltíodh arís roimh Fhianna Fáil Dev in olltoghchán na bliana 1951. Is trua nár léigh Dev ina chroí istigh go raibh an deis cheart anois aige chun éirí as a Thaoiseacht agus a cheannaireacht ar Fhianna Fáil. Bhí polasaithe geilleagracha Lemass fadbhreathnaitheach, ach tháinig coimeádachas sóisialta an Rialtais idir é agus an beart a scaoilfeadh laincisí bhlianta an éadóchais, an ceann , agus meon tánaisteach an iarchoilíneachais eacnamúil a bhí ionainn go léir an tráth sin. deinimis dearmad go raibh láithreacht thuarach Dev (cad déarfadhan fear fada?”) ag oibriú mar choscán neamhráite ar chuile shaghas nuaíochta, ar chuile shórt dul sa tseans. A bhuíochas san stuaic, agus is in olcas a d’imigh cúrsaí. Bhí sruth na himirce ina thuile bhuí faoi 1954. Bhí Fianna Fáil as cumhacht arís.

An corpán ag corraí

Bhí cúig bliana is seachtó ag Dev nuair a bhain cumhacht amach arís sa bhliain 1957. chuirfí aon cheangal ar Lemass an babhta seo. Sheol an Chéad Chlár um Fhorbairt Gheilleagrach i 1958. Leagadh na fáil chosanta thar oíche agus chorraigh corpán a bhí fada ina shuan. Mealladh tionscail thar farraige anall le deontais agus pacáistí fabhracha cánach. Bhí borradh nua san aer, agus cad a rinne m’athair Pat, an fear sa gharda onóra le Dev in athshealbhú na gcalafort cabhlaigh ar Inis Pic i 1938, ach a chéad ghluaisteáncarr athláimhe, Ford Prefect, uimhir DPI 206 – a cheannach.

Fad a bhí sinne ag tréigint bhus Bhun an tSábhairne agus thraein Eochaille, an bóthar go hiarthar Chorcaí agus go Ciarraí féin anois faoinár rothaí, tháinig Seán Lemass i gcomharbacht ar Dev faoi dheireadh sa bhliain 1959. Chuir an pobal Dev chun na Páirce mar Uachtarán an bhliain sin leis, ach cheil siad díbhunú an chórais PR ar Fhianna Fáil sa reifreann a cuireadh chucu an céanna. Críonnacht na muintire, gan cheistsa dara beart, scéal é!

Nach sinne a bhí soineanta agus bua na muintire á cheiliúradh againn. Cúpla bliain roimhe sin tháinig grúpa de thógálaithe agus cuntasóirí le chéile, fir airgid, chun tacaíocht a thabhairt d’Fhianna Fáil.

An cuspóir a bhí acu Fianna Fáil a choimeád i gcumhacht go deo na ndeor. Dhein Fianna Fáilan rud ceartina leith, thógadar lear mór tithe poiblí.

Ghlanadar amach na slumaí ba lofa, ceann i ndiaidh a chéile. An loighic shimplí a bhí ag an ngrúpa seo , “an rud a bhí go maith don tógálaí, bhí go maith d’Fhianna Fáil; is an rud a bhí go maith d’Fhianna Fáil bhí go maith don tír”. Féinchothú agus tírghrá ar lámha a chéile. Bhí Matt Gallagher, tógálaí, is a chairde chun tosaigh sa ghrúpa. Fir mar Des Traynor, cuntasóir Matt Gallagher, chun tosaigh leo chomh maith.

Chloisfí an ainm sin arís amach anseo. Is ait í an abhainn gan tobar. An t-ainm a thugadar orthu féin TACA.

Ó hEochaidh

Bhí fear óg eile ar na cliatháin pholaitiúla an tráth sin leis. Cuntasóir eile. Mac Óglaigh a chuaigh mar Oifigeach in Arm an tSaorstáit i 1922. Cathal Ó hEochaidh ab ainm . Nuair a roghnaigh Gallagher agus Traynor an fear lasrach éirimiúil seo mar shiombail ar an Éire nua a bhí á chruthú acusan, Gile Mear Éire nua na sainte agus an rachmais, bhí marc cinniúnach curtha acu ar scéal Fhianna Fáil sa dara leath den bhfichiú haois, marc nach bhfaighimis amach faoi go ceann daichead bliain eile.

San idirlinn, bhí rath ar rialtas mionlaigh Lemass ar shála olltoghchán na bliana 1961. Thóg fir óga uaillmhianacha isteach sa Rialtas leisBrian Lenihan, George Colley, Donogh O’Malley, Patrick Hillary agus, sea, céile a iníne Maureen, Charles Haughey. Bhí borradh faoin ngeilleagar, é ag fás 4% in aghaidh na bliana. Rath ar an dtír faoi dheireadh. Dhíol Pat, m’athairse, an Ford Prefect i 1963 agus cheannaigh Ford Cortina Mark 1 úrnua i gCorcaigh agus an Clár um Fhorbairt Gheilleagrach á sheoladh ag Sean Lemass i mBaile Átha Cliath. Idir theilifís RTÉ agus chuairt an Uachtaráin Chinnéide ar Éirinn, bhíomar déanta suas ar fad. Ghairm Donogh O’Malley an Scéim Saor-Oideachais Iar-bhunscoile i 1966, agus bhí an chuma ar chúrsaí mbeadh gann arís ag éinne, anois go raibhbáid uilig Lemass ag ardú ar an taoide”.

Bhris Lemass an tost fada fuar idir Baile Átha Cliath agus Béal Feirste. Bhí rath ar na teagmhálaithe sin go dtí go dtáinig ceiliúradh buacach na Cásca i 1966 idir Terence O’Neill agus a chara i dTeach Laighean. bhí fuacht san aer ar feadh tamaillín eatarthu, raibh ann ach réamhaisnéis ar an gcíor thuathail a bhí le teacht. D’éirigh Lemass as oifig agus as ceannaireacht Fhianna Fáil i na Samhna 1966. Deireadh . Tús eile.

Sular éirigh pluais Lemass fuar ar a imeacht, bhí na leoin óga i ngleic mharfach lena chéile faoi chraobh cheannaireacht Fhianna Fáil. Agus faoin sméar mhullaigh a d’imigh leis an onóir sinTaoiseacht Éireann.

Nochtadh pór eile ar fad polaiteora de dheasca ghlámaireacht na mboc óg, pór nach n-aithneodh seanfhondúirí ar dhul Martin Corry, is nach sásódh iad ach oiread.

Críochnófar an triptych seo in eagrán na míosa seo chugainn de Beo!, fán dteideal: “Fianna Fáilmar a bheas go brách le saol na saol ...?”

Is as Corcaigh ó dhúchas é Pat Butler. *Is craoltóir le RTÉ agus Stiúrthóir Scannán é. *

Bhuaigh Iriseoir Teilifíse na Bliana i nGradaim Náisiúnta na Meán i 1998 scannánBallyseedy”. *Sa bhliain 2000, bhuaigh Gradam Cumarsáide an Oireachtais - Teilifís doKilmichael”. Scríobhann colún míosúil don nuachtán Foinse.*

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.