166
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Beidh sraith nua d’fhoghlaimeoirí Gaeilge, Turas Teanga, le feiceáil ar RTÉ agus ar TG4 ó dheireadh na míosa seo ar aghaidh, sraith a chuir comhlacht as Conamara, Abú Media, le chéile. Labhair Odi Ní Chéilleachair le duine de bhunaitheoirí an chomhlachta sin, Bríd Seoighe, faoin tsraith seo agus faoi na tionscadail shuimiúla eile atá idir lámha ag an gcomhlacht.
»»»Tá go leor bainte amach ag an scoláire agus scríbhneoir Angela Bourke as Baile Átha Cliath ó chuaigh sí leis an léann ar dtús suas le tríocha bliain ó shin, go háirithe le tamall de bhlianta anuas. Bhí a saothar The Burning of Bridget Cleary, mar shampla, i measc na leabhar ba mhó díol in Éirinn agus bronnadh duais litríochta de chuid an Irish Times air sa bhliain 2001. Labhair Bernardine Nic Giolla Phádraig léi i mBaile Átha Cliath le gairid.
»»»Áisiúlacht agus daonlathú na teicneolaíochta trí acra cliste a úsáid in áit an tseanleabhair nóta, abair, sin é a tharraing aird Roseanne Smith an mhí seo. Beidh ré an leabhair nóta ag téaltú leis feasta. Sluafhoinsiú a bhí ar bonn ag Roseanne a spreag an macnamh ar Things don Apple agus Remember the Milk.
»»»Tá Pat Butler den tuairim go bhfuil sáraisteoir óg eile chugainn. Molann sé dúinn suntas a thabhairt don ainm Tahar Rahim anois, nó cloisfear go leor faoi amach anseo.
»»»Is eol do Chiarán Mac Aonghusa go mairimid i saol santach agus go maraítear daoine thart orainn le luach táirgí a choinneáil íseal.
»»»Féachann Douglas Dalby ar an nasc láidir atá idir Glasgow Celtic agus na hÉireannaigh ó bunaíodh an club sacair cáiliúil seo in 1888, agus ar an tslí ar thug club misneach dóibh agus iad ag streachailt le cothrom na Féinne a bhaint amach i sochaí sheicteach.
»»»Bhí fear fochaide BEO, an tUasal Balor Béimeann, ag meá na Dála úire le fear meáite dálaí úire, Bertram Ó Hernia, ID (.i. Im[th]eachta Dála).
»»»Tá daoine ag dul amú agus solas acu. Molann Tony Birtill san alt seo athrú dearcaidh agus cur chuige gnó nach gcosnódh a dhath sa bhreis, ach a chnuasódh saibhreas céadach i saol na turasóireachta.
»»»Ní bheidh toghchán na huachtaránachta ar siúl sna Stáit Aontaithe go ceann bliain go leith eile ach, mar a mhíníonn Brian Ó Broin, tá an feachtas faoi lán seoil anois le tamall anuas.
»»»Agus tréimhse na n-oícheanta fada dorcha buailte linn arís, tá gach seans go mbeidh tú sa tóir ar ghiota beag siamsaíochta le gruamacht an gheimhridh a mhaolú. Molann Eithne Ní Ghallchobhair bealach amháin leis an am a mheilt: dul isteach i gCairde Rince Céilí na hÉireann!
»»»D’fhág Margaret Thatcher oidhreacht nach raibh sí ag dréim leis ina diaidh. Ní bheadh sí róshásta le cuid den oidreacht sin dar le Robert McMillen. Ó thaobh daoine eile in Éirinn, déarfaí nach róshásta lena hoidhreacht ach an oiread léi atá chuid acu.
»»»Míníonn Colm Mac Séalaigh cén fáth a bhfuil an tsuim sna cluichí Gaelacha ag fás an t-am ar fad, go háirithe i mBaile Átha Cliath.
»»»Chaith Cóilín Ó Floinn seachtain i nGaeltacht na hAlban an samhradh seo caite agus chuaigh an cultúr agus na daoine i bhfeidhm go mór air.
»»»Anois ar theacht an tsamhraidh, beidh Pól Ó Muirí níos cruógaí ná mar a bhíonn de ghnáth. Agus níl éalú ar bith i ndán dó agus na páistí ar saoire ón scoil!
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.