111
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Tá ag éirí le Hector Ó hEochagáin, láithreoir an chláir “Amú Amigos” ar TG4, daoine a mhealladh i dtreo na Gaeilge nár chuir suim sa teanga riamh cheana. An mhí seo caite, mar shampla, dúirt criticeoir teilifíse an Irish Independent - nuachtán nach bhfuil cáil na Gaeilge air - gurb é “Amú” an clár is fearr taistil ar an teilifís. Thug Ken Buckmaster aghaidh ar Ghaillimh le labhairt le Hector.
»»»Is minic a théann sé dian ar dhaoine idirdhealú idir muintir na Nua-Shéalainne agus muintir na hAstráile, ach tá bunadh na Nua-Shéalainne an-bhródúil go deo as a gcultúr agus féiniúlacht féin, mar a mhíníonn Ruth Nic Giolla Iasachta.
»»»Dhá shléacht gan chéill, sa Bhrasaíl agus san Ísiltír. Léiríonn an dá chás, dar le Alex Hijmans, nach gá go gcuirfeadh reachtaíocht dhian ar úinéireacht airm bac ar ár mar sin titim amach.
»»»Bíonn blas ar an mbeagán agus ní maith an rud barraíocht, de réir na seanfhocal. Feictear do Sheosamh Ó Riain gurb shin é go díreach i dtaca le luiteamas na hóige le suímh idirlín.
»»»Tá Colm Mac Séalaigh den tuairim go bhfeicfimid cur is cúiteamh ag teacht chun cinn anois faoi íocaíocht bainisteoirí i gCLG ó tharraing Uachtarán an Chumainn, Criostóir Ó Cuana, an t-ábhar aníos ina aitheasc ag an gComhdháil bhliantúil.
»»»Eagraíodh comórtas Toigh Chorragáin i mBaile na Lorgan, Muineachán, a tharraing aird agus cur is cúiteamh. Tharraing sé aird Ghráinne Campion fosta.
»»»Beidh Oireachtas na Samhna ar siúl i gContae Mhaigh Eo i mbliana agus is é Tadhg Mac Dhonnagáin, arb as Maigh Eo ó dhúchas é, atá roghnaithe mar uachtarán ar an fhéile. Mhínigh sé do Shinéad Ní Ghuidhir cén fáth a bhfuil sé chomh tógtha sin leis an bhféile.
»»»Cé gur cuireadh tús leis an bpeil Astrálach i Melbourne, níl ag éirí go maith le foireann na cathrach sin le roinnt blianta anuas. Táthar ag súil, áfach, go dtiocfaidh feabhas ar an scéal sin, a deir Bearnaí Ó Doibhlin.
»»»Lá ’le Pádraig, lá ceiliúrtha na nGael ar fud an domhain ag teannadh linn. Ach céard faoi Lá ’le Palladius a cheiliúradh? Ardaíonn Donncha Ó hÉallaithe an cheist faoin easpa aitheantais a thugtar don té a chuir an Pápa Celestine go hÉirinn sa bhliain 431AD.
»»»Tá Neasa Ní Chinnéide ar shos gairme faoi láthair óna post mar Cheannasaí Rannóg na gClár Gaeilge in RTÉ. Níl sí díomhaoin, áfach, mar a fuair Ailín Ní Chonchúir amach nuair a thug sí cuairt uirthi le déanaí.
»»»Rith smaoineamh maith le heagarthóir na hirise Hot Press chun poiblíocht a fháil d’albam nua Kíla ach, mar a mhíníonn Colm Ó Snodaigh, bhí an-bhrú agus strus i gceist nuair a chuathas isteach sa stiúideo le tabhairt faoin tionscadal.
»»»Cuidíonn duine thall is abhus le gné éigin de chultúr daoine, cromann agus imíonn ar lár. Chonaic Tony Birtill Nollaig bhog a d’fhág ‘an reilig mhéith’ agus méala ar na Gaeil i Learpholl.
»»»Idir chontúirt an chogaidh eithnigh agus chonarthaí d’airm ollscriosúla, tá riar a dhóthain á chíoradh ag Maidhc Ó Cathail san alt seo ar bhagairt na Cóiré Thuaidh (22,665,345 duine, 2009) ar Iarthar Domhain.
»»»Míníonn Colm Mac Séalaigh cén fáth a bhfuil an tsuim sna cluichí Gaelacha ag fás an t-am ar fad, go háirithe i mBaile Átha Cliath.
»»»Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: ar ais ag obair i ndiaidh shaoire na Nollag.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.