CÚRSAÍ SPÓIRT
An Íocaíocht!
Colm Mac Séalaigh Colm Mac Séalaigh

Tá Colm Mac Séalaigh den tuairim go bhfeicfimid cur is cúiteamh ag teacht chun cinn anois faoi íocaíocht bainisteoirí i gCLG ó tharraing Uachtarán an Chumainn, Criostóir Ó Cuana, an t-ábhar aníos ina aitheasc ag an gComhdháil bhliantúil.

Íomhá
Cumann na nImreoirí
Íomhá
Ciarán Mac Géibheannaigh, rúnaí Chumann na nImreoirí
Íomhá
Uachtaráin
Íomhá
Ag obair go deonach
Íomhá
CLG

ráflaí láidre le roinnt mhaith blianta anuas i dtaobh íocaíochtaí neamhoifigiúla, neamhrialta agus neamhrialaithe, a bheith á ndéanamh le bainisteoirí foirne peile agus iomána, idir fhoirne clubanna agus fhoirne contae. Is nós é seo atá glan i gcoinne rialacha an Chumann Lúthchleas Gael. Ba é an port oifigiúil a bhí ag CLG ná nach raibh aon fhianaise ar fáil go raibh daoine á n-íoc agus narbh fhéidir leis an gcumann dada a dhéanamh dá bharr sin. Ach, ina aitheasc fada, cuimsitheach ag Comhdháil Bhliantúil Chumann Lúthchleas Gael ar na mallaibh, dúirt an tUachtarán, Criostóir Ó Cuana, go raibh dúshlán mór roimh chlubanna agus roimh chontaetha na heagraíochta maidir le híocaíochtaí a dhéantar le bainisteoirí foirne peile agus iománaíochta.

Ba gheall le galar ar nós ailse a bheith ag creimeadh na heagraíochta an íocaíocht mhídhlisteanach seo a dúirt an tUachtarán Ó Cuana go neamhbhalbh leis na baill agus tá sí á cothú ag easpa agus ag droch-cheannaireachta agus bíonn sí á stiúradh go grinn trí dhreamanna ar a dtugtar ‘clubanna tacaíochta’ agus ‘cairde an CLG’. Na daoine atá ag cur na n-íocaíochtaí chun cinn ná daoine nach bhfuil uathu ach spriocanna gearrthréimhseacha a bhaint amach, gan tuiscint acu ar ná suim acu i rialacha nó rialacháin na heagraíochta. Dúirt an tUachtarán nach raibh an cleachtas seo at teacht leis an ‘ethos deonach’ agus an ‘stádas amaitéarach’ a bhaineann go dlúth le CLG.

Ceisteanna le Cur

Chuir Ó Cuana ceisteanna mar seo a leanas ar na baill: cén fáth go bhfuilimid ag séanadh (go bhfuil íocaíocht a déanamh)? Cén fáth go gcraolaimid luachanna nach gcloítear leo? Nach mithid dúinn seasamh a ghlacadh os comhair an tsaoil?

Dúirt an Cuanach go raibh roinnt contaetha ag cliseadh ina gcuid dualgas ar na ceisteanna seo agus go mba dhiomailt ama ag an eagraíocht dúnghaois a cheapadh mura gcuirfí i bhfeidhm í. Chreid sé, a dúirt sé, go mba ghá do na baill dul chun cinn na heagraíochta a mheá agus an cineál eagraíochta atá uathu a shainiú.

Dúirt sé go bhfuil croíluachanna ann a shuimíonn an CLG agus go dtugann sé féin tacaíocht agus dílseacht do na luachanna sin i gcónaí. Dúirt sé leis na baill go gcaithfidís obair go dian chun na luachanna sin a chosaint agus a chumhdach más é go dteastaíonn uathu bonn an CLG a choimeád slán. Mar fhocal scoir ar an ábhar, rinne sé bagairt mar seo a leanas: ní mór aghaidh a thabhairt ar aon chliseadh ar dhílseacht do rialacha na heagraíochta agus níl ach réiteach amháin ar an gceist agus is é sin tacaíocht airgeadais a choinneáil siar ó chontaetha a sháraíonn rialacha an amaitéarachais.

Dar ndóigh, ní aontaíonn gach duine sa CLG leis an Uachtarán ar an ábhar seo. Dar le hiariománaí de chuid Chill Chainnigh, Eddie O Connor, níl in Uachtarán an CLG, Criostóir Ó Cuana, agus in go leor eile de lucht ‘Pháirc an Chrócaigh’ ach amadáin agus fimínigh nach dtuigeann an obair atá ar siúl i measc bhaill na gclubanna timpeall na tíre. Dar leis nach mbaineann sé beag ná mór le maorlathas an CLG má chinneann club nó coiste chontae bainisteoir ‘ón taobh amuigh’ a fhostú. Duine eile nach bhfuil ar aon intinn le Criostóir Ó Cuana ach oiread, más fíor, ná Barry O Brien, Cathaoirleach Choiste Thiobraid Árann. Dealraíonn sé go bhfuil an Brianach ar son an cead a bheith ag coiste contae bainisteoir a fhostú agus a íoc. Dar leis gur chóir ‘réiteach nua-aimseartha’ a fháil ar an bhfadhb.

Roinnt á nÍoc agus Roinnt nach bhFuil

Cad iad na pointí argóna atá ar son íocaíochtaí a thabhairt do bhainisteoirí? Luaiteoir go minic go bhfuil go leor daoine fostaithe agus tuarastal á íoc le fada ag an gCumann Lúthchleas Gael chun na cluichí a chur chun cinn. Tá Ardstiúrthóir agus a fhoireann rúnaithe agus lucht riaracháin i gcoitinne sa cheannáras náisúnta i bPáirc an Chrócaigh. Tá rúnaithe agus lucht riaracháin fostaithe ag gach cúige agus ag gach contae chun an obair sin go léir nach mbeadh an t-am ná na scileanna ag oibrithe deonacha a dhéanamh chun eagraíocht chomh mór agus chomh tábhachtach leis an gCumann Lúthchleas Gael a riaradh ar bhonn láidir, sásúil. Ar an ábhar sin, de réir na hargóna, tá sé inghlactha go n-íocfaí bainisteoir foirne a bhfuil taithí agus saineolas aige agus a mbíonn air a lán ama agus dua a chaitheamh ag ullmhú na foirne, ag plé le lucht leighis, ag bualadh le lucht na meán, ag taisteal anseo is ansiúd agus mar sin de.

Ina choinne sin, áfach, is fíor chomh maith go gcaitheann imreoirí idirchontae, agus imreoirí club chomh maith, mórán dá gcuid ama agus dúthrachta i mbun traenála agus ag fáil faoi réir le haghaidh chluichí. I bhfocail eile, déanann imreoirí íobairtí móra ar son na cúise freisin agus más é sin an tslat tomhais a bhaineann le bainisteoirí a íoc is dóigh go mba chóir imreoirí a íoc chomh maith.

Feicfimid Linn

Dar ndóigh tá bealaí eile le déileáil leis na deacrachtaí éagsúla a bhaineann le hullmhú agus le traenáil foirne peile agus iomána, bealaí nach mbeadh costas mór ná íocaíocht ag baint leo. Ina measc sin d’fhéadfaí treoirlínte agus nósanna imeachta soiléire a leagan síos. D’fhéadfaí srian a chur le húdarás agus le ceannas na mbainisteoirí. Faoi mar atá i láthair na huaire, bíonn bainisteoirí ina ndeachtóirí beaga go minic a deir le coistí contae, le clubanna, le himreoirí, le scoileanna agus le coláistí cén uair atá nó nach bhfuil cead acu cluichí a imirt agus a bheartú. Tá cumhacht as cuimse ag bainisteoirí idirchontae agus caithfidh an CLG a ról a shainiú níos fearr agus ualach na hoibre a laghdú dóibh. D’fhéadfadh imreoirí, tríd a n-eagraíocht féin, an GPA, a ról agus a seasamh féin maidir le ‘híobairtí’ atá réasúnta nó míréasúnta a shainiú agus a chur in iúl do bhainisteoirí agus do choistí contae.

Gan amhras ar bith, is cnámh spairne é ceist na híocaíochta i gCLG. Nuair a dhéanann Uachtarán na heagraíochta ráiteas an-láidir mar a rinne Criostóir Ó Cuana ní beag sin. Tá dúshlán tugtha aige do bhaill an Chumainn agus braitheann todhchaí an CLG ar cén taobh den argóint a dtabharfaidh mórchuid de na baill a dtacaíocht dó.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.