154
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Bhuail Robert McMillen le fear de bhunadh na hAirgintíne is de bhunadh Chlann Mhic Lochlainn Anghaile agus na sean-Mhí. Is é Guillermo Mac Loughlin eagarthóir an nuachtáin La Cruz del Sur, nó Crois an Deiscirt, san Airgintín.
»»»Féachann Ciara Nic Gabhann siar ar shaol an bheochantóra Joseph Barbera a fuair bás roimh an Nollaig.
»»»Chonaic Brian Ó Broin athrú ag teacht ar lucht teagaisc na teanga i Meiriceá as cúrsa deireadh seachtaine i Nua-Eabhrac a d’eagraigh an Coimisiún Fulbright in éineacht le hOllscoil Mhaigh Nuad.
»»»Tá an baol ann, dar le Dónall Ó Maolfabhail, go n-éireoidh tíortha Arabacha as earraí Éireannacha a cheannach má bhraitheann siad go bhfuil muid ag tacú leis na Stáit Aontaithe agus leis an Bhreatain sa chogadh in aghaidh na hIaráice.
»»»Fuair Brian Ó Broin blaiseadh den saol i Meiriceá san ochtú haois déag nuair a thug sé cuairt ar Virginia le gairid.
»»»Fear imeartha fológaí in Áras na hUachtarlainne agus an fear a bhunaigh 2RN, bhí Balor Béimeann ag brú ceisteanna eascairdiúla orthu i dtaca lena bhfeachtas Uachtarlainne. “Is tiubh gach uachtar agus bíonn an-phinsean leis” a d’fhógair siad!
»»»Dealraíonn sé go bhfuil éiginnteacht maidir le stádas dlíthiúil Churaclam Úr na Bunscoile. Más fíor é sin, céard iad na himpleachtaí do pholasaí nua na Roinne Oideachais i leith an tumoideachais? D’fhiosraigh Breandán Delap an scéal.
»»»Is maith le Colm Mac Séalaigh an dírbheathaisnéis a foilsíodh deireadh 2010, ’If You Don’t Know Me, Don’t Judge Me’. Is ó bhéal Dan Shanahan, iománaí Phort Láirge, a tháinig cuntas an leabhair.
»»»Tá go leor poblachtánach den bharúil, a deir Robert McMillen, go bhfuil moilleadóireacht ar bun ag na haontachtaithe sa phróiseas síochána de bharr go bhfuil imní orthu faoin mhéid a éireoidh le Sinn Féin a bhaint amach go polaitiúil.
»»»San alt rialta seo, ceistíonn Beo! duine as eagras, comhlacht nó institiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu. An mhí seo: Félim Borland, Na Gaeil Óga, ceantair éagsúla in Éirinn.
»»»Tugann na meáin in Éirinn neamhaird ar leabhair nua Ghaeilge de ghnáth ach tá an comhlacht Gaelchultúr chun tús a chur le comórtas ar a shuíomh nua, ClubLeabhar.com, chun dul i ngleic leis an fhadhb seo. Míníonn Stiúrthóir Oideachais an chomhlachta, Éamonn Ó Dónaill, cén dóigh ar féidir le daoine páirt a ghlacadh sa chomórtas.
»»»Chuaigh an scéala brónach amach go bhfuair an t-ealaíontóir TP Flanagan bás ar na mallaibh, fear a bhí ag obair suas go lá deiridh a shaoil. Amharcann Ciara Nic Gabhann siar ar a shaol agus ar an saothar mór luachmhar atá fágtha ina dhiaidh.
»»»Is fear é Dinny McLaughlin, an fidléir as Inis Eoghain i nDún na nGall, a bhfuil a rian féin fágtha aige ar an gceol traidisiúnta. D’éist Antaine Ó Faracháin lena chéad dlúthdhiosca aonair, a eisíodh ag tús mhí Eanáir.
»»»Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: cuairteoirí ag an Nollaig.
»»»Bhuail Tony Birtill le fear de bhunadh Éireannach a bhfuil leabhar scríofa aige ar a thréimhse i reisimint Éireannach le linn an dara Cogadh Domhanda.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.