AR NA SAOLTA SEO
Aontachtaithe imníoch faoi dhul chun cinn Shinn Féin
Robert McMillen Robert McMillen Robert McMillen

Tá go leor poblachtánach den bharúil, a deir Robert McMillen, go bhfuil moilleadóireacht ar bun ag na haontachtaithe sa phróiseas síochána de bharr go bhfuil imní orthu faoin mhéid a éireoidh le Sinn Féin a bhaint amach go polaitiúil.

Íomhá
Gerry Adams, Uachtarán Shinn Féin
Íomhá
David Trimble, ceannaire an UUP

*The Guardian *a fuair ceart é nuair a chuir sé síos ar “the Alice-in-Wonderland world of the Northern Ireland assembly elections”.

Agus mé ag scríobh, ní léir go mbeidh na toghcháin ann ar chor ar bith. Cúpla oíche ó shin, áfach, b’in ansin romham é, David Trimble ina shuí *side-saddle *ar thábla mar a bheadh ceoltóir tuaithe agus iarthair ann, ag inse dúinn cén fáth gur cheart vótáil don UUP sna toghcháin, dá gceadófaí iad. Bhí an chuma ar Trimble go raibh sé ar a sháimhin suilt, socair ina intinn fán ród a bhí roimhe, roimh a pháirtí agus roimh Thuaisceart Éireann.

Ach caithfidh gurb é an tréith is mó a bhaineann le ceannaire an UUP na laetha seo ná éiginnteacht. Inniu (30 Aibreán) tá sé le bualadh le Príomh-Aire na Breataine Tony Blair agus meastar go n-iarrfaidh sé go gcuirfí na toghcháin ar ceal. Tá Trimble anois ag iarraidh ar dhaoine vótáil dó i dtoghcháin a shíleann sé nár cheart a bheith ann. Agus ní fios fós an n-éireoidh leis.

Nuair a mhínigh Gerry Adams seasamh an IRA - rud iontach ann féin go raibh Adams i mbróga “P. O’Neill” - maidir le trí cheist an Phríomh-Aire, ba mhór an difear a bhí idir glacadh Trimble agus glacadh Rialtais na Breataine agus na hÉireann leis an mhíniú.

B’fhéidir gur bua amháin, ó thaobh Shinn Fein de, a bhain le ráiteas Adams go ndearna sé damáiste don comhghuaillíocht idir Rialtas na Breataine agus ceannaire an UUP. Tá tráchtairí áirid ag rá gur seo an t-am nuair a scoilteas an dá thaobh óna chéile. Ní chreidim féin gurb é. Dála Trimble, ní chreideann Rialtas Blair go bhfuil go leor déanta ag poblachtánaigh, ach measann sé go bhfuair sé oiread agus is féidir ag an am seo. Sna laetha atá le theacht, beidh Blair ag déanamh a dhíchill tuilleadh soiléirithe a fháil ón IRA ach ní dócha go bhfaighidh sé é.

Cinnte ba mhór an cuidiú é ag David Trimble dá dtabharfadh an IRA freagraí deimhneacha ar thrí cheist Blair, dá gcuirfeadh an IRA gunnaí agus armlón ó mhaith, ach tá poblachtánaigh amhrasachábaltacht - nó toil féin - Trimble a pháirtí féin a thabhairt leis. Mura bhfuil an Trimbleach ábalta an Tionól a chur sa tsiúl arís, cad é is fiú beart a chur os comhair an UUP má tá siad le beag-is-fiú a dheánamh de, a deir poblachtánaigh.

Imní na bpoblachtánach

Tá an fócas ar fad sna meáin chumarsáide ar phoblachtánaigh agus an dóigh a bhfuil siad ag coinneáil dul chun cinn ar bith siar. Ní dhéantar scagadh ar bith ar an imní atá ar phoblachtánaigh.

Cén fáth nach bhfuiltear ag caint ar chur i gcrích na ngeallúintí a rinne Rialtas na Breataine maidir le ceart agus dlí, cothroime agus póilíneacht, a fhiafraíonn siad.

Cad é mar is féidir a bheith cinnte fá iompar an UUP sa todhchaí? Cad é fá na dílseoirí atá ag baint úsáide as na hairm atá acu - scaoil siad urchair leis an PSNI seachtain ó shin!

cinnteacht ag teastáil ó achan dhream, chan amháin ó aontachtaithe. Ní ghéillfidh an IRA go humhal le go dtig le David Trimble bua a fháil ar an DUP, a deir siad; ach mhaígh Gerry Adams go raibh an tríú gníomh díchoimisiúnaithe beartaithe ag an IRA a ligfeadh don UUP cruinniú de Chomhairle s’acu a ghairm ina molfadh David Trimble go gcuirfí an Tionól ar a bhonnaí arís. Níor glacadh leis an tairiscint.

Mar a scríobh Jude Collins san Irish News, is beag aontachtaí i bhfírinne atá buartha go rachaidh an IRA i mbun ollfheachtais fhoréigin arís. Is é an imní is mó atá orthu ná an méid a thig le Sinn Féin a chur i gcrích ag baint úsáide as an pholaitíocht. Sin croí na faidhbe, measann poblachtánaigh. Sin an fáth go bhfuil an oiread sin moilleadóireachta ar siúl ag aontachtaithe agus iad ag cumadh dualgas i ndiaidh dualgais le comhlíonadh ag an IRA, dar leo.

Agus cad é fá chomhráiteas an dá Rialtas ina bhfuil roinnt moltaí a dtiocfadh leo an próiseas a bhogadh chun tosaigh? Cén fáth nach bhfoilsítear é? Arís, is léir gur ceist amála agus muiníne atá i gceist.

Ní fios fós an ngairmfear toghcháin. Tá seachtain, dá fhadacht é, ag Rialtas na Breataine leis an chinneadh a ghlacadh.

Tá alt sa scigpháipéar *The Portadown Times *a mhaíonn go gcuirfear na toghcháin ar ceal de dheasca an ghalair SARS nó “Shinner Assembly Results Syndrome”. B’fhéidir gur sin an fáth, i ndáiríre.

Is iriseoir leis an *Irish News i mBéal Feirste é Robert McMillen. Is as an chathair sin ó dhúchas é.*

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.