CÚINNE NA nEALAÍON/AN RÓGAIRE DUBH
Seinn leis an gcluas!
Antaine Ó Faracháin Antaine Ó Faracháin Antaine Ó Faracháin

Is fear é Dinny McLaughlin, an fidléir as Inis Eoghain i nDún na nGall, a bhfuil a rian féin fágtha aige ar an gceol traidisiúnta. D’éist Antaine Ó Faracháin lena chéad dlúthdhiosca aonair, a eisíodh ag tús mhí Eanáir.

Ní minic a tharlaíonn sé ach nuair a tharlaíonn is deas é. Is é sin go dtagann féirín beag deas chugat isteach tríd an mbosca litreach. Ba é an chéad rud ar maidin é agus chuala mé iad ag baint tuairte as an urlár, cúpla litir agus dhá phaicéad de dhlúthdhioscaí. Nuair a d’oscail mé an dara paicéad bhí dlúthdhiosca ann a dtug mé suntas dó ar an bpointe: Play it by ear le Dinny McLaughlin.

Ní raibh a fhios agam go dtí sin go raibh ceann curtha amach aige. In éindí leis air tá ceoltóirí breátha eile ar nós Steve Cooney, Ciarán Tourish, Mairéad Ní Mhaonaigh, Dermot Byrne, Jean Hughes, Tom Byrne agus Mickey Gallinagh. Ach ba é Dinny é féin a bhí spéis agam a chloisteáil go speisialta.

Is cuimhin liom bualadh leis na blianta ó shin i dTigh Hiúdaí Bhig i nGaoth Dobhair. Bhí mé féin díreach ag tosnú ar bhóthar an cheoil agus mé fós ag foghlaim faoi na difríochtaí idir ríleanna agus portanna! Bhí mé ag seinm ar an mbodhrán ag an am agus bhí an seisiún faoi lán seoil agus lucht na teilifíse á thaifeadadh. Is cuimhin liom an seisiún a fheiceáil ar an teilifís tamall ina dhiaidh sin agus shíl mé go mba iontach an bodhránaí mé agus mé in ann mo gheansaí bán Árann a bhaint díom i lár na tiúine agus gan buille amháin rithime a chailliúint!

Mhair an chuimhne sin i bhfad i mo chloigeann. Blianta fada ina dhiaidh sin agus mé anois ag scrabhadh ar an bhfidil (agus fós ag iarraidh foghlaim faoi na ríleanna agus na portanna!) bhuail mé le Dinny arís i mBun Cranncha. Mhothaigh mé ar mo shuaimhneas ar an bpointe ina chomhluadar. Bhí sé ar nós go raibh aithne agam air riamh, cé nár bhuail mé leis ach ar an dá ócáid sin.

Fear é Dinny atá in ann daoine a tharraingt isteach i seisiún is cuma cé hiad nó cén “caighdeán” ceoil atá acu. Tá páistí chomh compordach ina chomhluadar is atá daoine fásta. Baineann sé taitneamh as an gceol agus scaipeann sé an taitneamh sin ar an gcomhluadar uilig.

Fear ildánach

Tá aithne fhorleathan ar Dinny mar fhidléir go príomha ach is fear ildánach é ar go leor bealaí. Seinneann sé go leor uirlisí ceoil, canann sé, cumann sé amhráin agus scríobhann sé giotaí fílíochta. Tá go leor ceoltóirí tar éis foghlaim uaidh thar na blianta i gceantar Inis Eoghain. Is dóigh go bhféadfaí a rá go bhfuil sé ar dhuine de na ceoltóirí traidisiúnta is mó tionchair sa cheantar sin. Foinse cheoil agus foinse spraoi.

Tá 15 rian ar an diosca seo agus a phearsantacht fágtha ag Dinny ar chuile cheann acu. Go leor píosaí nua-chumtha, idir amhráin agus tiúineanna. Agus scéalta beaga deasa ag gabháil le beagnach gach ceann acu. Tá siad sainiúil mar a bheifeá ag súil leis ó dhuine sainiúil mar é.

Cumas seinnte agus cumas cumadóireachta atá le cloisteáil ar an albam seo agus ciall cheannaithe, taithí agus tuiscint ar an gceol agus ar an mbrí a bhaineann leis. Tá cúpla amhrán an-deas ar fad ar an albam. É féin a chanann a chuid is mó acu ach is í Mairéad Ní Mhaonaigh ón ngrúpa Altan a chasann “Carraig Chaoin”, ceann de na seoidíní atá ar an dlúthdhiosca speisialta seo. Agus sin atá ann i ndáiríre, bailiúchán seoidíní. Leoithne d’aer úr ar mhargadh an cheoil le pearsantacht agus le macántacht ag borradh amach ar gach rian atá air.

Muna bhfuil aon aithne agat ar an bhfile ceoil seo Dinny McLaughlin go dtí seo, cuirfidh tú aithne air ag éisteacht leis an albam seo agus beidh tú ag ceapadh ina dhiaidh go raibh aithne riamh agat air. Ní shílim go bhfuil mórán de mholadh níos fearr ar albam nó ar shaothar ealaíne ar bith eile agam.

Play it by Ear le Dinny McLaughlin ar fáil ag an seoladh seo: Shandrum, Drumfries, Inis Eoghain, Contae Dhún na nGall, Éire ar €19 (móide €3 ar phostas).

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.