210
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Gluais
Balor bocht! Tá mearbhall air arís an mhí seo, a léitheoirí dílse, nó níl a fhios aige cé atá i mbun na liarlóige seo i láthair na huaire.
»»»Tá Brian Ó Broin den tuairim gur áit ar leith í San Francisco agus is iomaí duine eile mar é a thug gean as cuimse do chósta thiar na Stát mar a luíonn an ghrian tráthnóna.
»»»Tá go leor daoine sna Stáit Aontaithe ag súil le deireadh uachtaránacht George Bush. Ach an bhfuil slánaitheoir i measc na n-iarrthóirí don chéad téarma eile, a fhiafraíonn Brian Ó Broin.
»»»Ní fiú faic Plean Deich bPointe an Aire Sláinte, dar le Breandán Delap, mura ndíríonn leis na hospidéil dul i ngleic le fadhb an MRSA.
»»»Thosaigh ‘Teilifís na Gaeilge’ ag craoladh as Baile na hAbhann Oíche Shamhna sé bliana déag ó shin, i ndiaidh feachtas fada a troideadh d’fhonn bealach teilifíse a fháil le freastal ar lucht na Gaeilge. San alt seo ceistíonn duine de na daoine a bhí páirteach sa bhfeachtas sin, Donncha Ó hÉallaithe, dearcadh TG4 i leith na Gaeilge
»»»Creideann Dónall Ó Maolfabhail go bhfuil a fhios ag an Aire Dlí agus Cirt agus ag ceannasaíocht an Gharda Síochána níos mó faoi bhás Eddie Fullerton i nDún na nGall ag tús na nóchaidí ná mar atá siad sásta a admháil.
»»»Tá cur síos ag Liz Curtis an mhí seo ar chathair ilchultúrtha Londan, áit ar chaith sí tréimhse le déanaí.
»»»Ceann de na rudaí is suntasaí faoi bhunadh na Nua-Shéalainne, dar le Ruth Nic Giolla Iasachta, ná a meas ar an gcomhshaol.
»»»Tuigeadh do Bhreandán de Gallaí ar na mallaibh go mb’fhéidir go bhfuil ailtireacht ar son na mórotrachta curtha i bhfeidhm i dtíortha forbartha. Cé acu, an staighre nó an t-ardaitheoir a ghlacfas tú leis an oifig a bhaint amach? An gá go mbeadh mótarbhealach go doras againn le theacht ar an ghreim ghasta?
»»»Bhain Colm Mac Séalaigh tátal i dtaca le forbairt spórt as leabhair spéisiúil a léigh sé le déanaí, Guns, Gems and Steel, a short history of everybody for the last 13,000 years.
»»»Dearadh deas a cuireadh le huaigh an fhile Eabhraise Rachel Bluwstein a mheabhraigh do Gabriel Rosenstock go bhfeilfeadh a leithéid go breá abhus chomh maith ag uaigheanna aos na filíochta againn féin.
»»»Sa tsraith seo, tugann Beo! cuairt ar Ghaeltachtaí na hÉireann. In alt na míosa seo, tá cur síos ag Brian Ó Broin ar Ráth Cairn i gContae na Mí.
»»»Míníonn Úna Nic Gabhann cén fáth a bhfuil oiread measa ar mháithreacha i Meicsiceo, in ainneoin stádas íseal a bheith ag na mná sa tír.
»»»Déantar léirmheas sa cholún seo ar leabhair Ghaeilge agus Bhéarla, ag baint le réimsí éagsúla. An mhí seo: [i]Buaic[/i] (Cois Life), le Dermot Somers. Léirmheas le hAifric Mac Aodha.
»»»An té a shantaíonn suaimhneas, áille agus solas na gréine agus go bhfuil an t-am agus an t-airgead aige chuige, tarraingíodh sé ar Oileáin Mhic Cùga sa Teiscinn Chiúin mar a rinne Aoife Uí Fhaoláin agus a fear céile.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.