CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Cráite ag na gutháin siúil
Diarmaid Mac Mathúna Diarmaid Mac Mathúna Diarmaid Mac Mathúna

Measann Diarmaid Mac Mathúna go bhfuil sé in am fáil réidh leis na gutháin siúil. Nó an measann?

Íomhá
Íomhá
Íomhá

Is fuath liom mo ghuthán siúil. Ach ní féidir liom maireachtáil gan é. Gaol an ghrá agus na gránach atá eadrainn. Ba bhreá liom fón foirfe nua a fháil ach faraor tá laigí millteanacha ag baint le gach gléas atá ar an margadh faoi láthair. Seo thíos na rudaí is mó is fuath liom faoi na gutháin siúil seo ar fad…

5. Buaileann siad ag an am mícheart i gcónaí. Conas a bhíonn a fhios ag daoine go bhfuil siad ag glaoch ag an am is measa? An bhfuil gléas éigin sa ghuthán a aithníonn go bhfuil tú sa phictiúrlann nó, níos measa fós, sa leithreas? Níl aon rud níos measa ná do ghuthán a chloisteáil ag bualadh go tobann in áit chiúin – go háirithe nuair nach féidir leat teacht air chun é a mhúchadh.

4. Tá siad róbheag. Sea, tá a fhios agam go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh na gutháin shoghluaiste, bhuel, soghluaiste – is é sin, beag agus éadrom. Ach cén fáth ar gá dóibh bheith bídeach? Agus cé a bhíonn ag dearadh na gcnaipí beaga sin ar fad? Leipreacháin?! Ar ndóigh, tá na scáileáin róbheag freisin – murar féidir le fón uimhir fóin a thaispeáint go soiléir tá rud éigin mór mícheart.

  1. Tá na ceamaraí iontu go hainnis. An bhfuil aon rud níos measa ná daoine a fheiceáil ag glacadh grianghraf ag coirmeacha ceoil lena nguthán? Dúisígí agus éistigí leis an gceol a chairde! Tá sé ródhorcha chun grianghraif a ghlacadh agus tá do lámh i mo shlí! Is beag is fiú na ceamaraí saora atá le fáil sna gutháin – má tá ceamara digiteach uait téigh amach agus ceannaigh ceamara digiteach - lánstad.

  2. Níl sé éasca teachtaireacht téacs a scríobh go tapa. Tá a fhios agam go bhfuil an t-aos óg ag forbairt ordóg láidir atá in ann “clóscríobh” ar ghuthán ag luas lasrach. Ach is crá croí dom féin téacs a sheoladh go fóill. Cén fáth nach n-oibríonn an téacsáil réamhaithriseach i gceart? Ba chóir don ghuthán cabhrú leat agus focail a chríochnú go huathoibríoch ach de ghnáth piocann sé focal ait éigin eile – agus ní bhíonn na moltaí in ord aibítre riamh. Agus ná labhair liom faoi théacsáil as Gaeilge – gheobhaidh an síniú fada bocht bás mura dtagann feabhas tapa ar an scéal. Ar a laghad tá scata nua giorrúchán in úsáid ag pobal na Gaeilge chun an craiceann ar a gcuid ordóg a shábháil – rudaí ar nós “GRMMA” (go raibh míle maith agat) agus “d7aine” (deireadh seachtaine). D’fhógair Panasonic tamall fada ó shin go raibh siad chun liosta focal Gaeilge a chur ina gcuid guthán – ach ar chuala aon duine aon rud uathu ó shin?

*1. Tá siad ródhaor! *Tá mé bréan de bheith ag íoc bille ard fóin gach mí i gcomhair seirbhíse atá go hainnis. Bíonn orainn cur suas le drochdhearadh i gcás na nguthán, droch-chaighdeán fuaime, teachtaireachtaí téacs nach sroicheann ceann scríbe riamh agus glaonna gutháin a stopann go tobann gan cúis ar bith. Agus iarrtar orainn íoc as sin! Níl mé sásta faoin staid seo in aon chor. Agus cén fáth a bhfuil na glaonna féin chomh daor sin? Ní chosnaíonn sé mórán an tseirbhís a chur ar fáil faoi láthair. Cén fáth ar gá dúinne, na tomhaltóirí, íoc as na fiacha móra atá ar na comhlachtaí fóin toisc go ndearna siad botúin amaideacha fadó?!

A chairde Gael, tá an réabhlóid ag tosú anseo! Tá muid chun an fód a sheasamh i gcoinne na nguthán siúil ainnis! Anois, fan nóiméad go seolfaidh mé teachtaireacht téacs chun an scéal a scaipeadh

Is léiritheoir/stiúrthóir sa réimse eolaíochta agus oideachais é Diarmaid Mac Mathúna leis an gcomhlacht teilifíse Agtel (www.agtel.ie). Bíonn sé ag obair ar fhíseáin, tionscadail DVD agus pacáistí CD-ROM do raon leathan eagraíochtaí in Éirinn agus thar lear. Lena chois sin, foilsíonn sé GaelSpell, an litreoir Gaeilge (nó “Irish Gaelic spelling checker”) do Microsoft Word agus Office ar Windows, ar an suíomh www.cruinneog.com.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.