106
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Deir Robert McMillen go raibh sé i gcónaí i gceist ag Sinn Féin tacaíocht a thabhairt do Sheirbhís Phóilíneachta Thuaisceart Éireann, ó aimsir Chomhaontú Aoine an Chéasta ar aghaidh.
»»»Bhí go leor cluichí iontacha iománaíochta le feiceáil sa bhliain 2001 ach measann Colm Mac Séalaigh gur beag ceann a bhí inchurtha le cluiche leathcheannais Choláistí Laighean “A” idir Coláistí Átha Cliath agus Coláiste Chiaráin, Cill Chainnigh.
»»»Deir Rialtas na hAstráile go mbeidh siad ábalta an fliú éan a choinneáil faoi smacht san am atá romhainn ach tá amhras ar Dháithí Ó Colchúin faoi a bhfuil ráite acu go dtí seo faoin ngalar.
»»»Bíonn blas ar an mbeagán agus ní maith an rud barraíocht, de réir na seanfhocal. Feictear do Sheosamh Ó Riain gurb shin é go díreach i dtaca le luiteamas na hóige le suímh idirlín.
»»»Léiriú ab ea na círéibeacha ar thrá Cronulla san Astráil an mhí seo caite ar an gciníochas atá beo beathach san Astráil, dar le Dáithí Ó Colchúin .
»»»Tá Gearóid Ó Cairealláin ar dhuine de na daoine is aithnidiúla i ngluaiseacht na Gaeilge sna Sé Chontae. Le cois a bheith ina iriseoir, ina ghníomhaire teanga agus léiritheoir teilifíse, tá complacht drámaíochta dá chuid féin aige fosta. Agus níl an stróc tromchúiseach a bhuail é anuraidh tar éis stop a chur lena chuid oibre, mar a mhínigh sé do Chaoimhe Ní Laighin.
»»»Dá mhéad aighneas faoi caomhnú phortaigh na hÉireann, is ríchuma le gníomhaireachtaí an stáit faoi chaomhnú oidhreacht ár ngnáthóg. Áiríonn Tony Birtill nimh agus plaisteach go feiceálach in áiteanna gan beann ar an reachtaíocht.
»»»D’fhógair an tAire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta ó thuaidh, Edwin Poots, ar na mallaibh nach gcuirfí acht Gaeilge i bhfeidhm sa Tuaisceart. Mar thoradh ar an chinneadh seo, tá pionós á ghearradh ar gach Gaeilgeoir sna Sé Chontae, dar le Robert McMillen.
»»»Cad é a shantaigh Greta Garbo i gceantar Loch Gartáin? Tá dráma bunaithe ar a cuairt go Dún na nGall a scríobhann Ciara Nic Gabhann.
»»»Níl saoi gan locht agus tá Tomás Ó Maolalaidh den tuairim gurb shin é an scéal ag Maradona, bainisteoir na hAirgintíne, é. Tá sárpheileadóirí fágtha as agus tá seanfhondúirí roghnaithe ina n-áit.
»»»Déanfar leacht i gcuimhne ar an phoblachtánach Colin Maguire as Learpholl, a fuair bás fiche bliain ó shin, i mBaile Átha Cliath ag tús na míosa seo. Féachann Tony Birtill siar ar shaol an fhir seo a raibh dlúthchairdeas aige leis.
»»»Cailleadh iar-Phríomhfheidhmeannach Gael Linn, Riobard Mac Góráin, ar an 30 Lúnasa. Seo thíos preaseisiúint a d’eisigh an t-eagras i ndiaidh a bháis.
»»»Agus tuairiscí nuachta ann go bhfuil daoine in Inis Eoghain ag fanacht sé mhí le coinne a fháil leis an tSeirbhís Bhuiséadta agus Chomhairle Airgid, pléann Niamh Ní Shúilleabháin obair na seirbhíse agus cruachás a cliant.
»»»Tá sé fógartha ag Rialtas, nach mbeidh gá le toghchán as seo amach le hionadaithe ón bpobal a roghnú ar Bhord Údarás na Gaeltachta is go bhfágfar an cúram faoin gComhairle Chontae, duine a ainmniú ar bhord an Údaráis. Creideann Donncha Ó hÉallaithe gurb é seo an rogha is measa le guth a thabhairt do phobail na Gaeltachta ar Bhord an Údaráis.
»»»Cheistigh Diarmuid Johnson é féin, cén fáth a raibh triúr Éireannach i dtacsaí a chosain na céadta euro idir Beirlin agus an Baile gan Baiste?
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.