GNÓ AGUS TEICNEOLAÍOCHT
Scanóirí - gléasanna áisiúla
Diarmaid Mac Mathúna Diarmaid Mac Mathúna Diarmaid Mac Mathúna

Díríonn Diarmaid Mac Mathúna a aird ar scanóirí i gcolún na míosa seo.

Íomhá
Íomhá

Cuireann scanóirí go mór le cumhacht ríomhaire - go háirithe nuair a bhíonn printéir daite ceangailte leis an ríomhaire freisin. Is féidir scanóir a úsáid le bogearraí oiriúnacha chun ríomhaire a chur ag obair mar ghléas fótachóipeála daite, mar ghléas faics agus chun gnáth-ghrianghrafanna a ionchur ar ríomhaire. Nuair a bhíonn na grianghrafanna ar an ríomhaire is féidir iad a athrú agus a sheoladh mar cheangaltáin le teachtaireachtaí ríomhphoist.

Is scanóirí plánacha is mó atá ar fáil anois agus is féidir leathanaigh A4 iomlána a scannáil in aon bhabhta amháin leo. Tá scanóirí an-saor ar fáil faoi láthair ach, ar ndóigh, ní i gcónaí gurb iad na cinn is saoire na cinn is fearr. Is iad na difríochtaí is mó a bhíonn idir scanóirí ná luas, caighdeán na híomhá agus na bogearraí a thagann leo.

Má bhíonn sé i gceist an scanóir a úsáid mar ghléas fótachóipeála go minic, bíonn luas an scanóra tábhachtach. Tógann sé suas le nóiméad leathanach a scannáil ar go leor scanóirí agus má tá cuid mhaith ábhair idir lámha is crá croí an mhoill sin. Tá dhá phríomhshlí ina dtomhastar caighdeán scanóra - an méid giotán (nó “bit") a úsáidtear i gcomhair gach datha (is fearr os cionn 24 giotán a bheith i gceist) agus an taifeach (nó “resolution"). Beidh scanóir le taifeach níos airde ábalta níos mó sonraí a fheiscint ar leathanach nó ar ghrianghraf.

I measc na mbogearraí atá ar fáil chun dul le scanóirí tá cláracha aitheanta optúil carachtar (nó “optical character recognition") - a ghiorraítear mar OCR. De ghnáth nuair a dhéantar leathanach a scannáil glactar íomhá den leathanach agus ní féidir an téacs ar an leathanach a athrú. Déanann bogearraí OCR anailís ar an gcló ar leathanach agus déanann siad é a ath-chlóscríobh chun gur féidir an cló a athrú i bpróiseálaí focal. De ghnáth bíonn roinnt botún sa téacs (bíonn síntí fada ar lár go minic, mar shampla) ach is féidir na botúin a cheartú agus is slí thapaidh é chun téacs ó leabhar a ionchur ar ríomhaire.

Tá bogearraí eile ar fáil chun grianghrafanna a phróiseáil agus chun na dathanna iontu a fheabhsú - agus chun cuma “ealaíonta” a chur ar ghnáth-ghrianghrafanna. Is féidir gnáthscanóir a úsáid chun na grianghrafanna a chur ar ríomhaire, ach bíonn sé daor cóipeanna de ghrianghrafanna a réaladh. Le scanóir claonchló (nó “negative scanner") seachnaítear formhór na gcostas próiseála sin. Is gléasanna beaga iad na scanóirí sin is féidir a úsáid chun claonchlónna a scannáil go díreach, agus is féidir le roinnt scanóirí plánacha déileáil le leathanaigh agus le claonchlónna.

bolgán solais i ngach scanóir agus is é sin an chuid den scanóir a mbíonn fadhbanna ag baint leis. Mura múchann an solas go huathoibríoch is fearr an gléas féin a mhúchadh nuair nach bhfuil sé in úsáid chun an caitheamh ar an mbolgán a laghdú. Tharla go bhfuil na scanóirí féin chomh saor sin, is féidir iad a úsáid chun cuid mhaith costas fótachóipeála agus grianghrafadóireachta a sheachaint - agus is iontach an méid rudaí is féidir a dhéanamh le ríomhaire nuair atá scanóir ceangailte leis.

Éin Éireannacha

=======

Anois go bhfuil an geimhreadh buailte linn, is am breá é seo chun bia a chur amach d’éin fhiáine agus is féidir síolta oiriúnacha a fháil i go leor ollmhargaí agus siopaí peataí. Tá suíomh gréasáin an-mhaith ar fad curtha ar fáil ag an gcumann BirdWatch Ireland atá lán d’eolas mar gheall ar na héin atá le feiscint in Éirinn. Tá rannóg bhreá den suíomh dírithe ar pháistí scoile ina bhfuil cuid mhaith tionscnamh agus eolas ar conas éin éagsúla a mhealladh chuig do ghairdín - eolas atá úsáideach do dhaoine fásta freisin. Agus nuair a thosaíonn na héin ag bailiú taobh amuigh den fhuinneog is féidir dul chuig foclóir maith ar líne chun a n-ainmneacha Gaeilge a chinntiú.

Tá an t-údar ag dul le taighde iarchéime san fhisic i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Tá “GaelSpell 2”, an leagan is déanaí de litreoir Gaeilge a oibríonn le Microsoft Word, Outlook, FrontPage agus PowerPoint, curtha ar fáil aige ar an suíomh gréasáin www.gaelspell.com.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.