CÚINNE NA nEALAÍON
An tOlc a Aithint
Mícheál Ó hAodha Mícheál Ó hAodha

Chaith Mícheál Ó hAodha súil ar an dóigh a shiúlann aigne lucht déanta scannán ár linne, Michael Haneke, na deartháireacha Dardenne agus mórán nach iad, i leabhar le Dara Waldron, Cinema and Evil: Moral Complexities and the Dangerous Film.

Íomhá
Pier Paolo Pasolini
(le Utente Giac83 ar Vicipéid)
Íomhá
Cinema and Evil le Dara Waldron
(Cambridge Scholars Publishing)
Íomhá
Emmanuel Levinas, fealsamh, as Kaunas na Liotuáine
(le Bracha L. Ettinger ar Vicipéid)
Íomhá
Michael Haneke
Íomhá
Das Weisse Band

Fréamhacha an oilc agus nádúr na oilc. Is ceisteanna doimhne iad sin a bhfuil na fealsúna mór le rá ag dul i ngleic leo leis an céadta, dar fia leis na mílte bliain anuas. Níl an chosúlacht ar an scéal go dtiocfaidh laghdú ar bith ar an réimse spéise seo ach an oiread. Léireodh sracfhéachaint amháin ar na seilfeanna sna siopaí leabhair an méid sin. An líon is mó leabhar, go háirithe sna siopaí leabhair beaga, is le cúrsaí coiriúlachta, maruithe agus olcais trí chéile a bhaineann siad. Sa tsochaí chomhaimseartha, go háirithe i réimse na haigneolaíochta, tá claonadh ann na ceisteanna a bhaineann leis na coincheapa a dtugtar an mhaith agus an t-olc orthu a sheachaint, go háirithe más ceisteanna freagrachta atá faoi chaibidil. Tréith thar a bheith aisteach is ea í seo, a déarfá, go háirithe i bhfianaise claonadh dochreidte láidir chun daoine a lochtú agus a dhamnú as ucht pé laigí a léiríodar san am atá thart. Ar mhórán slite, is ré í seo nach bhfuil an maithiúnas rófhollasach sa zeitgeist; an easpa maithiúnais seo, is tréith í a shamhlaítear leis an bpágántacht ach go háirithe, ach sin scéal le haghaidh lá éigin eile.

An Dornán Beag Tuisceanach

An drogall seo maidir le dul i ngleic le nádúr an oilc agus a iarmhairtí, tá sé sonrach i ndomhan na scannánaíochta chomh maith. Níl ach dornán an-bheag de scannánóirí an lae inniu a bhfuil na ceisteanna móra fealsúnacha seo, mar a bhaineann siad leis an gcine daonna i gcoitinne, á scrúdú acu. An dornán beag seo, is ag cur leis an traidisiún sin, an t-iniúchadh meitifisiciúil sin, a raibh scannánóirí dála Fritz Lang, Orson Welles, Ingmar Bergman agus Piara Paolo Pasolini ina máistrí air. Foilsíodh leabhar spéisiúil ar na mallaibh Cinema and Evil: Moral Complexities and the Dangerous Film le Dara Waldron a chíorann freagra scannánóirí ar nós Michael Haneke, Gus Van Sant, na deartháireacha Dardenne agus Lynne Ramsay ar cheist an oilc laistigh d’allagar fealsúnach ilghnéitheach a chuimsíonn smaointeoirí chomh héagsúil lena chéile agus Kant, Heidegger, Bataille, Arendt, Lacan agus Levinas.

Príomhábhar an leabhair seo ná conas a léiríonn an dornán beag scannánóirí sin, an tOstarach Michael Haneke ach go háirithe, téama an oilc ina gcuid scannán, go mór mór iompar nó gníomhartha daonna a meastar iad a bheith an-olc go deo. Na ceisteanna a chíortar sa leabhar seo, tá siad thar a bheith tráthúil nuair a mheabhraítear na heachtraí lámhaigh millteanacha a tharlaíonn beagnach gach cúpla mí sna Stáit Aontaithe, ach san Eoraip freisin – an t-ár uafásach a rinneadh ar mhaithe le cúinsí Naitsíocha agus frith-imircigh san Iorua in 2011 agus lámhach na nGiúdach i Marseilles scaitheamh ó shin, agus níl iontu sin ach dhá shampla.

Saothar Dúshlánach Haneke

Is eisceacht shuntasach é Haneke toisc é a bheith sásta dul sa bhearna bhaoil agus na buncheisteanna sin a bhaineann le sochaí ár linne a chíoradh. Tá na téamaí thuasluaite cíortha aige i scannáin ar nós Benny’s Video agus Das Weisse Band (An Ribín Bán) agus Caché (I bhFolach), scannáin inar thug sé dúshlán an dearcaidh iar-nua-aoisigh liobrálaigh sin, an meon coibhneasta atá le sonrú inniu ar fud na sochaí agus ar gach gné den saol comhaimseartha. Go bunúsach, is éard atá faoi Haneke a dhéanamh ná an dearcadh status quo sin a fhéachann ar an scannánaíocht mar ghné éadrom siamsaíochta a bhriseadh as a chéile agus feidhm níos bunúsaí agus níos dáiríre a bhronnadh ar an bhfoirm ealaíne seo in athuair.

Stíl stiúrthóra Haneke, tá sé le sonrú ar scannánóirí móra Eorpacha eile ár linne lena n-áirítear deartháireacha Dardenne na Beilge a bhfuil ceisteanna meitifisiciúla idir lámha acu freisin. An réalachas uirbeach greanach céanna atá mar théama lárnach acu siúd agus an tslí a dtéann gníomh foréigneach amháin i bhfeidhm ar ghnáthdhaoine ach go háirithe.

Cad a leanann an gníomh? Conas mar a théann sé i bhfeidhm orthu siúd a bhfuil an saol stróicthe as a chéile go deo na ndeor agus gan faoiseamh ceart le fáil riamh arís acu. Rinneadh an scannán Le Fils (An Mac) sa bhliain 2002. Ba leathfhreagairt é (más féidir freagairt cheart a thabhairt riamh ar choir chomh huafásach leis) ar dhúnmharú an linbh óig a raibh dúchas Éireannach ann, an Learphollach Jamie Bolger i Sasana, sa bhliain 1993. Conas a réiteoimid leo siúd a bhfuil coir chomh gránna leis sin déanta acu, go háirithe nuair is páistí óga na dúnmharfóirí féin. In Le Fils, is de thaisme a bhuaileann fear, ar múinteoir adhmadóireachta é, leis an déagóir suaite a mharaigh a aonmhac.

Ag iarraidh stangadh a bhaint asainn, an lucht féachana, atá Haneke agus na deartháireacha Dardenne agus cé a déarfadh nach n-éiríonn go maith leo a gcuid aidhmeanna a chur i gcrích? Téann na scannáin seo i bhfeidhm orainn ar shlí aisteach nach raibh tuartha againn. Cruthaítear teannas sa phictiúrlann. Ní hamháin go n-ardaíonn siad ceisteanna inár n-aigne nach raibh súil againn leo ach is beag nach mbraithimid ciontach as na coireanna a chuirtear os ár gcomhair ar an scáileánamhail is go bhfuil an tsochaí dar díobh muid ciontach as na gníomhartha seo agus go bhfuil freagracht áirithe orainne, an lucht faire, dá réir.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.