CÚINNE NA nEALAÍON
Kino – An Cineama Domhanda
Pat Butler Pat Butler

Chaith Pat Butler súil ar scannán a bhfuil grá domhain dochloíte agus scoth d’ealaín na haisteoireachta ann, ‘Amour’ le Michael Haneke. Scannán ar leith a chaithfear a fheiceáil.

‘Amour’ - le Michael Haneke

Georges - Jean-Louis Trintignant
Anne - Emmanuelle Riva

Tá Jean-Louis Trintignant ‘A Man and a Woman’ (1966) agus Emmanuelle Riva ‘Hiroshima Mon Amour’ (1959) ar mhór-réalta cineama Nouvelle Vague na Fraince. Leathbhádóirí leithéid Jean-Paul Belmondo, Alain Delon agus Jeanne Moreau. Ní haon dóichín an bheirt seo.

Tá an saol as a riocht ina pheata ag Michael Haneke ‘Hidden’ (2005), ‘The White Ribbon’ (2009). Sin é a ghort, an spás a threabhann sé le díocas géar tiomanta. Ní haon eisceacht ‘Amour’, lenar bhain sé an Palme D’Or arís i Cannes i mbliana. Tá leochaileacht na seanaoise, an bás féin, agus cumhacht tharchéimnitheach an ghrá in ábhar coganta an babhta seo aige.

Is grástúil an lánúin iad Georges agus Anne, iarmhúinteoirí ceoil. An ceithre scór, ar a laghad, acu araon. Táid sa lucht féachana ag ceolchoirm mhór le protégé phianó Anne. Filleann siad abhaile ar an Metro. Árasán maorga. Tá leabharlann agus mórphianó sa seomra suí. Iompraíonn Georges agus Anne fallaing an ghrá le dínit cuideachtúil. Ídil na seanaoise sibhialta, só agus sofaisticiúlacht. Ach le linn na hoíche, agus Georges ina shuan, tá ise ina dúiseacht, scamall na réamhbhuartha ar a gnúis.

Tuar an Bháis

Le linn bricfeasta na maidne dár gcionn áfach, roiseann an fhallaing chompórdach. Téann Anne ‘as láthair’, mar a déarfá. Dúnann a haigne síos i lár chomhrá. Tagann sí chuicí féin arís, ach ní cuimhin léi gur bhain eachtra beag di.

Is iomaí fírinne a nochtann na mionrudaí beaga dúinn. Bíonn tuar an bháis go minic, mar shampla, gan amhras. Éiríonn coisíocht Georges triallach. Léiríonn sceon leathfholaithe Anne a hamhras siúd. Aithníonn sí a sleamhnú i dtreo na heasláinte tubaistigh, bris a chuirfidh an saol tóin-in-airde orthu beirt.

comharthaí sóirt ghalar na mallréire á nochtadh inti. Ansin teipeann ar obráid ar an artaire caratach. Í anois i gcathaoir rotha, cuireann Anne Georges faoi gheasa gan í a ligint isteach i gcúram fadtéarmach institiúide riamh. Foilsíonn Haneke an chríoch ag an tús. ’Sí an insint mar sin, agus taispeántas na príomhbheirte, bun agus barr an scannáin.

Leanann na léargais go tiubh, ceann i ndiaidh a chéile. Tá an-léamh ag Haneke ar an duine, fiú más oighriúil í fís an Ostaraigh. Fágtar na fíórmhothúcháin, slán ón maoithneachas, fá chúram na beirte Francach sofaisticiúil.

Ach ní fhágtar dall sinn ar na cúraim bhunúsacha níocháin agus leithris a thógann Georges air féin le croí maith mór. Is beag an tacú dóibh Eva, an iníon pósta ceoltóra (Isabelle Huppert). Géaraíonn breoiteacht na máthar an bhearna bhriste idir Eva agus na tuistí. ‘Ní féidir leat é seo a choiméad suas’, arsa Eva le Georges, nuair is léir faoi dheireadh nach leor a dhícheall. ‘Tánn tusa chun í a thógaint más ea’, ar seisean. Tost fada.

Súil ar Suarachas Saoil an Duine

Tugann ‘Amour’ cic mhíthrócaireach sna putóga dúinn. Níl íomhá níos treise ná an chóiréagrafaíocht a chleachtaíonn Georges, a dhá láimh timpeall uirthi, an chuma orthu gur ag válsáil le chéile atáid, ise á bhogadh ón gcathaoir chun na leapan aige, nó, níos bunúsaí fós, ón leithreas chun na cathaoireach, agus ar ais arís – aithris thruamhéalach ar an gcúpla steip.

Ach ní hé an dubh amháin a iompraíonn scuab Haneke. Lastar suas an scáileán le gae nó dhó gréine nuair a thagann Anne ar ais chuici féin ó am go chéile. Is geall le páiste le bréagán cianrialaithe í an chéad uair di sa chathaoir rotha leictreach. Briseann éadroime na seanspraoí amach eatarthu, rince sna súile, miongháire beag, macalla tréan an chaidrimh a bhíodh ann tráth. Is rud as an ngnáth ar fad é taispeántas Emmanuelle Riva. Imeartas beag eatarthu - ‘Na lig don tseanaois d’íomhá a lot’, ar sise. Mórgháire déadach ó Trintignant, iar-Dhia fearúíl Nouvelle Vague na seascaidí.

Ach níl aon easpa tuisceana ar shuarachas cleachtaithe an duine ach oiread. Tugann feighlí an fhoirgnimhaire’ dóibh ar feadh tamaill. Bailíonn sí an tsiopadóireacht. ‘Seo í an tsóinseáil’, ar sise, go pointeálta. ‘Coiméad é’, arsa Georges. Níor ghá an tríú focal uaidh. Iompraíonn a fear chéile siúd buidéil uisce suas an staighre dóibh ar ball. Fanann sé beagáinín rófhada sa chistin. Duine eile atá cleachtaithe ar an síneadh láimhe a mhealladh. Tá an nós céanna ag fir an otharchairr. Agus nuair a thugann Georges bata agus bóthar garbh don altra (tá feidhm phlota le seo nach léir dúinn san am), tá an lámh shantach sínte amach arís eile. Meallann airgead cúnamh, is cosúil.

Cúlaíonn clann, comharsain agus an ceol féin an doras amach de réir a chéile. Níl fágtha ar deireadh acu ach an grá. Grá, sa chás áirithe seo, atá iomlán tarchéimnitheach.

Tá scríofa cheana féin agam (‘Beo’, Eagrán na Nollag 2009) faoi stíl agus cur chuige Haneke. Tá an tsúil agus an tuiscint agus an guth níos siúrálta anois. Níos boige, b’fhéidir.

Ach siad Trintignant agus Riva bun agus barr ‘Amour’. Níl dul tharstu.

Is mó go mór ná éacht aisteoireachta é seo. Nochtú fíochmhar anama atá ann.

Croch suas é!

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.