CÚINNE NA nEALAÍON
KINO na NOLLAG
Pat Butler Pat Butler

Molann Pat Butler saothar deiridh Michael Haneke, ‘Das Weisse Band’, go hard na spéire. foirfeacht stiúrtha le fada an go dtí é.

Íomhá
Fógra an scannáin ar Vicipéid (© 2009 le Sony Pictures)
Íomhá
Ráiteas Kaiser an ama, Wilhelm II, (le Franz Stassen ar Vicipéid)
Íomhá
Fearg fhíréanta

Das Weisse Band’ -An Ribín Bán, le Michael Haneke

Briseann sraith dethimpistí agus de dhrochtharlúintí suaimhneas tuaithe an phobail. Leagtar capall an Dochtúra le sreang íseal ceangailte idir dhá chrann. Beart a fhágann an lia san otharlann. fada go dtugtar léasadh do mhac an Bharúin; basctar mac na mná cabhrach chomh dona sin (lead álainn le siondróm Down) gur ar éigean a shlánófar a amharc. Loisctear fómhar an Bharúin nuair a théann a scioból trí thine san oíche. Níl ansin ach a leath. caidreamh mí-oiriúnach idir an Dochtúir agus a iníon óg déagóra. Titeann bean aimsire bás ó áiléir chró feirme an Bharúinsea go deimhin, an t-olc ligthe den éill is an saol camtha as a riocht. Fáilte chuig domhan dubh agus bán Michael Haneke. Ina bhfuil an bán ina dhubh, agus an dubh ina geal an bhfuil??? (http://www.youtube.com/watch?v=2aaapMYGBJs) (http://www.youtube.com/watch?v=rUUuD0oh81o)

seanrá ag na Sínigh -Go mairir an céad d’fhonn díoltas a imirt ar do pháistí, ach i ndomhan an auteur Ostaraigh áirithe seo, ’s iad na páistí a imríonn díoltas gan taise ar thuistí is ar shochaí atá seasc, brúidiúil, ina bhfuil an ghangaid in áit an ghrá. Sochaí a chuireann chois iad. Sochaí ina gcoimeádann an Críost Liútarach agus an Kaiser Gearmánach riar, eagar agus smacht phiúratánach iad. Sochaí, i mbliain ár dTiarna 1913, ar leic an Chogaidh Mhóir, ina n-oibríonn an Críost agus an Kaiser as lámha dianrialúcháin a chéile.

Bodach na Saoirse Bréagaí

Agus nárbh í an ghlúin sin páistí, ar ball, a leanfadh Ostarach eile go leaca fuara Ifrinn, agus tharstu? ardaíonn Haneke an cheist sin sa scannán a bhain an Palme d’Or i Cannes ar deireadh i mbliana. i bhfad Éireann ró-oilte mar ealaíontóir chun cleas tuatach, garbh mar sin a fhéachaint orainn. (http://isurvived.org/)

Ach toisc go bhfios dom gurb iad glúin na bpáistí seo a lean bodach na saoirse bréag le díograis mhíchuí scór bliana tar éis eachtraíocht an scéilín seo, níl aon éaló uaithi mar cheist ar na cliatháin dom. Tumtha, mar a bhíos, i mbréagshoineantacht an phobail tuaithe sin don uair a chloig go leith ba chineamúla, b’fhoirfe is ba dhúshlánaí a tháinig inár dtreo le fada an . raibh aon éaló agam ó cheisteanna leithéid. Sea, An Ribín Bán’, le Michael Haneke, ar an leibhéal sin foirfeachta. (http://en.wikipedia.org/wiki/TheWhiteRibbon)

Deir Haneke in agallamh leSight and Sound’ gur suim leis an ceangal idir phiúratánachas Liútarach thuaisceart na Gearmáine aguscosaint na Naitsithe sin a mhaígh gcosaint féin nach raibh ach ord agus eagar á chur i bhfeidhm acu trí orduithe dleathacha a leanúint.

Is fuirist lorg na cosanta sin a cheangal leis an gcineál sochaí a chruthaíonn Haneke saRibín Bán’ dúinn. Rialaíonn ionadaithe an Chríost is an Kaiser pobal beag protastúnach na dúichí dúnta seo trí ordlathas docht. An Barún, an Tréadaí Ministéara, an Dochtúir, an tOide Scoile. Siadsan na húdaráis a láimhseálann cumhacht. Fána smacht siúd an stíobhard, na seirbhísigh, na hoibrithe, na sclábhaithe feirme. Agus na páistí. Sea a chairde, dearmadfaimis na páistí.

Klara agus Martin, iníon agus mac an Mhinistéara ach go háirithe. Déagóirí atá éirithe dúr, stalcánta, doicheallach. Táid déanach don dinnéar. Tugtar an bata dóibh. Ceanglaíonn an t-athair, seirbhíseach , ribíní báná lena ngéaga. Meabhrú na soineantachta, ach náiriú poiblí san am céanna. Ach drochfhear, drochathair d’aon ghnó an Tréadaí seo. An lámh in uachtar atá uaidh ar pheacacht nádúrtha an duine, sin an méid. Más í fearg fhíréanta atá á thiomáint, atáciontach - é féin, an Dia míthrócaireach a adhraíonn ? Arís, Haneke a ardaíonn na ceisteanna seo. Éalaíonn siad aníos as fo-chomhfhios an bhreathnóra. An réamh-mhacalla iad na ribíní bána seo de na comharthaí réaltógacha buí lena mbrandálfaí díchumhachtacha eile sa tsochaí céanna scór bliana ar aghaidh? Agus, más ea, arbh iad Klara agus Martin a smaoinigh ar a leithéid de chleas úiríslithe? Meabhrú naciontachta’, agus náiriú poiblí san am gcéanna? Arís, fágann Haneke an dúcheist ar oscailt dúinn. Sin é a bhealach oibre. Níl stiúrthóir scannáin ann níos daonlathaí é. Tugann an t-amhábhar dúinn. Ach is sinne, an lucht féachana, na heagarthóirí a iomlánaíonn an scéal, óna shamhlaoidí siúd, dúinn féin.

Is bealach nua déanta scannán é seo. Is maith a thuigeann Haneke cad ar siúl aige.

An Cur Chuige Cheisteach

Arbh í iníon an Dochtúra a leag an bobghaiste , mar díoltas as a mí-úsáid fána láimh? an Dochtúir i gcaidreamh fuarghnéis leis an mbean chabhrach bhocht, a tháinig chun cónaithe leis tar éis bhás a mhná i luí seoil. An rabhadar beirt comhpháirteach ina bás siúd? An féidir dul i muinín tráchtaireacht an Mhúinteora? Ceisteanna anuas ar a chéile. Cuirim mo mhuinín in ealaíontóir a ardaíonn i bhfad níos ceisteanna ionam freagraí.

Cothaíonn Haneke an éiginnteacht chruthaitheach oscailte, a thugann ar turas sinn isteach i saol na ndaoine fírinneacha inchreidmheacha seo ar an scáileán romhainn. Mairimid ár ndaonnacht féin tríothu. Níl aon chur i géill aon chleasaíocht ar siúl aige linn. Níl ár gcuid mothúchán á láimhseáil ár dtreorú le ceol aige ach oiread. Locht, admhaím, go gcaithfead leigheas ionam féin. Níl stiúrthóir scannáin ar domhan is fearr a thugann meas agus urraim don mbreathnóir sa tsaoirse is a bhronnann orainn.

seanchloiste againn gurbréag’ atá á hinsint agat luaithe a chuirfidh dhá sheat le chéile. Gur ionramháil, ar a fheabhas, atá ar siúl agat. Nach í an réaltacht a thuilleadh atá agat, ach eagrán amháin de. fírinne sa léamh sin fós, ach creidim, le cur chuige ionraic, oscailte, réabhlóideach Haneke, gur thug i bhfianaise a chuid carachtar, agus an domhain ina maireann siad. Creidim gur mhair siad ionam agus tríom le linn na teaspána, is go bhfuilid á n-iompar istigh anois ionam ó shin.

gach den tseachtain a tharlaíonn sin dom.

na féidireachtaí scannáin curtha in athriocht ag Haneke. Seasfaidh an ceann seo. In ainm , ar ór ar airgid, caill é.

Pat.Butler@beo.ie

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.