Cartlann
gluais Gluais
EAGRÁN #12 · AIBREÁN 2002
CAINT AN tSRÁIDBHAILE

Níl na heagraíochtaí Gaeilge ag déanamh go leor leis an nGaeilge a chur chun cinn i measc na n-inimirceach.

»»»
Íomhá
AGALLAMH BEO
Diarmaid Mac Mathúna

Cé nach bhfuil Darren Ó Rodaigh ach cúig bliana is fiche d’aois tá comhlacht teicneolaíochta bunaithe aige i mBaile Átha Cliath a bhfuil ag éirí thar cionn leis. Labhair Diarmaid Mac Mathúna leis faoina shaol agus faoina chuid oibre.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO/Ó MHEIRICEÁ ANIAR
Tom Deignan

Tá na scannail ghnéis go léir a tháinig chun solais le tamall anuas ag déanamh an-dochair don Eaglais Chaitliceach i Meiriceá. Tuairisc ó Tom Deignan.

»»»
Íomhá
TEANGA AGUS CULTÚR/AN GHAEILGE I gCÉIN
Mark Ó Fionnáin

Bhí an-ionadh ar chairde Mark Uí Fhionnáin nuair a chuala siad go raibh sé ag tabhairt aghaidhe ar Lublin in Oirdheisceart na Polainne chun an Ghaeilge a mhúineadh. Nuair a shroich sé an chathair, áfach, fuair sé amach go raibh an-suim ag bunadh na háite i gcultúr na hÉireann.

»»»
Íomhá
GNÓ AGUS TEICNEOLAÍOCHT
Ciarán Mac an Bhaird

Creideann Ciarán Mac an Bhaird gur fiú go mór an deis a thapú atá curtha ar fáil ag an rialtas leis an Scéim Dhreasachta Coigiltis.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
Balor

Tráchtann Balor ar chuid de na ceisteanna atá i mbéal an phobail faoi láthair sa Stát Seicteach, Aon-Diach, Aon-Chultúrach, Truamhéalach seo ar a dtugtar Éire.

»»»
TEANGA AGUS CULTÚR/DÚSHRAITH NA GAEILGE
Nóirín Ní Ghrádaigh

San alt rialta seo, ceistíonn Beo! duine as eagras nó institiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu. An mhí seo: Nóirín Ní Ghrádaigh, Breacadh (Conamara).

»»»
Íomhá
CÚINNE NA nEALAÍON/AN RÓGAIRE DUBH
Antaine Ó Faracháin

Scoil cheoil thraidisiúnta a reáchtáiltear do dhéagóirí Chonamara aimsir na Cásca atá i gceist le Cumar. Bíonn an scoil ar siúl go bliantúil ó Luan Cásca go dtí an Satharn dár gcionn. I mbliana beidh Cumar ar siúl ón 1 - 6 Aibreán agus is i gCeantar na nOileán a bheas an scoil lonnaithe, thart ar an Trá Bháin agus Tír an Fhia. Le fáil amach go díreach cad atá pleanáilte ag Cumar i mbliana, chuaigh Antaine Ó Faracháin chun cainte le Neansaí Ní Choisdealbha, duine de stiúrthóirí na féile.

»»»
Íomhá
CÚINNE NA nEALAÍON
Ciara Nic Gabhann

Thug Ciara Nic Gabhann cuairt ar Dhánlann Uí Chionnaith i nGaillimh agus labhair le duine de na húinéirí, Tom Ó Cionnaith.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
Dáithí Ó Colchúin

rath ar an bhfeirmeoireacht san Astráil faoi láthair ach, mar a mhíníonn Dáithí Ó Colchúin, tá imní ag na feirmeoirí mar sin féin.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO/AN EORAIP
Roberta Stefan

Ar an mhí seo chugainn, beidh bliain caite ag Silvio Berlusconi mar Phríomhaire ar an Iodáil. Féachann Roberta Stefan siar ar shaol an pholaiteora chonspóidigh seo.

»»»
Íomhá
GNÓ AGUS TEICNEOLAÍOCHT
Emer Ní Bhrádaigh

Tá ceithre oiread daoine ag fáil oideachas tríú leibhéal anois ná mar a bhí sna seascaidí ach tá go leor daoine fós nach bhfuil deis acu teacht i dtír ar an réimse leathan cúrsaí atá ar fáil. Measann Emer Ní Bhrádaigh go gcaithfear dul i ngleic leis an bhfadhb seo agus leis an deacracht atá ann de bharr líon na ndaltaí Ardteistiméireachta a bheith ag titim.

»»»
Íomhá
TEANGA AGUS CULTÚR/AN GHAELTACHT BHEO
Dara Ó Conaola

Sa tsraith seo, tugann Beo! cuairt ar Ghaeltachtaí na hÉireann. In alt na míosa seo, tá cur síos ag Dara Ó Conaola ar Inis Oírr, amach ó chósta na Gaillimhe.

»»»
Íomhá
GNÓ AGUS TEICNEOLAÍOCHT
Diarmaid Mac Mathúna

Tá cur síos an mhí seo ag Diarmaid Mac Mathúna ar chuid de na háiseanna ríomhaireachta atá ar fáil dóibh siúd atá faoi mhíchumas.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO/LITIR AS BÉAL FEIRSTE
Liz Curtis

Bhí ar eagarthóir an bhréagnuachtáin aoraigh, The Portadown News, éirí as a phost lánaimseartha i gcomhlacht ríomhaireachta mar gheall ar fheachtas a cuireadh ar siúl ina choinne. Cúlra an scéil ó Liz Curtis.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
Tony Birtill

Le roinnt blianta anuas tá maidhmeanna sneachta tar éis bás roinnt sléibhteoirí a thabhairt in Albain. Tuairisc ó Tony Birtill.

»»»
Íomhá
THALL IS ABHUS/LAETHANTA SAOIRE
Gabriel Rosenstock

Bhuaigh Gabriel Rosenstock turas timpeall an domhain do bheirt an bhliain seo caite. Chaith sé féin agus a bhean Eithne nach mór trí mhí ag taisteal agus thug siad cuairt ar shé thír éagsúla san Áis, i Meiriceá Thuaidh agus Meiriceá Theas. Sa sliocht seo as leabhar atá á scríobh aige faoi na heachtraí a tharla dóibh le linn an turais, tá cur síos aige ar Dhúbai, an chéad áit a stop siad.

»»»
Íomhá
SPÁRÁLAÍ SCÁILEÁIN

Taispeánann spárálaí scáileáin na míosa seo grianghraif de na Blascaodaí, grúpa oileán atá suite in iardheisceart na hÉireann, amach ó chósta Chorca Dhuibhne i gContae Chiarraí. Bhain na hoileáin cáil amach de bharr scríbhneoirí mar Thomás Ó Criomhthain (An tOileánach), Mhuiris Ó Súilleabháin (Fiche Blian ag Fás) agus Pheig Sayers (Peig).

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
Robert McMillen

Sa chlár teilifíse “Room 101” (a bhíonn le feiceáil ar BBC 2) faigheann aíonna deis rudaí nach maith leo sa domhan seo a chur isteach sa seomra áirithe sin chun fáil réidh leo. Samhlaíonn Robert McMillen céard a tharlódh dá mbeadh leagan Gaeilge ann den chlár.

»»»
CÚRSAÍ SPÓIRT
Colm Mac Séalaigh

Tá Colm Mac Séalaigh den tuairim gur gá don Chumann Lúthchleas Gael níos mó tacaíochta a chur ar fáil do na cumainn áitiúla.

»»»
RANNÓG NA bhFOGHLAIMEOIRÍ/TAISCE FOCAL
Gordon McCoy, Róise Ní Bhaoill

Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: stádas sóisialta.

»»»

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.