AR NA SAOLTA SEO/AN EORAIP
Silvio Berlusconi: ag imirt deismireachta ar náisiún
Roberta Stefan Roberta Stefan Roberta Stefan

Ar an mhí seo chugainn, beidh bliain caite ag Silvio Berlusconi mar Phríomhaire ar an Iodáil. Féachann Roberta Stefan siar ar shaol an pholaiteora chonspóidigh seo.

Íomhá
Silvio Berlusconi, Príomhaire na hIodáile
Íomhá
Francesco Rutelli, ceannaire an Pháirtí Radacaigh
Íomhá

Tá Príomhaire na hIodáile, Silvio Berlusconi (65), tar éis a bheith ina phearsa chonspóideach i gcúrsaí polaitíochta idirnáisiúnta ó d’éirigh lena pháirtí lárnach deasach, Forza Italia, teacht i gcumhacht arís i mí na Bealtaine anuraidh. Is duine é Signor Berlusconi nach bhfuil aon leisce air é féin a chur i láthair mar cheannaire agus mar státaire láidir.

Le linn an fheachtais toghcháin anuraidh, ba é Francesco Rutelli (46), ceannaire an Pháirtí Radacaigh, an príomhchéile comhraic a bhí aige. Ó thaobh polasaithe de, is beag difear a bhí idir an dá pháirtí. Bhí siad araon ag iarraidh cánacha níos ísle, seirbhísí níos fearr, fás geilleagrach níos láidre, príobháidiú, níos mó beart frithchoireachta, agus polasaithe níos déine chun déileáil le hinimirce mhídhleathach.

Dá bharr seo, b’iomaíocht idir dhá phearsantacht a bhí san fheachtas sa deireadh, idir Berlusconi, fiontraí a tháinig i dtreis as a stuaim féin, agus Rutelli, polaiteoir níos óige agus níos plásánta. Nó, mar a dúirt na hIodálaigh, an duine saibhir i gcoinne an duine dhathúil. Is feachtasóir maith é Rutelli, ach bhí bá níos mó ag an phobal le Berlusconi de bharr gur chreid siad gur fear rathúil é ar féidir leis saibhreas a chruthú do gach duine.

Rinne Berlusconi féin treisiú air seo le feachtas feiceálach poiblíochta a thosaigh bliain iomlán roimh an olltoghchán. Bhí an tír breac le póstaeir a thaispeáin a aghaidh ghriandaite agus ar a raibh manaí mar “cathracha níos sábháilte, post agus cánacha níos ísle do gach duine”.

Tá a shaibhreas pearsanta as cuimse mór. Is é an fear is saibhre san Iodáil; anuraidh shaothraigh sé $7.7 milliún (go hoifigiúil ar aon nós) agus meastar go bhfuil saibhreas de $11 billiún aige ar fad. Mar chuid den fheachtas toghcháin, sheol sé amach 12 milliún cóip dá dhírbheathaisnéis, Una Storia Italiana, chuig vótálaithe, rud a mheastar a chosain suas le $20 milliún a dhéanamh.

Teachtaireacht shoiléir

Deir Berlusconi gur oibrí coiléir ghoirm é, fiontraí, agus fear a thuigeann na feirmeoirí agus na ceardaithe. Deir sé le lucht gnó gur duine dá ngrúpa é, deir sé le feirmeoirí gur chabhraigh sé lena thuismitheoirí sna páirceanna i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda agus deir sé le ceardaithe gurbh é féin a chuir síos an brat urláir ina chéad oifig. Tá an teachtaireacht soiléir: Is duine mar sibh féin mise, fear a tháinig chun cinn sa saol as a stuaim féin. Tá muinín ag daoine as a scileanna bainisteoireachta agus tá an tuairim ann go forleathan nach mbeidh deacracht dá laghad aige ag reáchtáil Italia Inc., ós rud é gur éirigh leis impireacht mhór gnó a riar go héifeachtach.

In ainneoin go gcothaíonn sé íomhá íon, thrédhearcach de féin, is minic roimhe seo a raibh deacrachtaí aige leis an dlí mar gheall ar scannail éagsúla. Tá daoine ann a chreideann go bhfuil ceangal láidir aige leis an mafia, agus is cinnte nár chabhraigh sé le Berlusconi go bhfuair sé an-chabhair i gcónaí ó Bettino Craxi, an t-iar phríomhaire sóisialach (1983-’87) a ciontaíodh as caimiléireacht. Tá sé curtha i leith Berlusconi gur thug sé breabanna do bhreithiúna sa dóigh is go n-éireodh leis teacht slán ó na cásanna cúirte ar fad a raibh sé sáite iontu. I 1981, fuarthas amach freisin go raibh Berlusconi ina bhall de P-2, Craobh de Chumann na Máisiún atá mar ghréasán rúnda ag póilíní, baill de na fórsaí slándála agus den rúnseirbhís, lucht gnó, baincéirí agus baill de na meáin chumarsáide. Is é an aidhm atá ag an eagras seo ná a chinntiú go gcuirfidh an dream seo go léir cosaint ar fáil dá chéile.

Cúlra

Ach cén saghas saoil a bhí ag Berlusconi sular bhain sé a stádas reatha amach mar Il Cavaliere (an Ridire)? Rugadh é i Milano i mí Mheán Fómhair 1936 agus ba fheidhmeannach meánaicmeach bainc é a athair. D’íoc Silvio as a thréimhse san ollscoil trí bheith ag obair mar crooner ar chúrsóirí agus trí tháille a ghearradh ar a chomhscoláirí as a bpáipéir scrúdaithe a scríobh. Chríochnaigh sé a chuid staidéir le céim sa dlí.

Ansin i 1962, ag am a raibh borradh faoi thionscal na tógála, bhunaigh sé comhlacht darbh ainm Edilnor. Seacht mbliana ina dhiaidh sin fuair sé 3 bhilliún lira ar iasacht chun an baile codail Milano 2 a thógáil in aice lena chathair dhúchais. Gan mhoill, ba é Berlusconi an forbróir ba mhó áras cónaithe agus móreastát réadach miondíola san Iodáil.

I 1974 thosaigh sé ag infheistiú in earnáil na teilifíse den chéad uair, earnáil bhí ar tí fás go mór. I 1980, bhunaigh sé Canale 5, an chéad ghréasán tráchtála náisiúnta teilifíse, mar aon le Italia 1 i 1982 agus Rete 4 i 1984. D’éirigh leis é sin a dhéanamh mar gur rialaigh an Chúirt Bhunreachtúil i 1976 nach raibh sé de chead ag an stáisiún náisiúnta teilifíse, RAI (Radio Televisione Italiana) monaplacht a bheith aige i réimse na craoltóireachta náisiúnta a thuilleadh. I ndiaidh an chinnte seo, d’imigh cúrsaí ó smacht agus bunaíodh 700 stáisiún bradach teilifíse ar fud na hIodáile.

Thuig Berlusconi ar an toirt go raibh féidearthachtaí móra ann airgead a ghnóthú de bharr na n-athruithe a bhí ag tarlú agus bhunaigh sé cuideachta shealbhaíochta, Finivest, chun a chuid leas ar fad a riar. I 1979, bhunaigh sé cartlann ollmhór scannán agus thug deis do stáisiúin teilifíse teidil a fháil ar cíos ar an choinníoll go gcraolfadh siad fógraí a cheannódh siad trí fhochuideachta dá chuid, Publitalia.

Gan mhoill, bhí sé go mór chun tosaigh i margadh na teilifíse, margadh ar fhás a sciar d’ioncam náisiúnta fógraíochta ó 15% i 1976 go beagnach 50% deich mbliana ina dhiaidh sin. Faoi 1983, bhí ioncam fógraíochta níos airde ag Publitalia ná mar a bhí ag RAI agus faoi dheireadh na n-ochtóidí bhí suas le 70% den ioncam iomlán fógraíochta teilifíse faoina smacht.

Rinneadh iarracht cuid cumhachta Berlusconi a laghdú le polasaithe in aghaidh trustaí ach níor éirigh le haon cheann de na hiarrachtaí sin go dtí seo. De bharr go bhfuil sé ina phríomhaire ar an Iodáil anois, tá go leor cainte á dhéanamh faoin dóigh a bhfuil smacht aige ar na sé phríomhstáisiún teilifíse sa tír (is é úinéir trí cinn acu agus tá na trí cinn eile in úinéireacht an stáit).

An fhoilsitheoireacht

Ach ní hiad na stáisiúin teilifíse amháin atá faoi smacht Berlusconi. Is é úinéir an fhoilsitheora is mó san Iodáil, Mondadori, comhlacht a fhoilsíonn leabhair mhór-ráchairte, nuachtáin agus irisí, agus a bhfuil 20% den mhargadh foilsitheoireachta inmheánach aige. Tá Berlusconi ina úinéir ar nuachtán tábhachtach chomh maith agus baint mhór aige leis an chlub sacair mór le rá sin, AC Milan.

Agus mé i mbun taighde don alt seo, labhair mé le hiarbhainisteoir de chuid na sreangshiopaí Standa, fear a chaith seal ag obair le Berlusconi agus a bhfuil aithne mhaith aige air. Dúirt sé liom gur “aisteoir agus stiúrthóir scannán den scoth” é an príomhaire “a thugann ról dó féin agus a n-éiríonn leis an pháirt a ghlacadh go foirfe. Tá sé chomh maith sin ag imirt deismireachta ar dhaoine lena chuid aisteoireachta go gcreideann sé féin sa ról atá á ghlacadh aige sa deireadh. Níl aon duine inchurtha leis ag léiriú measa air féin agus bíonn sé ag súil le daoine eile meas a léiriú air chomh maith. Má easaontaíonn tú leis, baineann sé de a aghaidh fidil agus bíonn aiféala ort gur labhair tú. Tá na hIodálaigh faoi dhraíocht ag a scileanna cumhachtacha cumarsáide.”

Mar a dúirt Indro Montanelli, iriseoir atá báúil leis na lárnaigh dheasacha agus a labhraíonn go neamhbhalbh i gcónaí: “Is gá go ndéanfaí na hIodálaigh a ionaclú in aghaidh Berlusconi. An t-aon bhealach leis sin a dhéanamh ná é a thabhairt dóibh mar cheannaire go ceann cúig bliana.”

Is múinteoir Béarla i Milano na hIodáile í Roberta Stefan. Chríochnaigh sí tráchtas ar mhúineadh na Gaeilge in Éirinn i mí na Nollag 2000.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.