GNÓ AGUS TEICNEOLAÍOCHT
Inrochtaineacht sa lá atá inniu ann
Diarmaid Mac Mathúna Diarmaid Mac Mathúna Diarmaid Mac Mathúna

Tá cur síos an mhí seo ag Diarmaid Mac Mathúna ar chuid de na háiseanna ríomhaireachta atá ar fáil dóibh siúd atá faoi mhíchumas.

Íomhá
Íomhá
Íomhá
Íomhá
Íomhá
Íomhá
Íomhá

Tá sé deacair go leor ríomhaire a úsáid nuair atá tú i mbarr do shláinte, gan trácht ar cheann a úsáid nuair atá tú faoi mhíchumas ar shlí éigin. Braitheann cuid mhaith cláracha ríomhaireachta ar úsáid na luiche chun iad a chur ag obair - ach tá sé deacair luch a chur ag obair nuair nach bhfuil úsáid do lámh agat, nó má tá éalang radhairc ort.

inrochtaineacht ar cheann de na téarmaí is tábhachtaí i saol an idirlín faoi láthair. Is é sin, tá béim á cur ar shuímh ghréasáin a dhearadh ar shlí gur féidir le gach aon duine iad a úsáid, agus teacht ar an eolas atá ar fáil. Bíonn béim an-mhór ar íomhánna agus ar shaghsanna éagsúla cló ar shuímh ghréasáin, ach úsáideann roinnt daoine brabhsálaithe nach dtaispeánann na grafaicí sin (ar nós Lynx ar chórais Linux) nó cláracha speisialta a léann an téacs amach os ard dóibh siúd nach bhfuil radharc na súl go maith acu. Mar sin, nuair atá suíomh gréasáin á dhearadh is fearr i gcónaí gach eolas tábhachtach (agus fiú amháin na nascanna ó áit amháin ar an suíomh chuig áit eile) a bheith priontáilte go soiléir sa phríomhchuid den téacs ar an leathanach.

Sin rud a thuig rialtas Stát Aontaithe Mheiriceá cúpla bliain ó shin, nuair a chinntigh siad go mbeadh gach suíomh rialtais inrochtaithe - go díreach faoi mar a bhí gach foirgneamh rialtais. Ciallaíonn sé seo go bhfuil gá le seifteanna éagsúla chun dearadh suíomh gréasáin a fheabhsú, agus tá eolas mar gheall ar na féidearthachtaí sin curtha ar fáil ag O’Reilly, na foilsitheoirí.

treoracha úsáideacha ar dhearadh leathanaigh idirlín curtha ar fáil ag Rialtas na hÉireann freisin, agus tá nóta nó dhó ina measc ar inrochtaineacht.

An ríomhaire féin

Accessibility Options i Windows 98 freisin.

Cé go bhfuil slite ann chun úsáid ríomhairí agus an Ghréasáin Dhomhanda a dhéanamh níos éasca dóibh siúd atá faoi mhíchumas, caithfear fós cabhair a fháil chun iad a chur ag obair. Faraor ní thugann teicneolaíocht chumhachtach an lae inniu mórán neamhspleáchais do dhaoine.

Cliceáil ar eireaball na muice

=======

Má chaitheann tú cuid mhaith ama ar an idirlíon, d’fhéadfá tairbhe níos mó a bhaint as trí chuairt a thabhairt ar www.pigsback.com. Gach uair a chliceálann tú ar na fógraí speisialta atá ar an suíomh sin bronntar pointí ort, agus nuair atá go leor pointí agat is féidir leat bronntanas beag a roghnú duit féin. Ach má theastaíonn uait cabhrú le daoine eile seachas leat féin, b’fhiú cuairt a thabhairt ar an suíomh seo: www.hungersite.com Le clic amháin gach lá is féidir leat cupán ríse a chur chuig daoine sa tríú domhan.

Tá cuid mhaith suíomh cosúil leis an Hunger Site ar an idirlíon anois, agus tá sé deacair fios a bheith agat cé a fhaigheann tairbhe astu. Mar sin, is seirbhís an-mhaith é an ceann seo a leanas a dhéanann léirmheas criticiúil ar na suímh charthanachta chun féachaint cé chomh hiontaofa is atá siad: www.kimberlychapman.com/charitycheck/charitycheck.html.

*Tá *"GaelSpell”, litreoir Gaeilge a oibríonn le Microsoft Word, Outlook, FrontPage agus PowerPoint, curtha ar fáil ag an údar ar an suíomh gréasáin www.gaelspell.com.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.