AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
El Niño ag bagairt arís?
Dáithí Ó Colchúin Dáithí Ó Colchúin Dáithí Ó Colchúin

rath ar an bhfeirmeoireacht san Astráil faoi láthair ach, mar a mhíníonn Dáithí Ó Colchúin, tá imní ag na feirmeoirí mar sin féin.

Íomhá
Tuilte a tharla de bharr El Niño, Lakeport, California i 1998
Íomhá
Tine i bhforaois san Astráil le linn triomaigh

Is annamh a bhíonn feilméaraí na hAstráile gan údar clamhsáin. Cúpla bliain ó shin bhí siad ag gearán faoin rialtas náisiúnta agus a laghad airde is a thug siad ar dheacrachtaí faoin tuath. Cuireann an aimsir as dóibh go minic - triomach, cuir i gcás, nó tuilte nó tinte. Ach faoi láthair is é an gearán atá acu nach rómhinic a bhíonn cúrsaí chomh maith is atá siad faoi láthair. Níl aon triomach ann. Níl aon tuilte ann. Tá an barr is fearr le blianta bainte. Tá praghsanna chomh hard is a bhí riamh ar chruithneacht, ar olann is ar bheithígh. Tá deireadh curtha ag na Meiriceánaigh le cosc ar uaineoil na hAstráile. Tá na feilméaraí ar mhuin na muice - nó ar mhuin na caorach ar aon nós.

Ach d’fhéadfadh sé go bhfuil scamall beag ar íoghar na spéire - El Niño, athrú ar chúrsaí aeráide a thosaíonn san Aigéan Ciúin ach a mbíonn tionchar aige ar sciar maith den domhan. De ghnáth bíonn paiste uisce i lár an Aigéin a bhíonn céim nó dhó Celsius níos teo ná an t-uisce ina thimpeall. Nuair a lagaíonn an ghaoth anoir, bogann an t-uisce te soir in aice le cósta thiar Mheiriceá Theas, agus téann sé go mbíonn sé cúig nó sé chéim níos teo ná an t-uisce ina thimpeall. Sin an tús a bhíonn le El Niño.

Tarlaíonn sé gach sé nó seacht mbliana agus bíonn sé suas le hocht mí dhéag sula dtagann deireadh leis. De bharr galú, bíonn báisteach thubaisteach, tuilte agus maidhmeanna talún i bPeiriú, in Eacuadór agus i Veiniséala. Tarlaíonn a mhalairt ar an taobh thiar den Aigéan Ciúin - triomach san Astráil, i bPapua Nua-Ghuine, san Indinéis agus sna hOileáin Fhilipíneacha. Tharla na babhtaí is measa de El Niño go dtí seo i 1982-83 agus i 1997-98 agus tá sé tuartha ag lucht taighde go bhféadfadh babhta nua a bheith faoi lán seoil i mbliana.

Rinne an El Niño is deireanaí, i 1997-98, damáiste a chosain €15 billiún ar fud an domhain. Bhí tionchar aige i bhfad is i ngearr. Thit sneachta i nGuadalajara i dtuaisceart Mheicsiceo, áit nach raibh aon sneachta le 100 bliain. Ba é ba chúis leis an stoirm oighre a bhuail oirthear Cheanada in Eanáir 1998 agus leis na tinte foraoise san Indinéis a scaip deatach chomh fada ó bhaile le tuaisceart na hAstráile agus Kuala Lumpur na Malaeisia, áit a raibh ar na daoine mascanna a chaitheamh ar mhaithe lena sláinte. Ní cúis iontais é na heolaithe a bheith ag iarraidh a fháil amach an bhfuil sé ag bagairt arís.

Tá seanaithne ag iascairí i bPeiriú ar El Niño le cúpla céad bliain. Thug siad faoi deara nach raibh aon iasc sa bhfarraige nuair a bhí an t-uisce te. Ó tharla gur thosaigh sé go minic aimsir na Nollag, bhaist siad El Niño (An Buachaillín) air. Tá deirfiúr aige freisin, La Niña, nuair a tharlaíonn fuarú neamhghnách san uisce, ach ní bhíonn sí siúd chomh tubaisteach.

Ceaptar go bhfuil baint ag téamh domhanda leis an scéal agus dá bharr sin go bhfuil El Niño ag tarlú níos minice agus níos treise ná mar bhíodh. Tá feilméaraí na hAstráile ag coinneáil súil ghéar an an bpáistín fionn agus paidir nua acu: “Dia idir sinn agus El Niño”.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.