TEANGA AGUS CULTÚR/AN GHAEILGE I gCÉIN
Spéis mhór ag na Polannaigh i dteanga na nGael
Mark Ó Fionnáin Mark Ó Fionnáin

Bhí an-ionadh ar chairde Mark Uí Fhionnáin nuair a chuala siad go raibh sé ag tabhairt aghaidhe ar Lublin in Oirdheisceart na Polainne chun an Ghaeilge a mhúineadh. Nuair a shroich sé an chathair, áfach, fuair sé amach go raibh an-suim ag bunadh na háite i gcultúr na hÉireann.

Íomhá
An caisleán sa Seanbhaile i Lublin
Grianghraf: Mark Ó Fionnáin
Íomhá
Ollscoil Chaitliceach Lublin
Íomhá
Brama (Geata) Krakowska ag ceann an tSeanbhaile
Grianghraf: Mark Ó Fionnáin

Ba mhór an crá croí a fuair mé ó mo chuid cairde nuair a d’fhógair mé go raibh mé chun aghaidh a thabhairt ar an bPolainn chun an Ghaeilge a mhúineadh. Cén fáth (nó cad chuige/cad ina thaobh) an Pholainn? Cad atá ann? Cá bhfuil sí? An Ghaeilge?! Na créatúir bhochta! Gan trácht a dhéanamh ar an méid uaireanta a chuala mé an seanphort céanna sin gurb ionann Lublin agus Dublin ach litir amháin a athrú.

Ní orthusan amháin a bhí an t-ionadh ach ormsa freisin. Bhí tréimhsí caite agam sa Rúis agus, mar sin, bhí a fhios agam go raibh suim i dteanga, i gcultúr agus i gceol na hÉireann ag na Slavaigh (tá Roinn an-bheag i Státollscoil Mhoscó ina múintear rud beag Gaeilge agus Briotáinise) ach ba é seo an chéad uair domsa a chloisteáil go raibh Roinn ollscoile in Oirthear na hEorpa a bhí ag plé leis an nGaeilge ar bhonn lándáiríre. Ar aon chuma, ós rud é gur duine (cuibheasach) óg fuinniúil saor mé bhailigh mé mo chuidse giuirléidí agus abhae liom chun na háite coimhthíche seo chun an t-aiteas a iniúchadh.

Cathair is ea Lublin atá in Oirthear na Polainne (ceantar a dtugtar an Pholainn B uirthi mar go bhfuil sé níos daibhre ná an chuid den Pholainn atá ar an taobh thiar d’abhainn na Wisla). Is é príomhchathair an cheantair é agus é isteach is amach le 100 ciliméadar ón teorainn leis an Úcráin. Tá thart ar 400,000 duine ina gcónaí anseo, líon maith mac léinn ina measc mar go bhfuil cúig cinn d’institiúidí ardoideachais anseo. Is i gceann de na hinstitiúidí seo, Ollscoil Chaitliceach Lublin (KUL), atá an Roinn Cheilteach.

Rannóg inti féin

Bunaíodh Roinn an Bhéarla san ollscoil sna hochtóidí luatha agus ó thús na sin ceapadh an Ghaeilge, agus an Bhreatnais, a bheith ina gcuid dhílis de. Rannóg inti féin is ea an Roinn Cheilteach laistigh de Roinn an Bhéarla agus bíonn thart ar dheichniúr ag obair anseo gach bliain, idir Pholannaigh agus eachtrannaigh, muid ag múineadh na dteangacha thuasluaite (an tSean-Ghaeilge ina measc), litríochtaí na hÉireann agus na Breataine Bige (a scríobhadh sa dá theanga atá againn), teangeolaíochta agus staire.

Bíonn thart ar chaoga mac léinn i ngach bliain agus cuirtear ar an eolas iad faoi na tíortha Ceilteacha agus a mbaineann leo sa chéad bhliain agus i ndeireadh an dara bliain roghnaíonn siad an Ghaeilge nó an Bhreatnais, chun í a dhéanamh sa dá bhliain amach rompu. Mar aon leis seo is féidir leo cúrsaí eile sa litríocht nó sa teangeolaíocht a roghnú freisin. Tá leath de na mic léinn in ainm is an Bhreatnais a roghnú mar ábhar ach de bharr chlú agus cháil na hÉireann (agus a ceoil go háirithe) is minice an tromlach a bheith ag plé leis an nGaeilge bhreá bhinn bhlasta mhilis ná an Bhreatnais.

Maireann an cúrsa seo trí huaire a chloig gach seachtain go cionn dhá bhliain, agus cé nach mór an líon ama é i gcomórtas le hábhair eile is tréimhse í a thugann seans domsa agus do Emma Nic Chárthaigh, an múinteoir eile Gaeilge, roinnt mhaith den teanga a mhúineadh dóibh. Tosaíonn siad leis na rudaí is bunúsaí amuigh agus mar gur fúinn féin atá an cúrsa tugann sé seo an-saoirse dúinn ó thaobh ábhar de sa rang - úsáidtear scéalta, amhráin, ranna, etc. chun í a theagasc ar an mbonn is fearr linne féin. Tar éis an chúrsa dhá bhliain seo bíonn an seans acu leanúint ar aghaidh léi sa chúigiú bliain (céim cúig bliana atá anseo) ar bhonn deonach, rud a nglactar leis go minic. Ó am go chéile bíonn mic léinn nach mbaineann leis an Roinn, nó lenár n-ollscoil fiú, ag suí isteach ar ár gcuid ranganna.

Oíche Cheilteach

Is féidir an tsuim atá acu i gcúrsaí Gaeilge agus Breatnaise a fheiceáil san Oíche Cheilteach a bhíonn ar siúl anseo gach bliain nach mór. Dhá bhliain ó shin eagraíodh i gclub oíche í agus d’fhreastail thart ar 700 duine uirthi. I mbliana tá sé i gceist go mbeadh cúpla lá Ceilteach ann an mhí seo chugainn. Táthar ag súil go mbeidh beirt fhilí Breatnacha ag teacht ar cuairt chugainn chun a gcuid filíochta a léamh, go mbeidh cainteanna ó aíonna eile ar ghnéithe d’ealaín agus de litríocht na Gaeilge agus na hÉireann, agus go mbeidh buíonta ceoil ann a bheidh ag casadh cheol na hÉireann i rith na hoíche.

Lasmuigh de mhic léinn na Roinne tá suim ag gnáthmhuintir na cathrach i gcúrsaí na hÉireann freisin. Mar shampla, i mbliana chuaigh mé faoi agallamh raidió ag plé leis an gcúrsa Gaeilge san ollscoil agus faoi cheistiúchán i meánscoil i sráidbhaile gar do Lublin a bhain le hÉirinn agus an Aontas Eorpach. Thug Emma caint ar chúrsaí in Éirinn i gceann de na hollscoileanna eile anseo agus tá cuireadh faighte againn a bheith inár n-aíonna speisialta i méanscoil eile nuair a bheidh siadsan ag reáchtáil a Lae Ghaelaigh féin.

Tá an méid sin suime sa Ghaeilge agus in Éirinn anseo, agus an méid sin éilimh orainn gur maith an seans go bhfillfimid ar an áit seo go ceann bliana eile!

Is as Contae Chill Dara ó dhúchas é Mark Ó Fionnáin. Tá céim aige sa Rúisis agus sa Ghaeilge.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.