AGALLAMH BEO
Darren Ó Rodaigh
Diarmaid Mac Mathúna Diarmaid Mac Mathúna Diarmaid Mac Mathúna

Cé nach bhfuil Darren Ó Rodaigh ach cúig bliana is fiche d’aois tá comhlacht teicneolaíochta bunaithe aige i mBaile Átha Cliath a bhfuil ag éirí thar cionn leis. Labhair Diarmaid Mac Mathúna leis faoina shaol agus faoina chuid oibre.

Íomhá
Íomhá
Íomhá
Íomhá

Is fear gnóthach é Darren Ó Rodaigh. Nuair a d’éirigh liom teacht suas leis ar deireadh bhí sé ar a shlí chuig cruinniú gnó in Óstán Jurys i mBaile Átha Cliath. “Ní bhím chomh gnóthach seo i gcónaí,” a deir sé. “Mar fhiontraí ag tosú amach bíonn ort go leor a dhéanamh sa chomhlacht taobh amuigh den ghnáthobair. Bíonn tú i gcónaí ar d’airdeall le haghaidh deiseanna nua - agus bíonn ar bhunaitheoirí comhlachta an chuid is mó den obair a dhéanamh!” Ach tuigeann Darren go bhféadfadh sé a bheith níos gnóthaí fós: “Tá mé faoi bhrú anois, ach dá mbeadh scairshealbhóirí againn bheadh brú mór ag teacht uathu siúd freisin.”

Agus dá mbeadh scairshealbhóirí ag zamano www.zamano.com, an comhlacht a bhfuil Darren mar Bhainisteoir Forbartha Gnó air, is cinnte go mbeadh siad sásta. “Tá ag éirí ar fheabhas linn. D’éirigh linn pointe meá ar mheá a bhaint amach thart ar shé mhí ó shin agus tá ag éirí linn na billí a íoc. Níl muid ag dó airgid - agus rinne muid iarracht gan airgead a chaitheamh ón gcéad lá. Ar ndóigh chabhraigh sé go raibh beirt chuntasóirí mar stiúrthóirí ar an gcomhlacht!”

Agus ar ndóigh chabhraigh sé freisin go bhfuil muinín aige as an gcomhlacht: “Is muidne an comhlacht soghluaiste idirlín is fearr ar domhan” a mhaíonn sé. Bíonn an saol teicneolaíochta ag athrú chomh tapaidh sin go mbíonn sé deacair go minic a thuiscint cad go díreach a dhéanann na comhlachtaí ar fad atá ann.

Soláthraíonn muidne teicneolaíocht do chomhlachtaí ar nós Digifone chun gur féidir leo cluichí agus a leithéid sin a chur ar fáil dá gcustaiméirí. Déanann muidne an strus a bhaint ón bhfeidhmitheoir agus an costas a bhaint ó chomhlachtaí atá ag soláthar an content. Tá an-chuid taithí agus cumas teicneolaíochta againn - tá beagnach fiche duine ag obair dúinn, agus is teicneoirí iad deichniúr díobh siúd.”

Le cabhair ón eolas ar chúl a chárta gnó, mhínigh Darren dom na saghsanna éagsúla oibre a dhéanann an comhlacht. “Tá trí roinn ann. Sa rannóg ‘M-Ent’ nó ‘Mobile Entertainment’ cuireann muid cluichí ar fáil. Sampla de sin an cluiche ‘Smart Ass’ atá ar fáil do chustaiméirí DigiFone. Rud eile a fuair go leor poiblíochta le déanaí ná an tseirbhís ‘Group Text Messaging’ - sin cuid d’ár seirbhís bainistithe téacs.” Agus cad faoin tríú rannóg? “Sin an áit go mbeidh cuid mhaith ag tarlú amach anseo mar go mbeidh ráta níos airde ar theachtaireachtaí téacs chuig uimhreacha faoi leith. Is scothsheirbhísí iad sin agus cuirfidh muidne an tseirbhís ar fáil do chomhlachtaí tríú páirtí.”

Chun cumhacht na seirbhísí idirghníomhacha seo a léiriú dom, thaispeáin Darren an cluiche “Smart Ass” dom ar an bhfón soghluaiste breá a bhí aige féin. “Chun an cluiche a thosnú cuireann tú an focal ‘Ass’ mar theachtaireacht SMS chuig an uimhir theileafóin 1749.” Ansin faigheann tú teachtaireacht ar ais ón gcomhlacht chun gur féidir leat clárú agus an cluiche a imirt. Agus cad atá i gceist leis an gcluiche? “Is cluiche trivia atá ann go bunúsach - cé go bhfuil i bhfad níos mó ná sin i gceist. Cuirtear sraith ceisteanna chugat mar theachtaireachtaí téacs agus bíonn rogha agat a rá gurb é A, B nó C an freagra ceart. Seolann tú do fhreagra ar ais agus faigheann tú pointí agus ‘cairéidí’ as iad a fháil i gceart.”

Ach cad faoin gcostas atá ar na teachtaireachtaí sin ar fad a chur? “Tá costaisí éagsúla ag gabháil le cluichí éagsúla. Le ‘Smart Ass’ ní íocann an t-úsáideoir ach as na teachtaireachtaí a sheolann sé. Le cluichí eile, ar nós an chluiche focal Literatti, íocann an t-úsáideoir as teachtaireachtaí sa dá threo. An margadh atá ann don saghas seo cluiche ná áiteanna go mbíonn daoine bailithe le chéile.

“Thosaíomar feachtas fógraíochta le fógraí i dtithe tábhairne: ar na mataí beorach agus sna leithris. Ach go minic ní bhíonn a fhios agat cé go díreach a bheidh ag úsáid seirbhíse go dtí go gcuireann tú ar fáil í. Mar shampla, le ‘Group Text’, tá daoine á úsáid chun scéalta grinn a scaipeadh chuig a lucht aitheantais mar a dhéantar thar an ríomhphost go minic. Rud eile gur féidir a dhéanamh ná sceidealú - chuir go leor daoine teachtaireachtaí chuig a gcairde Lá Nollag go huathoibríoch, agus d’fhéadfaí é a úsáid chun cuimhneamh ar laethanta breithe daoine.”

Bunú an chomhlachta

Bhunaigh Darren Ó Rodaigh agus mic léinn eile ón gcúrsa Fiontar in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU) an comhlacht zamano nuair a bhí siad sa cheathrú bliain. “Bhí orainn plean gnó a chruthú sa dara leath den cheathrú bliain ar an gcúrsa. Bheartaíomar ar an deis a thapú chun comhlacht ceart a bhunú.” Bhunaigh siad zamano le cabhair ó Sheán Mac Réamoinn a bhí mar léachtóir fiontraíochta ar an gcúrsa. “Tá sé sách íorónta gur theip orm sa chúrsa a mhúin sé!” a deir Darren.

Is ainm as an ngnách é zamano, ach de réir cosúlachta is anagram é d’ainm comhlachta eile idirlín, amazon.com. “Bhí muid ag lorg ainm a bhí todhchaíoch ach neodrach. Bhí mise ag breathnú thart ar an idirlíon ag iarraidh teacht ar ainm oiriúnach, a bhain le déithe Ceilteachta, b’fhéidir, ach theip glan orm.”

Go luath tar éis bhunú an chomhlachta, bhog zamano chuig oifig taobh amuigh de champas DCU. “Níor theastaigh comhlacht campais uainn. Bíonn sé níos éasca d’aird a choimeád i gceart ar an gcomhlacht nuair nach bhfuil tú fós san ollscoil, áit a bhfuil do chairde ar fad fós. Fásann go leor comhlachtaí ollscoile ó ghrúpaí taighde agus ní bhíonn siad dírithe ar theacht isteach ceart, cé go raibh sé úsáideach áiseanna ríomhaireachta na hollscoile a úsáid i dtosach.”

Tá an-cháil ar an gcúrsa Fiontar (a mhúintear trí mheán na Gaeilge) mar áit chun taithí mhaith a fháil ar an saol gnó. “Bhí an cúrsa an-oiriúnach domsa - agus ní spin é sin. D’fhoghlaim mé na scileanna a bhí uaim chun mo chomhlacht féin a bhunú - scileanna ríomhaireachta, fiontraíochta agus go fiú teanga (rinne mé staidéar ar an bhFraincis le linn dom a bheith ann).”

An raibh fadhbanna aige leis an tearmaíocht ghnó as Gaeilge? "Bhí fadhb ann agus ní raibh. Bhí na nótaí ar fad ó na léachtóirí i nGaeilge, ach bhí na téacsleabhair i mBéarla. Ar ndóigh, bheadh sé go maith dá mbeadh na hacmhainní ann chun gach leabhar 700 leathanach ar Java a aistriú!”

Cé gur fhreastail duine eile de bhunaitheoirí an chomhlachta, Eoin Ó Ceallacháin, ar Scoil Chaitríona in aice le DCU, níor fhreastail Darren féin ar ghaelscoil. “Is as Brí Chualann dom féin agus chuaigh mé chuig Coláiste Chluain Chaoin.” Agus cad as a dtagann an Ghaeilge líofa atá aige? “Ghlac mé bliain saor ón ollscoil agus chuaigh mé ag obair le Coláiste na bhFiann. Agus chaith mé tamall nuair a bhí mé sa chéad bhliain ag obair le Raidió na Life. Bhí clár á chraoladh againn mar gheall ar Choláiste na bhFiann - bhí mise á léiriú agus ag ligean do na déagóirí an chaint a dhéanamh. Bíonn sé deacair clár leathuaire a líonadh!”

Chuir sé iontas orm a chloisteáil gur Gaeilge a labhraíonn lucht bainistíochta zamano ina measc féin san oifig. “Bhuel nuair a bhí mé ag obair i Lucsamburg ba Fhraincis a bhí á labhairt ag na Francaigh lena chéile - níl ann ach an rud céanna i gcás na Gaeilge.

“Bím ag freastal ar ócáidí ar nós Sult freisin. Is múnla an-mhaith é sin do rudaí eile a d’fhéadfaí a fhorbairt i saol na Gaeilge. Ní mhothaíonn daoine gan Ghaeilge go bhfuil siad as áit ann, agus tá atmaisféar neamhfhoirmeálta i gceist. Buntáiste eile ná nach bhfuil sé faoi thalamh!”

An Ghaeilge ar an idirlíon

Agus cad faoin nGaeilge ar an idirlíon? An mbraitheann sé go bhfuil ag éirí go maith leis sin? "Yeah, sílim go raibh sé scaipthe go maith roimhe seo agus nach raibh lárshuíomh ceart ann go dtí le déanaí. An laige is mó atá ann maidir leis an nGaeilge ar an idirlíon ná nach bhfuil áiseanna curtha ar fáil a chuireann ar chumas daoine an teanga a fhoghlaim. Ba cheart an teicneolaíocht a úsáid chun cabhrú le daoine. Braithim gur chóir suim bheag ar nós $20 a ghearradh ar dhaoine gach bliain chun gurbh fhiú dóibh leanúint le haon chúrsa a bheadh ar fáil. D’fhéadfaí seomraí cainte agus cleachtaí gramadaí a sholáthar - braithim go raibh airgead á chur amú roimhe seo.”

Abair seo linn...

Cén leabhar atá á léamh agat faoi láthair?

Jack: What I’ve Learned Leading a Great Company and Great People, dírbheathaisnéis Jack Welsh, iarcheannasaí General Electric.

Cén ceol is fearr leat?

Ceol ailtéarnach, mar a bhíonn ar Raidió an Life 106.4 fm.

Cén scannán is fearr a chonaic tú riamh?

The Field (1990), an scannán le Jim Sheridan, bunaithe ar dhráma John B. Keane.

Cá dtéann tú ar saoire?

TAn Fhrainc..

Cad é an méid ama a chaith tú thar lear anuraidh?

Mí san iomlán - seachtain de sin ar laethanta saoire.

Cén bhialann is fearr leat?

Le Coq Hardi i mBaile Átha Cliath - dala Charlie Haughey!

Cén duine is mó a bhfuil meas agat air/uirthi?

Pádraig Mac Piarais.

Cén duine is mó a chuaigh i bhfeidhm ort agus tú níos óige?

M’athair.

Cén rud is mó a chuireann isteach ort?

Ceisteanna!

Cad iad na huaireanta a oibríonn tú gach seachtain?

Ó 9:00 a.m. go 7:30 p.m. i rith na seachtaine - agus amanta ag an deireadh seachtaine freisin.

Cad iad na rudaí a chuireann strus ort?

Spriocdhátaí!

Agus cad faoi na Gaeil thar lear - ar chóir díriú ar chainteoirí Gaeilge i Meiriceá? “Ní chuirfinn na margaí i mboscaí tíre. Le ré an idirlín tá na teorainneacha sin ag imeacht. Is fearr daoine a rangú de réir cumais agus díriú ar ghrúpaí éagsúla ar nós ex-pats agus daoine a labhraíonn an Ghaeilge gach lá.”

Cad faoi theachtaireachtaí téacs as Gaeilge? “Tá an teicneolaíocht ann chun é sin a dhéanamh. Tá an caighdeán ábalta glacadh le sínte fada ach níl gach fón nó gléas ábalta déileáil leo. Is féidir Gaeilge a úsáid ar WAP go fiú, agus d’fhorbair muid feidhmchlár áirithe as Béarla, Fraincis agus Gaeilge mar chineál ‘demo’ den teicneolaíocht.”

Tá go leor cainte faoi láthair ar na fadhbanna airgeadais atá ag na comhlachtaí móra teileachumarsáide ar nós Vodafone agus British Telecom. An gcuirfidh na hathruithe atá ag tarlú dá mbarr isteach ar zamano? “Tá na comhlachtaí móra sin ag iarraidh an teacht isteach atá acu a ardú. Sin an pointe láidir atá againne. Is féidir an teicneolaíocht atá ag zamano a úsáid chun teacht isteach airgid níos airde a fháil ón úsáideoir trí sheirbhísí nua a chruthú. Táimid ag forbairt na dtáirgí atá againn chun leas a bhaint as teicneolaíochtaí nua ar nós 3G agus iMode. Tá ár dteicneolaíocht solúbtha agus is féidir linn saghas pick-and-mix a dhéanamh idir na caighdeáin idirlín shoghluaiste éagsúla - níl muid ceangailte le haon chaighdeán ná comhlacht faoi leith.”

Agus an mbeidh an tseachtain seo chugainn chomh gnóthach céanna? “Beidh - agus níos gnóthaí fós! Ach ag aon am faoi leith caithfidh tú do chuid príorachtaí a leagan amach - ní féidir gach rud a dhéanamh.”

Is as Baile Átha Cliath é Diarmaid Mac Mathúna. Tá sé ag críochnú máistreachta san fhisic i gColáiste na Tríonóide faoi láthair. Déanann sé obair chraoltóireachta agus theicniúil le Raidió na Life ar bhonn páirtaimseartha.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.