« » 1 2 3 4 5 6 7
tabhair freagratabhair freagra #52 An Cainteoir Dóchais 11 Meán Fómhair 2011, 13:49 GMT
51 freagra go dtí seo, bhabh. Is léir gur chuir an t-alt an seo bior sa bheo d'an-chuid daoine!
tabhair freagratabhair freagra #53 Sise Áine 11 Meán Fómhair 2011, 18:18 GMT
A eagarthóir dhíl. Make it stop. PLEASE
tabhair freagratabhair freagra #54 Seán P 12 Meán Fómhair 2011, 11:35 GMT
Leis an díospóireacht a bhogadh ar aghaidh do rinneas staidéar ar an bhlagroll ar bhlag Chonchubhair leis an buncheist atá san alt seo a fhreagairt. Chaithfinn a rá go raibh iontas orm.
As an 37 blag atá i nGaeilge, tá cuid acu ina bhfothraigh ceart go leor. Bíonn ábhar rialta ag Conchubhar (agus é an-mhaith dár liom), ag An Cailín Deas, Robert McMillen, imuscraí, ag Aonghus agus ag Mise Áine (tar éis saoire an tsamhraidh.) Bíonn píosaí rialta go maith ag An Caomhach (blag faoi 9/​11 ach an ceann roimhe sin ar an 12/​8/​11), an tOileánach Tréighthe (ceann deireanach ar an 23/​7/​11), Cín lae Sclámhaí Pá (ceann ar an 8/​9/​11 ach roimhe sin 5/​7/​11), Crosbhealaí (an ceann deireanach ar an 25/​5/​11), Glór Mhic Airt (an ceann deireanach ar an 14/​5/​11), An Cainteoir Dóchais (an ceann deireanach ar an 22/​5/​11), scríbhneoirí óga (12/​08) Iris Eoghanaigh (an ceann deireanach ar an 8/​9/​11 ach roimhe sin 16/​8) agus bhí an iontráil deireanach i nGaeilge i Middle Class Dub ar an 22/​8/​11. Ina dhiaidh sin tá go leor blaganna atá díomhaíon:
AN Druma Mór (iontráil deireanach ar an 12/​5/​08)

an tImeall (iontráil deireanach ar an 9/​3/​09)

Blag Mháirtín Uí Mhuilleoir (iontráil deireanach ar an 22/​11/​10)

Blog na Gaeilge (iontráil deireanach ar an 26/​9/​10)

Cuairt na Cruinne in 80 Bliain ((iontráil deireanach ar an 17 Márta, 2010)

Dónal na Gealaí (iontráil deireanach ar an 12/​6/​2009)

Gael Gan Náire (iontráil deireanach ar an 28/​2/​09)

Garraí Johnny Mhorgan (iontráil deireanach ar an 5/​1/​10)

XXL2L - (iontráil deireanach ar an 2/​8/​08)

Ceapaim go bhfuil ceann Gaeilge an Irish Times díomhaoin freisin.

Ní mé cad a dheireann an t-eolas seo faoi bhlagoireacht na Gaeilge agus an bhfuil sé i gcré na cille nó nach bhfuil. Is cinnte go bhfuil roinnt blaganna gníomhach agus cinn eile nach bhfuil.
tabhair freagratabhair freagra #55 Concubhar 12 Meán Fómhair 2011, 14:53 GMT
Léiríonn sin go leor, a Sheáin, don t-é ar mhaith leis léargas a fháil. Tá orm dul trathnóna agus na blaganna diomhaion a bhaint den rolla....
Tá cúiseanna áirithe go bhfuil cuid acu imithe - mar shampla, ba cheann liom féin é XXL2L agus bhain sé le cúrsaí meachan a chailliúint. D'eirigh liom méid áirithe a chaillliúint, thugas suas an blag, chuir mé suas arís é, chaill mé arís é....ar aon nós táim fós gafa sa streachailt chéanna ach nílim ag blagáil faoi.
An Druma Mór - tá sé sin anois bogtha go dtí Nuacht 24 agus níl aon 'bhlagadóireacht' ar bun ag Eoghan, iriseoireacht ar líne agus de atá ar bun aige.
Maidir le Glór Mhic Airt - Niall Ó Donnghaile tofa ina Ard Mhéara ar Bhéal Feirste! Is dócha go bhfuil baint aige sin leis an tost.
Máirtín Ó Muilleoir tofa ina chomhairleoir cathrach i mBF, ag feachtasú ó mhí na Samhna agus blag nua aige, newbelfast.com.
Gael Gan Náire: Ag obair ag nuachtán Ghaeilge.
Garraí Johnny Mhorgan, cúrsaí foilsitheoireachta.
tabhair freagratabhair freagra #56 Seán P 12 Meán Fómhair 2011, 15:07 GMT
An-spéisiúil. Go raibh maith agat a Chonchubhar agus go n-éirí le do streachailt!
tabhair freagratabhair freagra #57 Sylvia 12 Meán Fómhair 2011, 17:44 GMT
An-taighde a Sheán P. QED
tabhair freagratabhair freagra #58 Tiarnán De Hál 13 Meán Fómhair 2011, 12:42 GMT
A Bhreandáin, a chara,

Molaim do mhisneach, agus d'alt!

Is trua, áfach, go n-aithníonn tú easnamh i gclúdach na mblagadóirí deonacha do cheist áirithe, ach go bhfuil an chosúlacht ar chúrsaí nach n-aithníonn tú aon easnamh i measc do chomhghleacaithe gairmiúla i TG4 do cheisteanna atá gaolta leis?

Tá bearna ollmhór sa phlé a bhaineann le ceist mí-úsáid leanaí sna meáin trí mheán na Gaeilge i gcoitinne, bíodh sin sna nuachtáin, ar an raidió, nó ar na cláir chúrsaí reatha ar an teilifís, ach n’fheadar an ar na blagadóirí atá an dualgas chun an bhearna seo a líonadh?

Is cinnte go bhfuil dul chun cinn áirithe ar cheisteanna a bhaineann leis an ábhar seo déanta ag Nuacht TG4, mar shampla, le cúpla bliain anuas, agus is maith ann an dul chun cinn sin. Ach tá go leor dul chun cinn breise le déanamh fós, agus ceisteanna eile le cur, agus is ceisteanna iad a bhaineann linn go léir.

Tá sé nádúrtha go rachadh imeachtaí i do cheantar dúchais i nGaoth Dobhair i bhfeidhm ort níos mó ná mar a rachadh siad i bhfeidhm ar dhaoine nach raibh lonnaithe sa cheantar riamh, agus ní nach ionadh, mar sin, go ndéantar trácht d’eachtraí faoi leith ann i d’alt. Ach tá ceisteanna náisiúnta ann, agus mar sin tá plé ar bhonn náisiúnta de dhíth.

Tuigim go bhfuil freagracht rialta ort i leith an chláir “7 Lá”. Nach mbeadh sé ciallmhar duit plé a éascú ar an gclár sin i leith na gceisteanna seo? Seachas a bheith ag fáil lochtanna ar na blaganna agus na blagadóirí? Táim cinnte go dtabharfadh a leithéid de phlé údar mhisnigh dúinn go léir, go rachadh sé ar ár leasa, agus go mbeadh ábhar léitheoireachta agus scríbhneoireachta fiúntacha ar fáil go flúirseach dúinn ina dhiaidh.

Molaim thú! Gabhaim buíochas leat arís! Agus guím gach rath ort i gcónaí agus tú i mbun do cheird!!
tabhair freagratabhair freagra #59 Greavsie 15 Meán Fómhair 2011, 08:30 GMT
Ní chreidim go bhfuil 'iriseoirí' agus 'blagadóirí' na GAeilge fós ag plé leis an amaidí seo. Nach bhfuil scéal níos tábhachtaí ná seo sa phobalbhreith ina bhfuil na céadta de na nut jobs a léann Beo ag rá nach bhfuil an domhan níos fearr as ó thit fallaí Bheirlin. OMG
tabhair freagratabhair freagra #60 Annie Bheag 23 Meán Fómhair 2011, 18:53 GMT
Maith dom é ach níl mé ach i ndiaidh teacht isteach ar an díospóireacht. Bhí mé thar lear ag crú na gréine agus níor léigh mé an t-alt. Chuaigh mé isteach i mblag Chonchubhair srl le breis eolais a fháil. Ó mo thaighde (mall!) is féidir liom a rá go bhfuil dul amú ar an iriseoir. Níl blagadóireacht na Gaeilge marbh ach measaim go bhfuil sé na speacha deireanacha.
tabhair freagratabhair freagra #61 E. 24 Deireadh Fómhair 2011, 01:57 GMT
Féach seo leis an blag is fearr dá bhfuil ann a fheiscint. http:/​/​seofocaniontach.blogspot.com/​
E. ó SeoFocanIontach.com
« » 1 2 3 4 5 6 7
Ár leithscéal, tá cosc ar fhreagraí anois agus deireadh curtha le foilsiú Beo!