« » 1 2 3 4 5 6 7
tabhair freagratabhair freagra #2 Aonghus Ó hAlmhain 2 Meán Fómhair 2011, 21:30 GMT
Sin ráite, níor amharc mé orm fhéin riamh mar iriseoir; is leithne ná sin réimse na blagadóireachta
tabhair freagratabhair freagra #3 Harpic 3 Meán Fómhair 2011, 09:24 GMT
Ráiméis! Cén ghaolainn atá agaibh ar smug?
tabhair freagratabhair freagra #4 Aonghus Ó hAlmhain 3 Meán Fómhair 2011, 09:58 GMT
Tá sé i gceist agam freagra níos cuimsithí a scríobh ar mo bhlag!

Ach cúpla rud anois: Ní thuigim conas nach luaitear Nuacht24 san alt - foinse nuachta atá ar a laghad chomh fiúntach le Gaelscéal.

Agus maidir le beocht na Blaganna - seo mo fotha RSS do bhlaganna & rl: http:/​/​www.google.com/​reader/​shared/​user/​14211347917317080531/​label/​Gaeilge

Bíonn dosaen nó níos mó mír nua gach lá air.
tabhair freagratabhair freagra #5 Huflungdung 3 Meán Fómhair 2011, 10:18 GMT
Níos mó ná mar a bhíonn ag Beo!
tabhair freagratabhair freagra #6 Aonghus Ó hAlmhain 3 Meán Fómhair 2011, 10:28 GMT
tabhair freagratabhair freagra #7 Concubhar 3 Meán Fómhair 2011, 10:38 GMT
Caint fánach é seo ag Breandán, ag iarraidh bearna a líonadh sa bhlagaisféar le maíomh go gceapann sé go bhfuil blagadóireacht na Gaeilge imithe le sruth. Seans go bhfuil roinnt suíomhanna nach bhfuil chomh 'Beo' is a bhíodh siad - ach ní mór do Bhreandán a thuiscint gur caitheamh aimsire é an blagadóireacht chomh fada is a bhaineann sé liom. Ní post é. Tá caithimh aimisre eile agam freisin. Bím ag blagadóireacht nuair a ritheann sé liom bheith ag blagadóireacht - ní bhím nuair nach ritheann sé liom. Ghlacas sos le linn an tSamhraidh - ach anois táim ar ais....ní féidir liom labhairt ar son dhaoine eile.
Ar son Dé, ná lig don Fhoras aon láimh a chur in aice leis an mblagadóireacht. Más bocht suarach atáim agus mo leithéid, ar a laghad tá meas éigean againn ar an rud a dheinimíd. Tá treascairt déanta ag Foras na Gaeilge ar iriseoireacht na Gaeilge roimhe seo....ná ligtear leo amhlaidh a dhéanamh leis an mblagadóíreacht. Agus, sea, ní h-ionann an dhá rud. Tá srianta ar iriseoirí de bharr a gcuid pá-máistrí a bheith ag cur srianta orthu. Bionn orthu bheith 'oibiachtúil'.....anois sin údar grinn!
tabhair freagratabhair freagra #8 C Ó L 3 Meán Fómhair 2011, 10:42 GMT
Alt suimiúil dar liom agus molaim an t-údar as a chrógacht dul i ngleic leis na hionsaithe a dhéanfar air 'faoi sciath na ganfhiosaíochta' mar a deir sé fhéin. (Dála an scéil, bheinn fhéin ag scríobh faoi m'ainm fhéin tráth ach gur ionsaíodh go gránna mé.) Cúpla pointe: (A)tá an ceart ag Aonghus sa mhéid is go bhfuil níos mó i gceist leis an mblagadóireacht ná iriseoireacht - dul amú ar an údar faoi seo cheapfainn. (B) Ní aontaím le hAonghus, áfach, faoi Nuacht 24. Seirbhís an-mhaith atá ann ach ní fhéadfaí blag a thabhairt air. (C) Ní raibh mo leithéidse a bhíonn ag scríobh ar líne ag lorg airgid uaidh ariamh. Dá bhrí sin níl aon tionchar ag cúrsaí airgid leis an mheath a mheasann an t-údar atá tagtha ar an mblagadóireacht (más ann dó in aon chor). (D) Tá neart eile le rá agam faoi seo agus dála Aonghuis seans go scríobhfaidh mé imlitir a dó anseo go luath. Ba mhaith liom a rá, áfach, cé nach n-aontaím leis an alt seo go bhfuil ábhar maith smaointeoireachta ann agus gur chur sé ag smaoineamh mé.
tabhair freagratabhair freagra #9 Roibeard 'LA' Keane 3 Meán Fómhair 2011, 11:24 GMT
'Ghlacas sos le linn an tSamhraidh' a deir Conchubhar ach nach sin é go díreach a bhí i gceist: níor ghlac Gaelscéal ná The Irish Times sos nuair a bhí an cás a luaigh Delap ina scanall agus lucht na Gaeilge 'running for cover'
tabhair freagratabhair freagra #10 Alex Hijmans 3 Meán Fómhair 2011, 12:11 GMT
Mar a deir Breandán: easpa luach saothair an chúis is mó.
tabhair freagratabhair freagra #11 Concubhar 3 Meán Fómhair 2011, 19:24 GMT
http:/​/​igaeilge.ie/​2011/​09/​03/​ag-tochailt-uaighe-an-bhlaig-gaeilge-go-ro-luath/​
Nach ait go dtagann na blaganna i nGaeilge chun beatha nuair a maítear iad a bheith marbh. Amhail Mark Twain is dócha.
« » 1 2 3 4 5 6 7
Ár leithscéal, tá cosc ar fhreagraí anois agus deireadh curtha le foilsiú Beo!