« » 1 2 3 4 5 6 7
tabhair freagratabhair freagra #12 Aonghus Ó hAlmhain 3 Meán Fómhair 2011, 21:40 GMT
> (B) Ní aontaím le
> hAonghus, áfach, faoi Nuacht 24. Seirbhís an-mhaith atá ann ach ní
> fhéadfaí blag a thabhairt air.

Luaigh Breandán an Druma Mór, an blag a bhí ag Eoghan Ó Neill sular chuir sé (agus daoine eile) tús le Nuacht24. Sin an fáth gur luaigh mé é.
Bheadh sé deacair sainmhíniú a thabhairt ar bhlag pé scéal é!
tabhair freagratabhair freagra #13 C Ó L 4 Meán Fómhair 2011, 09:51 GMT
Bhuel is léir anois nach bhfuil muid marbh mar a dúradh. ' Rumours of my death srl' Do léas freagraí Chonchubhair agus Aonghus ar Bhreandán agus dáiríre tá siad an-mhaith. Nára laga Dia bhur lámha! Ba mhaith liom an pointe a dhéanamh go soiléir arís nach ar mhaithe le híocaíocht a bhíonn mo leithéidse ag scríobh ar an idirlíon. Tá súil agam gur mar sin a bheidh cúrsaí go deo. Maidir leis an alt fhéin is fearr ann ná as é mar ar a laghad chur sé ag machnamh mé.
tabhair freagratabhair freagra #14 Harpic 4 Meán Fómhair 2011, 09:54 GMT
Sin é tá deireadh leis an díospóireacht seo. Táimid ar fad ar aon tuairim gur alt seafóideach é seo agus nach ndearna tú aon taighde sular scríobh tú é. Píog umhal le do thoil a bhreandáin
tabhair freagratabhair freagra #15 Dubhaltach 4 Meán Fómhair 2011, 14:53 GMT
Ní thuigim an chodarsnacht á déanamh agat, a Bhreandáin, idir bhlagadóireacht agus iriseoireacht?
Bhíos den tuairim gur dualgas an iriseora a bheith ag fiosrú scéalta nua agus á dtuairisciú.
Níl dualgas ar bith ar an bhlagadóir. Is ionann blagadóireacht agus breacadh agus roinnt smaointe le blagadóirí is léitheoirí eile. Níl éinne ag lorg "luach saothair", is é an scríbhneoireacht féin an "luach saothair" is mó le fáil uaidh.

An é go bhfuil iriseoireacht na Gaeilge, agus iriseoireacht i gcoitinne, chomh lag sin sa lá atá inniu ann nach bhfuil difríocht idir "iriseoireacht" agus tuairimíocht dhuine. Mar sin bheadh codarsnacht le déanamh idir an dá mhodh tuairimíochta. An é sin atá i gceist agat?
tabhair freagratabhair freagra #16 Sinéad Ní Bheoláin 5 Meán Fómhair 2011, 11:14 GMT
Ní dóigh liom go bhfuil deireadh leis an díospóireacht seo. Is iriseoir gairmiúil é Breandán Delap agus é i gceannas ar an nuacht agus ní thuigeann sé go díreach céard is iriseoireacht an tsaoránaigh.Ní bhíonn luach saothair i gceist leis agus ní bhíonn iriseoirí gairmiúla á dhéanamh.

Tharla eachtra gránna i dTír Chonaill agus d'éirigh leis an nuacht (i mBéarla, níl a fhios agam faoin Gaeilge) é a chludú. Uaireanta, áfach tarlaíonn eachtra iontach mór (crith talún, slad, círéibeacha) agus bíonn gach duine bainteach ag iarraidh a scéil féin a insint. Cuireann siad a gcuid grianghraf is físeáin ar an idirlíon agus má tá facebook/​twitter/​wordpress/​google+/​blogger acu, scríobhfaidh siad a gcuid tuairimí ann. Tugtar iriseoireacht an tsaoránaigh air seo mar níl baint ar bith ag an duine le hiriseoireacht ghairmiúil.

Tá eagla ar drochiriseoir roimh iriseoireacht an tsaoránaigh mar go bhfuil na daoine seo in ann a scéal féin a insint agus tá siad i bhfad níos saoire ná hiad, ach iriseoir maith rachaidh sé i gcuardach ar an duine is fearr dóibh. Bhain blagadóir, innealtóir le Google, san Éigipt clú agus cáil amach dó féin ar fud na cruinne nuair a roghnaigh Al Jazeera agus BBC World é a chur faoi agallamh le linn na réabhlóide ann.

Má tharlaíonn eachtra mór anseo, beidh cinnte daoine ag cur na ngrianghraf acu ar líne is ag tuairimíocht faoi ach nílim cinnte an tabharfaí sáririseoirí gairmiúla na Gaeilge (mar dhea) iad fiú faoi deara mar ní gá dóibh beith go maith agus mar léir ón alt seafóideach seo agus freagraí ó bheirt iriseoir níleadar.

Ní bhraitheann a gcuid íocaíochta ar fhógraí agus ar chustaiméirí ach ar dheontais ón rialtas agus tá drochchaighdeán i láthair na huaire in iriseoireacht ghairmiúil na Gaeilge de dheasca. Céard is féidir linn déanamh faoi?

Agus dála an scéil ní léim féin riamh Beo ach amháin mar cuireann an blagadóir Aonghus Ó hAlmhain mé ar an eolas faoi alt fiúntach ann. Faraor an babhta seo ní alt fiúntach a bhí ann ach díreach iriseoir eile gan taighde cuí déanta aige.
tabhair freagratabhair freagra #17 Concubhar 5 Meán Fómhair 2011, 11:59 GMT
Tá go leor ráite ansan ag Sinéad chun léargas soiléir a thabhairt don iriseoir gairmiúil is lú tuisceana a chur ar an eolas faoin chiall cheart atá le h-iriseoireacht an tsaoránaigh - agus ní h-ionann sin go díreach is blagadóireacht. Ach is cinnte go bhfuil eagla craicinn ar na h-iriseoirí 'gairmiúla' sna meáin stairiúla (ní dhéarfaidh mé traidisiúnta!) roimh an bealach a bhaineann an phobal úsáid as an idirlíon mar an chéad fhoinse eolais.
Ceist amháin eile: cén fath go bhfuil griangrafanna de Goitse/​Lá Nua/​Foinse etc á úsáid in éineacht leis an alt seo. Níl aon bhaint acu leis an ábhar. Ní blaganna iad..... Is nuachtán leis féin é Goitse, neamhspleach agus thar a bheith ceannródach. Ní blag é.
tabhair freagratabhair freagra #18 Concubhar 5 Meán Fómhair 2011, 12:17 GMT
Dála an scéil, tá liosta na mblaganna ar 'Lucht Blagála' go h-iomlán as dáta!
tabhair freagratabhair freagra #19 An Dúilleach 5 Meán Fómhair 2011, 15:44 GMT
Tá pointe maith déanta measaim. Iriseoirí gairmiúla a bhí i mbun go leor de na blogs atá luaite aige: Garraí Johnny Mhorgan, iGaeilge, An Druma Mór, an tImeall, Dónal na Gealaí, Blag Mháirtín Uí Mhuilleoir, blog na Gaeilge srl. An bhfuil 'shoot the messengerachas' ag baint le cuid den bhfearg anseo?
tabhair freagratabhair freagra #20 Omar 5 Meán Fómhair 2011, 16:17 GMT
Má táim ag léamh na dteachtaireachtaí seo i gceart deir Alastair Hijmans gur éirigh sé as de dheasca nach raibh sé ag fáil luach saothair ar bith as. An bhfuil an ceart agam é sin a rá? Freisin deir an scríbhneoir go bhfuil na blaganna Gaeilge gur fiú iad a léamh 'tearc go maith.' I gcead dó, níl sé ag rá nach bhfuileadar ann ach gur beag a líon. N'fheadar an bhfuil an ceart aige ach gan dabht ta díospóireacht tosaithe aige a léiríonn domsa ar aon chuma nach bhfuil an bhlagadóireacht marbh. Is deas liom leis nach bhfuil beo marbh. Tá duine amháin in easnamh sa díospóireacht seo, áfach. Cá bhfuileann tú a Bhreandáin? Canathaobh an tost?
tabhair freagratabhair freagra #21 Aonghus Ó hAlmhain 5 Meán Fómhair 2011, 19:23 GMT
>. An bhfuil 'shoot the messengerachas' ag baint le cuid den
> bhfearg anseo?
Cén fearg? Ní ionann bheith ar malairt tuairime agus fearg!
« » 1 2 3 4 5 6 7
Ár leithscéal, tá cosc ar fhreagraí anois agus deireadh curtha le foilsiú Beo!