« » 1 2 3 4 5 6 7
tabhair freagratabhair freagra #22 Mise Áine 5 Meán Fómhair 2011, 22:32 GMT
Bhabha! Na nithe a tharlaíonn agus duine ar laethanta saoire...
tabhair freagratabhair freagra #23 Omar 6 Meán Fómhair 2011, 09:08 GMT
Tá sorry orm. Tá daoine eile in easnamh ón díospóireacht freisin. An bhfuil aon rud le rá ag na daoine a d'éirigh as an mblagadóireacht?
tabhair freagratabhair freagra #24 An Dúilleach 6 Meán Fómhair 2011, 09:14 GMT
Deir Sinéad go bhfuil 'eagla ar drochiriseoir roimh iriseoireacht an tsaoránaigh mar go bhfuil na daoine seo in ann a scéal féin a insint agus tá siad i bhfad níos saoire ná hiad, ach iriseoir maith rachaidh sé i gcuardach ar an duine is fearr dóibh. Bhain blagadóir, innealtóir le Google, san Éigipt clú agus cáil amach dó féin ar fud na cruinne nuair a roghnaigh Al Jazeera agus BBC World é a chur faoi agallamh le linn na réabhlóide ann.'
Cad faoin Leisbiach i Syria a bhain clú agus cáil amach di féin ar fud na cruinne agus a rinne Al Jazeera agus BBC World Service agus nuachtáin móra an domhain tagairt di go minic? An cuimhin libh í? Fuaireas amach gur fear i nDún Éidean a bhí a scríobh. LOL. A fhad is a leanann an díospóireacht seo tá mise den tuairim go bhfuil pointe maith déanta ag Beo
tabhair freagratabhair freagra #25 An Cainteoir Dóchais 6 Meán Fómhair 2011, 10:42 GMT
Alt spéisiúil. Chuir sé i gcuimhne dom go bhfuil cuma na ballóige ag teacht ar mo bhlag féin agus é tréigthe agam le roinnt míonna anuas. Is é an 'real life' a thagann idir mé agus an scríbhneoireacht.
tabhair freagratabhair freagra #26 aonghus 6 Meán Fómhair 2011, 11:40 GMT
> Cad faoin Leisbiach i Syria a bhain clú agus cáil amach di féin ar fud na
> cruinne agus a rinne Al Jazeera agus BBC World Service agus nuachtáin móra
> an domhain tagairt di go minic? An cuimhin libh í? Fuaireas amach gur fear
> i nDún Éidean a bhí a scríobh. LOL.

Agus is deá iriseoirí & blagadóirí, a chuaigh go bun an scéil úd a nocht an bhfíric úd. (Agus gurbh fear a bhí ina "ríomh-leannán" chomh maith! )
tabhair freagratabhair freagra #27 Sinéad Ní Bheoláin 6 Meán Fómhair 2011, 12:55 GMT
Dúilleach tá sé aisteach nach bhfuil nuair a chuireann tú ord eile ar abairtí duine go n-athraíonn an brí beagnach ach go raibh maith agat bhíos ag iarraidh go luafaidh duine Tom McMaster.

Ní raibh mise ag maíomh go hionann blagadóireacht is iriseoireacht an tsaoránaigh ach Breandán Dunlap a bhí. Bhíos ag maíomh nár thuig sé céard go baileach iriseoireacht an tsaoránaigh agus é den tuairim go raibh gá leis le déanaí chun scéal a bhí ag na méain cheana féin a chluidiú. Lena chois sin déanann sé iriseoirí gairmiúla a liostáil.

Nuair a roghnaigh meáin na hÉireann gan scéal brónach Rachel Peavoy a chluidiú, d'úsaid cosmhuintir na hÉireann twitter, facebook agus blaganna chun a gcuid feirge a léiriú agus ansin bhí sé ar Liveline agus ansin 6.01 agus seo sampla beag d'iriseoireacht an tsaoránaigh. N'fheadar an féidir iriseoireacht an tsaoránaigh a thabhairt ar Liveline? Mar ní rud nua é iriseoireacht an tsaoránaigh ach smaoinigí bhí Etty Hillesum á dhéanamh le linn an dara chogaidh domhanda.

Ach le teacht an ríomhaire tá sé thar a bheith éasca é a dhéanamh agus tá gach duine i mbun is nuair a tharlaíonn eachtra (slad, crith talún) tagann borradh as cuimse faoin iriseoireacht an tsaoránaigh. Nuair a tharlaíonn sé seo, bíonn sé ar chumas sáririseora teacht ar an eolas agus cead a lorg é a úsáid nó an duine a chur faoi agallamh ach mar a thuigim féin ón alt seo, ní thuigeann Dunlap fiú go díreach céard atá ann agus mar sin an fiú díospóireacht a bheith againn ar bhlagadóireacht, nuair atá géarghá ceann a bheith againn maidir le hiriseoireacht ghairmiúil na Gaeilge.

Agus Tom McMaster ar saoire in Istanbul bhí sé i mbun caitheamh aimsire, blagadóireachta agus é a ligint air go raibh sé ina Leispiach. Dúirt sé go raibh sé ag iarraidh an deargoilc atá ag titim i nDamascus a léiriú ach ag an am mar a dúirt Aonghus, bhí sé ag iarraidh éirí in airde le leispiach i SAM. Seo a blagsa http:/​/​lezgetreal.com/​ ach fear eile a bhí ann. Fear pósta i SAM. Caitheamh aimsire iontach coitianta é seo freisin fir ag ligint orthu go bhfuil siad ina mná ar an idirlíon chun cluain a chur ar mhná agus táim cinnte go bhfuil níos mó blagadóirí á dhéanamh.

Agus táim cinnte freisin go bhfuil blagadóir ann i nDamascus agus a scéal a insint aige nó aici agus nach bhfuilimid ar an eolas faoi/​fúithi mar go bhfuil eagla an domhain orthu ach nuair atá sé thart, beidh leabhar nó dhó foilsithe acu. Agus seo blag Sandmonkey http:/​/​www.sandmonkey.org/​ san Eigibt, cé go bhfuil neart ar lár anois agus leabhar ar an mbealach.

Tá neart le léamh i mblaganna i ngach teanga agus daoine ag scríobh mar go mbainneann siad taitneamh as agus ní haon eisceacht blaganna na Gaeilge agus iad beo beathach. Téigh chuig liosta Aonghuis chun é seo a fheiscint. Ach ná bí ag súil le hiriseoireacht ann!
tabhair freagratabhair freagra #28 Concubhar 6 Meán Fómhair 2011, 14:46 GMT
Tá sé deacair idirdhealú a dhéanamh idir iriseoireacht agus fíor iriseoireacht na laethannta seo. Ní féidir talamh tirim a dhéanamh de rud direach mar go bhfuil sé scríte ar phaipéar nó craolta 'ar an aer'. Tabhair faoi ndeara an anailís atá déanta ar phíosa amháin iriseoireachta ar an mblag iGaeilge.
tabhair freagratabhair freagra #29 Sylvia 7 Meán Fómhair 2011, 09:26 GMT
Tá na postálacha seo an-chosantach, dar liom. Má léim an t-alt i gceart níl Breandán ag rá nach bhfuil blagadóirí Gaelainne ar bith fágtha ach nach bhfuil siad i mbarr a gcluiche. Más fíor nách raibh tada ráite faoin gcás bréan sin i nDún na nGall, ní fiú tráithín a gcuid tráchtaireachta. Níl siad ag scríobh fés na rudaí atá 'cutting edge.' Tá an ceart chomh maith ag Omar agus ag Aonghus, áfach - caithfidh Breandán páirt a ghlacadh sa díospóireacht seo. Cá bhfuil tú? Níl aon ghá go mbéadh eagla ort....
tabhair freagratabhair freagra #30 aonghus 7 Meán Fómhair 2011, 11:39 GMT
>Más fíor nách raibh tada ráite faoin gcás bréan sin i nDún na nGall, ní fiú tráithín a gcuid >tráchtaireachta.
Cad chuige a scríobhadh mise rud éigin faoi cás nach bhfuil d'eolas agam faoi ach an méid a léim sna nuachtáin? Ní bheadh fiú luach tráithnín leis an méid a bheadh le rá agam faoi!

Thug Neidí freagra ar an bpointe sin: http:/​/​nuaaois.blogspot.com/​2011/​09/​nil-blagadoir-seo-ag-dul-ait-ar-bith.html

Ní cosantach atáimid ach ag easaontú leis an téis; tá míthuiscint bunúsach san alt faoi cad is blagadóireacht ann, agus go deimhin cad is iriseoireacht an saoránaigh.
tabhair freagratabhair freagra #31 Concubhar 7 Meán Fómhair 2011, 14:14 GMT
Is dócha go bhfuil an cheart agat, Sylvia, tá cosantacht le sonrú san alt seo, an cineál cosantachta céanna a bhionn le sonrú i measc Gaeil nuair a deirtear go bhfuil an teanga marbh! Ní doigh liom gur féidir le Breandán bheith ag caitheamh anuas ar easpa trachtaireachta na mblagadóirí ar an gcás bréan i dTír Chonaill nuair nach raibh Nuacht TG4 - nó fiú Beo - ag déanamh an oiread faoi ach chomh beag. Tá réimse meáin chumarsáide na Gaeilge ana chúng - agus níl aon ábhar 'cutting edge' ar siúl in earnáil ar bith - cló, caint, teilifís nó ar líne - ar éigean. Deinimse corr phíosa anois is arís ar mo bhlag féin agus cáintear mé as ucht cúrsaí gramadaí! Ar aon nós táim cinnte go bhfuil Breandán go brea sásta leis an ndíospóireacht seo a spreag a alt - ní fhaca mé diospóireacht mar é le tamall - ach táim cinnte freisin go bhfuil an íonsaí seo fréamhaithe sa sean fhocal: Pota, citeal, dubh.
« » 1 2 3 4 5 6 7
Ár leithscéal, tá cosc ar fhreagraí anois agus deireadh curtha le foilsiú Beo!