« » 1 2 3 4 5 6 7
tabhair freagratabhair freagra #32 Greavsie 7 Meán Fómhair 2011, 14:40 GMT
Éist anois a chlann! Fad is atá saddos mar Conchubhar agus C Ó L agus Aonghus ag plé alt leibideach a scrígh iriseoir leadránach tá sibh ag missáil an fíor scéal ie go bhfuil na geailt a léann Beo ag vótáil 2:1 nach bhfuil an saol níos fearr ó thit fallaí Bheirlin!!!! Anois inis dom cad a déarann sé sin faoi na daoine a léann Beo?
tabhair freagratabhair freagra #33 Páid Ó Donnchú 7 Meán Fómhair 2011, 14:42 GMT
Is cara pearsanta liom Breandán. Creidim go bhfuil an díospóireacht seo thar cíonn ar go leor bealaí, agus tá mé ag ceapadh go bhfuil ceisteanna ardaithe gurbh fhiú machnamh a dhéanamh air. Ach, caithfear a rá cé go bhfuil i bhfad Éirinn níos mó le léamh, le cloisteáil agus le breathnú air as Gaeilge anois ná ariamh, tá sé fíor-dheacair SCÉAL a aimsiú. Cén uair a dhearanaí a bhris iriseoir nó blagadóir na Gaeilge scéal mór? Agus tá níos mó iriseoirí Gaeilge ann ná ariamh. Tá iriseoir anois i mbeagnach gach baile i gCois Fharraige ach níl SCÉAL ar bith idir an 'whole lot' acu! Chun é seo a dhéanamh, ní mhór duine eicínt atá ag ceilt na fírinne a chuir trína chéile scaití.An bhfuil misneach ag na hiriseoirí seo? Creidim féin go bhfuil an iomarca ateangaireacht, athscríobh agus tuairimíocht ann....ach má tá mé ag iarradh fáil amach céard atá ag tarlú ar an talamh, caithfidh mé ag dul i dtreo na meáin Béarla.
tabhair freagratabhair freagra #34 Páid Ó Donnchú 7 Meán Fómhair 2011, 14:45 GMT
Greavsie, is maith liom do líne faoi Marco Tardelli -'he's responsible for more scar tissue than the surgeons at Harefield Hospital' ach, i ndáiríre, an bhfuil tú ruainne beag as do zón chompóirt anseo? :-)
tabhair freagratabhair freagra #35 Greavsie 8 Meán Fómhair 2011, 09:44 GMT
Is ea a Aonghus. Do léas freagra Neidí agus bhí sé go maith. Níor cheart go mbeadh sé ag scriobh faoi rudaí nach mbaineann leis ach arais arís is beag suim atá agam i gcóisir bhreithlá a mháthair (61!) ná go raibh Neidí ar meisce. Who wants to know?
tabhair freagratabhair freagra #36 Concubhar 8 Meán Fómhair 2011, 11:21 GMT
Greavsie bocht, tá tú fós caillte i do dhomhan bheag féin. Agus a Pháid, níl aon fhonn ormsa scéal mór a 'bhriseadh' nó fiú é a thabhairt chun solais. Ní sin gnó an bhlagadóra. Sin gnó na n-iriseoirí atá faoi gach poll i gCois Fharraige agus suas gach crann ag feitheamh le treoir faoi céard atá le h-aimsiú ann.
tabhair freagratabhair freagra #37 aonghus 8 Meán Fómhair 2011, 11:31 GMT
> Is ea a Aonghus. Do léas freagra Neidí agus bhí sé go maith.
....
> Who wants to know?
Ní iriseoir blagadóir! Rud pearsanta is ea blag; is féidir ach ní gá comhrá a bheith ann; smaointe fánacha an bhlagadóra. Níl tú ag íoc as; níl an blagadóir ag éileamh aon ní ort. Más mian leat léamh, léigh. Mura mian, tá neart áit eile san idirlíon!

Thar rud ar bith eile, níl aon dualgas ar bhlagadóir maidir le cén ábhar a tharraingíonn sé chuige féin - caitheamh aimsire atá ann, tar éis an tsaoil!
tabhair freagratabhair freagra #38 Sylvia 8 Meán Fómhair 2011, 13:53 GMT
Sílim gur ball den 'An Lucht Sclaimhe' é Greavsie
tabhair freagratabhair freagra #39 Seán P. 8 Meán Fómhair 2011, 15:22 GMT
Ceist dháiríre a Aonghuis agus a Chonchubhair. An rud pearsanta é blag nuair a chuirtear ós cóir an tsaol é? Caithfidh go bhfuil sé difriúil ó chaithimh aimsirí eile mar go bhfoilsítear é le go léifeadh daoine é. Mar sin níl sé pearsanta ach poiblí. Caithfidh go bhfuil cúis go bhfuil tú ag nochtadh do tuairim don saol mór. An mbéadh sé cruinn a rá gur tráchtaireacht a bhí ar bun agaibh. Más ea nach gné den iriseoireacht é tráchtaireacht?
tabhair freagratabhair freagra #40 Seán P. 8 Meán Fómhair 2011, 15:23 GMT
Ps. Is ceisteanna dáiríre iad siúd seachas an feannadh pearsanta atá déanta ag Greavsie. Ná tabharaigí aird ar bith air nó uirthi.
tabhair freagratabhair freagra #41 aonghus 8 Meán Fómhair 2011, 16:36 GMT
> Ceist dháiríre a Aonghuis agus a Chonchubhair. An rud pearsanta é blag
> nuair a chuirtear ós cóir an tsaol é?
...
> An mbéadh sé cruinn a rá gur
> tráchtaireacht a bhí ar bun agaibh. Más ea nach gné den iriseoireacht é
> tráchtaireacht?

Tá gaol ann cinnte - tuairimíocht/​tráchtaireacht atá i gceist cinnte. Tá sé pearsanta sa chiall go bhfuilim ag scríobh ar mo shon féin amháin, gan an t-údarás a bheadh ag iriseoir atá freagrach do eagarthóir, nuachtán, ceannaitheoirí an nuachtáin, fógróirí & rl.
« » 1 2 3 4 5 6 7
Ár leithscéal, tá cosc ar fhreagraí anois agus deireadh curtha le foilsiú Beo!