« » 1 2 3 4 5 6 7
tabhair freagratabhair freagra #42 Seán P. 8 Meán Fómhair 2011, 16:42 GMT
Freagra maith. Go raibh maith agat a Aonghuis
tabhair freagratabhair freagra #43 M Ní Fh 8 Meán Fómhair 2011, 19:56 GMT
Is iar-mhacléinn de chuid UCD mé agus is cuimhin liom an ionsaí a rinne Conchubhar ina bhlag ar sheimineár faoin iriseoireacht a d'eagraigh muid anuraidh. Choinigh mé an mhéid a dúirt sé ar mo ríomhaire. Scríobh se: "Easnamh eile ar chlár an tseimineáir seo, ar ndóigh, nach bhfuil tagairt dá laghad ann do na nuamheáin Ghaeilge – na blaganna, na suíomhanna nuachta(nuacht24 mar shampla) is tionchar ‘Facebook’ is ‘twitter’ ar an earnáil.' Bhí sé ag caitheamh anuas orainn mar nár phléamar na blaganna Gaeilge ins an seiminear iriseoireachta agus anois tá sé ag abair nach iriseoireacht a bhíonn ar siúl sna blaganna. Tá mearúil orm
tabhair freagratabhair freagra #44 Aonghus Ó hAlmhain 8 Meán Fómhair 2011, 22:40 GMT
tabhair freagratabhair freagra #45 Rossa Ó Snodaigh 9 Meán Fómhair 2011, 00:46 GMT
An bhfuil éinne ag cínlínteoireacht nó an spléach ar fad atáir ar web log chuncur sios bhur gcuid tuairimí fánacha laethúil.
tabhair freagratabhair freagra #46 aonghus 9 Meán Fómhair 2011, 08:36 GMT
> An bhfuil éinne ag cínlínteoireacht nó an spléach ar fad atáir ar web log
> chuncur sios bhur gcuid tuairimí fánacha laethúil.
D'fhreagair mé do cheist, ag léiriú cén fáth gur fearr liom an focal ársa blag cheana:
http:/​/​aonghus.blogspot.com/​2010/​04/​cinn-lion-no-blag.html
tabhair freagratabhair freagra #47 CNC 9 Meán Fómhair 2011, 10:18 GMT
A cholúnaithe Beo agus a bhlagadóirí uaisle. An bhfuil seans go roghnódh sibh caitheamh aimsire níos fearr ar nós an pheil. Bainigí triail as: tá sé níos sláintiúla ná a bheith suite os comhair ríamhire
tabhair freagratabhair freagra #48 Concubhar 9 Meán Fómhair 2011, 10:18 GMT
Caitheamh aimsire atá sa bhlagadóireacht seachas dualgas. Is cuid den bhlagadóireacht an diospóireacht a bhionn agat le daoine eile a thugann freagra ar do thuairim. Is féidir leat trachtaireacht a thabhairt air mas maith leat ach bionn trachtairí ceangailte le conspóidí an lae. Níl aon cheangal ar an mblagadóir maidir le h-ábhar.
tabhair freagratabhair freagra #49 M Ní Fh 9 Meán Fómhair 2011, 10:52 GMT
Ní fhreagraíonn sé sin an ceist a chur mé
tabhair freagratabhair freagra #50 Sinéad Ní Bheoláin 10 Meán Fómhair 2011, 11:08 GMT
Tá col orm bheith sa díospóireacht seo anois ach go háirithe nuair is ar éigean go bhfuil gach duine ann gan ainm.

Ba mhaith liom rá ní dhearna mise iarracht blagadóireacht na Gaeilge a chosaint agus ní féidir cur i mo leith go raibheas cosantach ar shlí ar bith.

Domsa ní hionann iriseoireacht le blagadóireacht agus seo roinnt dos na blaganna a leanaim i mBéarla,

http:/​/​croppingreality.com/​ blag faoi ghrianghrafadóireacht. Tá sé go hálainn agus ní bhíonn mórán le scríobh aici

http:/​/​foodinmylife.blogspot.com/​ cé go bhfuil iriseoir leis an indo ag scríobh anseo, ní iriseoir í anseo ach duine a bhfuil dúil aici sa gcócaireacht

http:/​/​siobhaninamerica.wordpress.com/​ Níl an blag seo ach ag tosú amach. Táim, áfach, ar an eolas faoi mar go bhfuilimid gaolta.

Tá na blaganna a luaim thuas go léir pearsanta mar go mbaineann siad le duine amháin agus iad i mbun caitheamh aimsire agus anuas air sin mar nach ionann príobháideach agus pearsanta.

Táim cinnte go bhfuil a leithéidí ar fáil i nGaeilge. Cuireann an sliocht seo le Beo isteach go mór orm mar go léiríonn sé drochchaighdéan iriseoireachta na Gaeilge domsa i láthair na huaire.
tabhair freagratabhair freagra #51 Mise Áine 10 Meán Fómhair 2011, 22:53 GMT
« » 1 2 3 4 5 6 7
Ár leithscéal, tá cosc ar fhreagraí anois agus deireadh curtha le foilsiú Beo!