173
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Gluais
Is duine é Donncha Ó hÉallaithe a bhfuil blianta caite aige i mbun feachtas chun an Ghaeilge a chosaint mar theanga pobail sa Ghaeltacht. Bhí baint mhór aige le bunú Theilifís na Gaeilge agus tá sé ar a dhícheall faoi láthair ag iarraidh a chinntiú nach féidir le daoine gan Ghaeilge cead pleanála a fháil sna ceantair Ghaeltachta. Labhair Rónán Mac Con Iomaire leis faoin saol atá caite aige agus faoi chuid de na ceisteanna atá ag dó na geirbe aige.
»»»Tá sé in am ag an Rialtas an tAcht um Shaoráil Faisnéise a dhéanamh níos cuimsithí, dar le hUinsionn Mac Dubhghaill, seachas a bheith ag iarraidh é a choilleadh.
»»»Tá an doineann seo atá ann faoi láthair ag tabhairt go leor aicídí léi chun ár n-oileáin bhig álainn agus tá na zheimers uafásacha – galar arb é a shainchomhartha ná díchuimhne – ina measc. Míníonn Balor an scéal brónach seo.
»»»Rugadh Salvatore Fichera sa Róimh agus is de sliocht Sicileach é. Labhair sé le hÉamonn Ó Dónaill faoin dúshlán a bhaineann le bheith ag foghlaim na Gaeilge.
»»»Chas Seosamh Mac Muirí le duine de cheoltóirí Kíla, Rossa Ó Snodaigh, i Liatroim agus cheistigh é faoina chur chuige fuinniúil i gcúrsaí Gaeilge. Tá sé ag ceapadh faoi láthair gur mithid do shaol na Gaeilge tabhairt faoi ghné an-tábhacht eile, saol an airgeadais, trí chomhar creidmheasa a bhunú do mhuintir na Gaeilge.
»»»Tá Poblachtaigh na Stát Aontaithe ag cuimilt boise dá n-éadan, ag sá caonaigh ina gcneácha agus ag fiafraí cad é le déanamh? Tá Brian Ó Broin den bharúil gur shúram tae na cóisre a rinne an dochar.
»»»Léiríonn torthaí an daonáirimh dheireanaigh nithe suimiúla i dtaobh dhaonra na hAstráile, ina measc, aois na ndaoine agus na teangacha a labhraíonn siad. Ach níl na torthaí cruinn amach is amach, mar a mhíníonn Dáithí Ó Colchúin.
»»»Míníonn Diarmaid Mac Mathúna cén bhrí atá le cuid de na hacrainmneacha trí litir atá in úsáid go coitianta i saol na ríomhaireachta anois.
»»»Ag siúl na Breataine Bige do Dhiarmuid Johnson le mí anuas, rinne sé iontas den bheocht atá sa teanga dhúchais ó Aberteifi go Criccieth.
»»»Ó 1970 ar aghaidh, tá Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge i mbun Turas na bhFilí a eagrú i gcomhar le Comhairle nan Leabhraichean in Albain. Mar chuid den mhalartú cultúrtha seo, chuaigh beirt fhilí, Dáithí Ó hÓgáin agus Dolores Stewart, an t-amhránaí Seán Garvey agus an ceoltóir Colm Dubh Ó Méalóid trasna go hAlbain idir 1-7 Samhain 2004. Bhí Máire Ni Chuagáiin éineacht leo mar ionadaí na Comhdhála.
»»»Bhog go leor daoine as tuaisceart na Gearmáine chun na Baváire tar éis an chogaidh agus tá dearcadh na ndaoine seo ar chúrsaí teanga ag cur le meath na Baváirise, dar le Christoph Wendler.
»»»Ag amharc chun cinn atá Ciarán Mac Aonghusa ar chuairt an Uachtaráin ar Shasain an bhliain seo chugainn agus ar a leochailí is atá ceannasacht tíortha beaga ár linne.
»»»Cuireann Ruth Nic Giolla Iasachta síos ar Pháras, cathair a bhfuil sí ag cur fúithi inti anois le cúpla seachtain anuas.
»»»Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: stádas sóisialta.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.