50
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Gluais
Déanann an ceoltóir Neil Martin as Béal Feirste stíleanna éagsúla ceoil a sheinm agus a nascadh le chéile. Labhair sé le Robert McMillen faoina chuid oibre leis an West Ocean String Quartet, faoi chumadh an cheoil agus faoi na ceoltóirí eile a d’fhág a rian air.
»»»Thapaigh Balor an deis roinnt cruacheisteanna a chur ar cheannairí na bpríomhpháirtithe polaitíochta i mí seo an olltoghcháin.
»»»Tá Pat Butler den tuairim go bhfuil sáraisteoir óg eile chugainn. Molann sé dúinn suntas a thabhairt don ainm Tahar Rahim anois, nó cloisfear go leor faoi amach anseo.
»»»Is mó ná riamh rian an ríomhaire ar shaol achan duine agus ní taise do cheoltóirí is do chumadóirí ár linne é. Chas Robert McMillen le hoirfideach a chasann idir bhogearraí agus uirlisí go hoilte is go healaíonta.
»»»Caithfidh duine éicint an téiléireacht a íoc a deir Colm Mac Séalaigh, nó ní fheicfimid cluichí idirnáisiúnta rugbaí ná cluichí ceannais Chumann Lúthchleas Gael ar an scáileán amach anseo.
»»»Léiríonn corn gailf san Astráil an ghuagacht a bhain le caidreamh idir an dá thír, Éire agus an Astráil, ar feadh na mblianta fada. Bhí údar ag Bearnaí Ó Doibhlin spéis a chur sa chorn.
»»»Cuireadh an-fháilte roimh Liz Curtis nuair a tug sí cuairt ar oileán beag amach ó chósta na hAlban roinnt míonna ó shin.
»»»Tháinig Aoife Uí Fhaoláin agus a fear céile ar mhodh aoibhinn éasca le Sceir Mhór na hAstráile a shiúl gan tinneas farraige: ar bord an mhuireitleáin, nó an bád aeir. Is slí thaistil éasca é agus gheobhaidh tú radharc amach ar áille na mara agus ar na hoileáin.
»»»Do ghasúr óg a ligean i mbun an ríomhaire, as féin? Ba cheart go mbeadh sé furasta a dhéanamh gan buaireamh. Tá comhairle duit ag Roseanne Smith san alt seo.
»»»Chuir Tony Birtill aithne ar staraí in Ollscoil Learphoill a raibh suim ar leith aige i ngnéithe de stair na hÉireann.
»»»Más fánach an áit a bhfaighfeá fonn ceoil, is féidir gur fánach an áit a bhfaighfeá sióg freisin. Ar aon nós, bíonn Colm Ó Snodaigh ag coinneáil súil ghéar ar na leictreoin dúinn, ar John Hutchinson agus ar Nikola Tesla.
»»»Tá go leor le foghlaim i gcúrsaí spóirt ó shaol na heolaíochta. Mar is eol do Cholm Mac Séalaigh óna thaithí féin agus ó bheith ag éisteacht le réiteoirí, caithfear an t-iompar ar pháirc na himeartha a athrú chun feabhais.
»»»Bhí Robert McMillen i láthair ag léacht i nGort na Móna, Béal Feirste, inar thug Bernadette McAliskey léaró agus rabhadh faoina mbeidh ag titim amach ó thuaidh.
»»»Tá iomaíocht ghéar i gceist i margadh na gcluichí ríomhaireachta, go háirithe ó láinseáil Microsoft a ngléas féin, an Xbox. Tuairisc ó Dhiarmaid Mac Mathúna.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.