AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
Corn na hÉireann agus Caidreamh Taidhleoireachta idir Éirinn agus an Astráil
Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin

Léiríonn corn gailf san Astráil an ghuagacht a bhain le caidreamh idir an dá thír, Éire agus an Astráil, ar feadh na mblianta fada. Bhí údar ag Bearnaí Ó Doibhlin spéis a chur sa chorn.

Íomhá
Cuach Ardach
(le K Glavin, Vicipéid)
Íomhá
An t-údar le Corn na hÉireann
Íomhá
Cainteanna 1939 le Hitler
(Bundesarchiv, Bild 183-H26878, CC-BY-SA)
Íomhá
Cumann Gailf Canberra
(le 1717 ar Vicipéid)

Cuireadh tús le caidreamh taidhleoireachta idir Éirinn agus an Astráil bunáite seachtó bliain ó shin agus ba chaidreamh an-chairdiúil é formhór mór an ama sin. Tháinig réad chun solais roinnt blianta ó shin, ámh, a bhain le tréimhse neamhghnách sa chaidreamh nuair a bhí eascairdeas le sonrú idir an dá thír. The Ireland Cup, nó Corn na hÉireann, an t-ainm atá ar an réad agus bhronn céad ambasadóir na hÉireann chun na hAstráile, an Dochtúir TJ Kiernan, an corn ar Chlub Gailf Canberra Ríoga (Royal Canberra Golf Club) le linn a thréimhse sa phríomhchathair sna 1940í.

Ba bhall den Chomhlathas Briotanachball drogallach caithfear a rá – í Éire um an dtaca sin, ach bhí sí neodrach le linn an Dara Cogadh Domhanda, nó Ré na hÉigeandála. Mhothaigh an rialtas abhus dá bharr, dála na dtíortha eile sa Chomhlathas, gur loic Éire ar a comhghleacaithe in am an ghátair. Cailleadh Astrálaigh go leor le linn an chogaidh agus b’údar aiféala agus teannais é neodracht na hÉireann ar fud an Chomhlathais.

Ghoill sé ar bhallstáit an Chomhlathais go linn bhuí na gcaolán nuair a shínigh an Taoiseach, Éamon de Valera, leabhar an chomhbhróin faoi bhás Adolf Hitler i mí na Bealtaine 1945, cé nach raibh i gceist ach nósmhaireacht taidhleoireachta.

Kiernan agus Delia Murphy

Chuir de Valera Kiernan chun na hAstráile sa bhliain 1946 mar ‘Aire Lánchumhachtachagus d’aidhm aige an caidreamh íogair idir an dá thír a chur ina cheart. Cuireadh fáilte dhoicheallach roimhe i dtús báire, ach ba léir go raibh an mianach ceart ag Kiernan a chuspóir dúshlánach a bhaint amach. Bhí údar teannais eile idir na tíortha le linn thréimhse Kiernan abhus mar go raibh Éire ag cuimhneamh ar dheireadh a chur lena ballraíocht sa Chomhlathas agus í ag bogadh i dtreo na poblachta.

Tugadh – agus tugtar fós – an teideal ‘Ard-Choimisinéir’ ar ionadaithe taidhleoireachta de chuid bhallstáit an Chomhlathais. Is díol spéise é gur bhain Kiernan feidhm asMinister for Ireland’ san inscríbhinn ar an gcorn thuasluaite, seachas Ard-Choimisinéir na hÉireann, mar a bhí sé go hoifigiúil ag an am.

Bhí Kiernan pósta le Delia Murphy, an t-amhránaí iomráiteach, agus chuidigh sé sin go han-mhór leis an bhfeachtas cáil na hÉireann a fheabhsú in Canberra. Go deimhin, chuidigh an lánúin, Kiernan agus Murphy go mór le feachtas an Scarlet Pimpernel (Mons. Hugh O Flaherty) sa Róimh le linn an Dara Cogadh Domhanda. (Tógadh an Flathartach ar chúrsa gailf, dála an scéil, i gCill Airne.) Ba chathair bheag í Canberra sna daichidí agus bhí an siamsa gann, i mbaile beag mar a déarfá, i ndúluachair an gheimhridh ach go háirithe. Ba bhuaicphointe é san fhéilire sóisialta cuireadh a fháil chuig fáiltiú nó chuig tionól ina raibh Murphy ag canadh. Bhí guth den chéad scoth aici agus, anuas air sin, bhí dóigh ghleoite aici le lucht éisteachta a mhealladh.

(Beidh féile ar siúl i gClár Clainne Muiris, Contae Mhaigh Eo, ar 29/30 Meitheamh, faoi shaol éachtach na lánúine cáiliúla. ‘The Spinning Wheel Festival’ is teideal don fhéile, atá faoi stiúir an staraí Carol Kiernan, gariníon na lánúine.) (www.spinningwheelsite.com)

Corn gan Smál sa Smionagar

Ba chleas cliste fiúntach é an corn a bhronnadh ar Chumann Gailf Canberra Ríoga. Ní hamháin go raibh airí agus feisirí áirithe sa pharlaimint ina mball den chlub, ach bhí na státseirbhísí náisiúnta ba cheannasaí agus ba chumhachtaí ar a bhord rialacháin. Is comhramh álainn é an corn, an dearadh bunaithe ar na cuacha a bhain le luathstair na Críostaíochta in Éirinn, cuir i gcás Cuach Ardach atá ar taispeáint in Ard-Iarsmalann na hÉireann. Bhronn Kiernan an corn ar an gcuntar go reáchtálfadh an cumann comórtas gailf bliantúil idir foirne ón gclub agus ó chomhphobal Éireannach na hAstráile leis an gcomhramh a bhuachan.

Ní fios cén fáth, ach níor reáchtáladh an comórtas thuasluaite go dtí an bhliain 1996, nuair a thángthas ar an gcorn sa smionagar a bhí fágtha nuair a chuaigh an clubtheach trí thine. Cé gur léirscriosadh an clubtheach, níor bhain béim chreabhair don chorn. Ní raibh aon eolas ag bord rialacháin an chlub faoi stair an choirn, ach ba chuimhin le seanbhaill áirithe an dóigh ar bronnadh an comhramh ar an gclub. Cuireadh tús leis an gcomórtas bliantúil láithreach bonn agus reáchtáiltear é ar lá gar do Lá Fhéile Pádraig.

Bhí an t-ádh dearg orm i mbliana a bheith ar an bhfoireann a bhuaigh an corn agus bhronn an t-ambasadóir Éireannach reatha, a Shoilse Noel White, an comhramh orainn le linn dinnéar ceiliúrtha oíche an chomórtais. Rith sé liom agus mé ag éisteacht leis gur aoibhinn saol an ambasadóra anois tharla an dá thír an-mhór le chéile. Ní mar sin a bhí cúrsaí thiar sa bhliain 1946 nuair a thug an chéad ambasadóir agus a bhean chéile dúshlán na doininne ar an taobh seo domhain.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.