126
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Gluais
Tá éacht oibre déanta ag eagraíochtaí comhshaoil na hAstráile le fiche bliain anuas, dar le Dáithí Ó Colchúin .
»»»San alt rialta seo, ceistíonn Beo! duine as eagras, comhlacht nó institiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu. An mhí seo: Fidelma Ní Ghallchobhair, An Coiste Téarmaíochta (Baile Átha Cliath).
»»»Ag ócáid i mBaile Átha Cliath ag tús mhí Eanáir, rinneadh an ceangal stairiúil idir an iománaíocht agus Coláiste Ríoga na Máinlianna a chomóradh. Tuairisc ó Cholm Mac Séalaigh.
»»»Chuir go leor dá bhfaca sé iontas ar Bhrian Ó Broin nuair a thug sé cuairt ar phríosún le gairid.
»»»Tá Glencullen University agus Shelbourne University in ainm is a bheith lonnaithe i mBaile Átha Cliath, dar lena suíomh gréasáin. Léiríonn sé seo an tslí a bhfuiltear ag úsáid an idirlín chun bob a bhualadh ar dhaoine. Tuairisc ó Dhiarmaid Mac Mathúna.
»»»Amhrán náisiúnta aon teangach Béarla atá ag an Astráil, ní hionann is ceann na Nua-Shéalainne a bhfuil leagan Maoraise de ar fáil chomh maith. Tá Bearnaí Ó Doiblin ar son athraithe.
»»»San alt rialta seo, ceistíonn Beo! duine as eagras, comhlacht nó institiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu. An mhí seo: Tomás Mac Con Iomaire, RTÉ Raidió na Gaeltachta, Casla, Conamara.
»»»Cheapamar go raibh fadhb againn le tionchar an Bhéarla ar ár dteanga. Nílimid inár n-aonar, más ea. Déanann Eoin Mac Aodha Bhuí cur síos ar dhearcadh na nGearmánach i leith thionchar an Bhéarla ar an nGearmáinis.
»»»Is fada sráidbhailte na Gaeltachta ina gcrann taca ag teanga na Gaeilge. Anois, san aon léim amháin, tá caint agus nuacht na nGael i ndiaidh dul i mbéal pobail sráidbhaile eile, is é sin, ‘sráidbhaile an domhain’, mar is minic a thugtar air. Is fada taithí againn gurb iad pobail an Bhéarla agus teangacha domhanda eile amháin a bhíonn ag caint lena chéile trína leithéidí d’ollmheáin fhíse agus leictreonacha ach, le blianta beaga anuas, is suntasach mar atá fáil na mionteangacha ar acmhainní an idirlín imithe i méid agus anois tá an meáisín míorúilteach céanna i ndiaidh sinne, Gaeilgeoirí, a chur faoina chomaoin arís.
»»»Fuair Brian Ó Broin léargas nua ar Manhattan le gairid nuair a thaistil sé féin agus cara leis timpeall an cheantair ar rothar.
»»»Bhí Colm Mac Séalaigh ag breathnú ar chur chuige na mbainisteoirí a bhain craobhacha le blianta gairide anuas, Brian Mac Óda agus Jim Mac Géibheannaigh ina measc.
»»»Tá athchiall ag an leagan ‘craobh clainne’ i ngnóthaí spóirt tharla go bhfacamar teaghlaigh gníomach agus ag breith na craoibhe leo ar pháirc na himeartha in imeacht na mblianta. Chuir Colm Mac Séalaigh spéis iontu.
»»»Tá an baol ann, dar le Colm Mac Séalaigh, go dtiocfaidh an t-am nuair a bheidh leisce ar dhaoine obair dheonach a dhéanamh sa spórt ar eagla go dtabharfaí chun na cúirte iad.
»»»Tá Learpholl go mór faoi anáil an chultúir Ghaelaigh agus, san alt seo, déanann Tony Birtill cur síos ar chuid de na himeachtaí a bhí ar siúl i mbliana – agus Learpholl mar Phríomhchathair Chultúrtha na hEorpa – leis na naisc seo a cheiliúradh.
»»»Deir Eoine Keane go bhfuil muintir dúchais Cheanada ag corraí is ag labhairt os ard, agus teastaíonn uathu go gcloisfear iad.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.