227
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Gluais
Baile Átha Cliathach agus amhránaí dúchasach den chéad scoth é Éamon Ó Donnchadha, a bhuaigh Corn Uí Riada den dara huair ag Oireachtas 2003. Aisteoir, fliúiteadóir agus leathbhádóir i go leor agallamh beirte agus lúibíní é freisin. Chuaigh Antaine Ó Faracháin chun cainte leis féachaint cá bhfaigheann sé an t-am do na rudaí seo ar fad.
»»»Reáchtálfar toghcháin Údarás na Gaeltachta ar an 2 Aibreán. Scór ball a bheas ar an bhord úr - toghfar seacht nduine dhéag agus ainmneofar triúr eile (an Cathaoirleach san áireamh). Féachann Breandán Delap siar ar an téarma atá curtha isteach ag na comhaltaí tofa agus bronnann marc ar gach duine acu as an obair atá déanta aige nó aici.
»»»Tá Roseanne Smith ar nós tuismitheoirí go leor eile, ag faire amach go géar dá clann tharla dúil acu i gcluichí idirlín.
»»»Tá rath ar an bhfeirmeoireacht san Astráil faoi láthair ach, mar a mhíníonn Dáithí Ó Colchúin, tá imní ag na feirmeoirí mar sin féin.
»»»Is maith le Brian Ó Broin córas coinbhinsiúin na Stát Aontaithe gona bhladhmann, a gháifeacht aignis agus an reacaireacht láidir go léir.
»»»Tar éis am fada traenála thug Brian Ó Broin faoi dhúshlán san ardchathair a d’fhéachfadh snáithe na matán agus miotal a mhisnigh.
»»»Tá daoine ag dul amú agus solas acu. Molann Tony Birtill san alt seo athrú dearcaidh agus cur chuige gnó nach gcosnódh a dhath sa bhreis, ach a chnuasódh saibhreas céadach i saol na turasóireachta.
»»»Míníonn David Leydon cuid de na háiseanna atá le fáil ar Gaelport.com, suíomh gréasáin atá á fhorbairt ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, an eagraíocht a bhfuil sé ag obair di.
»»»San alt rialta seo, ceistíonn Beo! duine as eagras, comhlacht nó institiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu. An mhí seo: Anne Marie Nic Ruaidhrí, Dáil Uladh, Gort an Choirce, iarthuaisceart Dhún na nGall.
»»»Measann Robert McMillen go bhfuil líomhaintí á ndéanamh i gcoinne Shinn Féin le tamall anuas chun cur ina luí ar dhaoine nár cheart leasuithe móra a dhéanamh ar an tseirbhís phóilíneachta sna Sé Chontae.
»»»Tá PJ Mac Gabhann den tuairim nach dtabharfaidh slad millteanach Mohamed Merah i gceantar Toulouse aon bhlas faoisimh nó taca do fheachtas Sarkozy ina iarracht chun na huachtaránachta ar an 22 Aibreán.
»»»Bhain Alan Desmond an-sult as breis is scór go leith scannán a fheiceáil le linn Féile Scannáin na Veinéise. Níl sé ach ina thús agus beidh sé ar ais ann.
»»»Thug Liz Curtis cuairt ar cheantar in Albain le gairid a bhfuil ceangal láidir aige le Nova Scotia i gCeanada.
»»»Sa dara halt seo de thrí cinn, féachann Pat Butler ar a méid a thit amach do pháirtí Fhianna Fáil ó bhlianta an Dara Cogadh Domhanda go dtí teacht chun cinn Chathail Uí Eochaidh sna seascaidí.
»»»Caitheann Balor a shúil nimhe an mhí seo ar an díchoimisiniú sna sé chontae agus tugann sé cur síos ar spórt nua atá tagtha chun cinn san Afraic.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.