AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
Rún fíor na rúnta athbhliana duit, a Rúin
Balor Balor Balor

Tugann Balor Béimeann na Súile Nimhe a chomhairle saor in aisce a thaisce: tú féin a choimhéad ar gach baois, léigh a chuid alt le gach gaois agus guíonn gach Bean Nocht na hathbhliana ort.

Íomhá
Ár mór ort a mhamaí!
Íomhá
An coileach francach - faoina chumhdach Béarla
Íomhá
Ócáid amháin in am amháin ag duine amháin
Íomhá
Bóthar na Léinsí Goirme
Íomhá
Teach na Peirsile - Lárionad Raidió na Galltachta
Íomhá
Pádraig Ó Dúiche Seoighe lasmuigh den Chúirt Dúiche
Íomhá
Bean nochtaithe na bliana úire oraibh!

Tá mí Eanáir buailte linn arís, a léitheoirí dílse, agus gach a mbaineann leis. Tá an oíche ag dul chun giorraithe arís agus an lá ag dul chun síneadh. Má bhíonn coiscéim coiligh leis an lá idir an dá Nollaig – agus deirtear go mbíonn – is áit inteacht i lár na coiscéime sin atá muid anois. Sin an áit is contúirtí ar fad, b’fhéidir, nó cad é atá díreach idir dhá chrobh an choiligh ach... tóin an choiligh, Dia idir muid agus cac na héanlaithe! Agus ós ag caint dúinn ar chúrsaí éanlaithe, tá a bhfuil fós beo de thurcaithe na tíre ag rith thart sna cuibhrinn agus sna botháin ag gabháil buíochais le Dia na nDúl gur tháinig siad slán fríd ár lár an gheimhridh. ‘Ár mór ort an bhliain seo chugainn,’ an bheannacht a chuireann siad ar a chéile, agus iad ag guí Dé gur sa bhaile a bheidh siad féin ag fanacht an bhliain seo chugainn seachas ‘ag dul faoin tua’!

Tá císte na Nollag agus maróg na Nollag agus dinnéar na Nollag anois ite agus díleáite; poitín agus pórtar na Nollag anois diúgtha. Tá an baothgháire bréige bliantúil déanta faoi na ceisteanna beaga amaideacha ar na giotaí beaga amaideacha páipéir a bhíonn taobh istigh de na pléascóga amaideacha Nollag. Tá na paidreacha maoithneacha máinséaracha ráite agus na coinnle lasta i bhfuinneoga na dtithe ag teaghlaigh fud fad na tíre. Tá na tithe pobail ag cur thar maoil leis na fíréin agus fosta ag lucht minic nach dtig.

Tá na puntaí meáchain curtha suas agus na puntaí airgid curtha síos. Tá na drogallóirí i ndiaidh an chuairt bhlaintúil a thabhairt ar na gaolta i bhfad amach agus tá gach aon duine i ndiaidh teacht ar chomhréiteach sealadach sobhriste ar na hiaróga leis na neasghaolta sa teach. Níl fágtha anois de dheasghnátha bliantúla seo lár an gheimhridh ach díriú ar dhea-rúin na bliana úire: iad a chumadh, a scríobh, a mhionnú... agus a ligean i ndearmad arís.

I dtaca leis na dea-rúin chéanna, níl sárú Bhalor na Súile Nimhe agus na Teanga Binne ann mar shaineolaí ar a gcumadh agus ar a gcoinneáil go docht agus go daingean. Suígí siar anois agus ligigí do Bhalor na Gaoise comhairle a chur oraibh, a lucht scríofa dhea-rúin na bliana 2009. Níl an oiread sin rialacha ag baint leis an chóras seo, ach tá gach uile cheann acu thar a bheith tábhachtach:

  • Bíodh na dea-rúin féin iomlán mí-réasúnta. Más mar sin a dhéantar iad, bhuel thig libh a rá libh féin i gceann cúpla lá, nuair a bheas gach a mbaineann leo caite sa bhruscar, nach raibh siad réadúil an chéad lá riamh. Ní orm féin an locht má bhí na dea-rúin féin mí-réasúnta!

  • Scríobhaigí síos cuid mhór acu – agus nuair a deirim ‘cuid mhór’ , táim ag caint ar na mílte acu. Sa dóigh sin beidh sibh ábalta a rá libh féin go fírinneach nach bhfuil cuimhne agaibh ar a bhfuil ar liosta na bliana seo. D’fhéadfadh ceann ar bith acu a bheith ar liosta na bliana seo caite nó ar liosta na bliana seo chugainn, fiú. Mura bhfuil cuimhne chruinn ghlinn ghlé agaibh ar an dea-rún, ní thig libh a bheith freagrach as, gan trácht ar a choinneáil.

  • Bíodh seanchóip de Foinse ar oscailt os bhur gcomhair amach ar an tábla agus na dea-rúin á scríobh agaibh. Bíodh leathshúil agaibh ar Ócáidí Odious Odi agus sibh i mbun pinn. Ar an dóigh sin thig libh a chur ina luí oraibh féin amach anseo go raibh mearbhall oraibh agus sibh á scríobh, nó is léir don domhan is a mháthair gur chuir an t-alt sin mearbhall ar gach duine a léigh riamh é. (Nóta ón eagarthóir chuig ár gcuid léitheoirí ionúine ar dlíodóirí sibh: is é an t-ainmfhocal ‘ócáidí’, agus ní ainm álainn ‘Ódí’ Chumhra Chliste, atá faoi cháilíocht na haidiachta granna gallda sin ‘odious’ thuas, bíodh a fhios agaibh!)

  • Bígí ólta as bhur gcloigeann agus sibh i mbun pinn. Ní hamháin gur leithscéal maith é gan na dea-rúin a choinneáil má bhí sibh ar na stoic stárthacha ag am a scríofa, ach cuidíonn staid na meisce le Foinse a léamh – fiú seanchóipeanna den liarlóg.

  • Bígí ag éisteacht le Pádraig Ó Sé ag bladar leis ó Bhóthar na Léinsí le Camchuairt ar Raidió na Galltachta agus sibh ag cumadh bhur gcuid dea-rún. Níl cúirt ar bith sa tír nach nglacfadh leis gan cheist mar leithscéal i gcás dúnmharaithe, gan trácht ar dhea-rúin a bhriseadh. Idir bhuile an Tico Tico agus leadrán na raiméise a bhíonn ag Pádraig Ó Dúiche Seoighe agus Bríd Anna Ní Wheelie Bin, ní bheadh duine ar bith ag súil le go gcoinneodh sibh bhur ngealltanas, nó go mbeadh cuimhne agaibh ar ar gheall sibh, fiú.

  • Mar fhocal scoir, amharcaigí siar ar dhea-rúin na bliana seo a chuaigh thart. Ceann ar bith acu nár éirigh libh a choinneáil, bainigí triail arís as. Seans maith go mbeidh an toradh céanna arís ar iarracht na bliana seo. Beidh sé mar shólás agaibh go dtig libh a mhaíomh go bhfuil sibh chomh dáiríre faoi agus go ndéanann sibh iarracht gach aon bhliain iad a choinneáil.

Gach aon bhliain, gan teip, móidím os comhair Chroim, crúb ar mo chroí, nach scríobhfaidh mé focal ar bith eile don liarlóg seo gan mhaith, gan tairbhe. Ansin tagann an bhliain úr agus tosaíonn rabharta na litreacha ag teacht trí dhoras na pluaise: achainíocha ó mhaithe agus ó mhóruaisle na tíre, ag impí orm leanúint leis an dea-obair. Bíonn siad ag maíomh gur mise amháin, as measc scríbhneoirí uilig na tíre, a thugann misneach don phobal. Agus géillim arís. Tá mé lag – tá a fhios agam go bhfuil mé lag! Ach ar son na cúise a dhéanaim é. Tá sé mar dhea-rún agam arís i mbliana go n-éireoidh mé as, agus arís eile tá mé i ndiaidh mo mhóid a ghlacadh os comhair Chroim – ach cén mhaith é? Nach maith atá a fhios agam go dteipfidh arís orm! Cuirim iontas orm féin nuair a chuimhním ar na nithe a dhéanaim ar son na cúise.

Bliain úr mhaith ó Bhalor na hÍobartha. Amen!

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.