103
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Gluais
Doscail Uachtarán na hÉireann, Máire Mhic Ghiolla Íosa, oifigí an Choimisinéara Teanga sa Spidéal i lár na míosa seo caite. Labhair Rónán Mac Con Iomaire leis an Choimisinéir, Seán Ó Cuirreáin, faoin dúshlán atá i ndán dó sa phost sna blianta atá amach romhainn agus é ag iarraidh a chinntiú go gcuirfidh na comhlachtaí stáit forálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla i bhfeidhm.
»»»Caitheann Donncha Ó hÉallaithe súil ar Scéim Labhairt na Gaeilge, an scéim atá faoi bhagairt bhéal na tua an chéad bhliain eile. Deir sé nach rómhaith an tús é don Aire Stáit nua, Donncha Mag Fhionnghaile T.D.
»»»Tugann Balor Béimeann na Súile Nimhe a chomhairle saor in aisce a thaisce: tú féin a choimhéad ar gach baois, léigh a chuid alt le gach gaois agus guíonn gach Bean Nocht na hathbhliana ort.
»»»Chuaigh eachtra graifne i gcion ar Cholm Mac Séalaigh ina óige, ní ba ábhar machnaimh dó arís le deireanas: beathach capaill a chur chun báis.
»»»Tá sé in am deireadh a chur leis an fhinscéal uirbeach go bhfuil an Ghaeltacht rite le deontais ón stát, dar le Breandán Delap.
»»»Thaitin an chuairt a thug sí ar Ros Maircnigh ar chósta thoir na hAlban go mór le Liz Curtis.
»»»Cuirfear dlús faoin bhfeachtas uachtaránachta sna Stáit Aontaithe sna míonna amach romhainn. San alt seo, míníonn Brian Ó Broin céard a bheas ag titim amach agus na hiarrthóirí oifigiúla á roghnú ag na páirtithe sna stáit uilig.
»»»Bhí Robert McMillen ag tabhairt cluaise don óige agus dá dtuairimí faoi choimheascar crua na laetha a chuaigh thart, tréimhse nach furasta d’óige na linne seo a bharraíocht anois.
»»»Tá 80 faoin gcéad de mhargadh na beorach i Meiriceá roinnte idir Budweiser, Miller agus Coors. Ach ní hionann sin is a rá nach bhfuil na brandaí beaga beorach ag seasamh an fhóid, mar a mhíníonn Brian Ó Broin.
»»»Más lag lúbach an teanga seo mar a labhraítear in Éirinn í, ghlac Diarmuid Johnson misneach ón saibhreas agus ón gcruinneas urlabhra a mhothaigh sé i dTrier na Gearmáine an mhí seo caite.
»»»Tharraing dúnmharú tubaisteach Jill Meaghar i Melbourne cuimhne Bhearnaí Uí Dhoibhlin siar chuig scéal uafáis a thit amach i gCathair Darwin i samhradh na bliana 1999, scéal a bhain go dlúth le hÉirinn.
»»»Labhair Liz Curtis le fear darb ainm Ivor Neill le gairid, atá ina scipéir ar bhád a théann chun farraige go minic le foireann daoine as gach saghas cúlra.
»»»Fiafraíonn Robert McMillen, ar cheart go n-athainmneofaí an 11 sráid atá baiste as Banríon an Bháis, Victoria? Ceart nó mícheart, cuireadh Niall Mac Auslainn a bhundún dearg amach, ní eisean a bheas ina thrúig bháis ag teanga na Gaeilge, a deir Robert.
»»»Féachann Tony Birtill ar phobalmheas a foilsíodh sa nuachtán The Guardian le deanaí faoi Thuaisceart Éireann.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.