CÚINNE NA nEALAÍON/PEANN AR PÁR
Smúid ar ghealach is ar ghréin
Eoghan Mac Giolla Bhríde Eoghan Mac Giolla Bhríde

Seo gearrscéal le hEoghan Mac Giolla Bhríde a bheas le fáil sa chéad chnuasach eile scéalta uaidh, a sheolfar ag an Oireachtas i gCorcaigh an mhí seo chugainn.

Feicim an saol fríd ghloine dhorcha. Tá smúid ar mo shúile. Achan uile rud a fheicim tá sé bréagach. Is annamh a thugaim rud ar bith faoi deara… mo chuimhne ar mhionrudaí, tá sé doiléir … tá mé ag snámh i sruth na éiginnteachta. Ó m’áit suí anois ag amharc amach an fhuinneog domh feicim dathanna ach ní fheicim glas ceart na gcuibhreann nó buí na mbláthanna, agus nuair a dhruidim mo shúile ní fheicim aon rud. Sin an tuige a suím ar feadh uaireanta ag an am ag stánadh amach ar an fhéar fhada sa léana ag séideadh sa ghaoth nó ar bhláthanna beaga fiáine an gharraí ag croitheadh a gcinn, le go gcoinneoinn cuimhne orthu, go ndófadh siad a n-íomhánna ar m’intinn is go nglanfaí an chairt seo de mo shúile.

Ní chuireann rud ar bith iontas orm. Níl mé ábalta díriú isteach le machnamh ceart a dhéanamh. Bíonn an scáileán ag preabadh mar bheadh bladhaire coinnle ann. Chaill mé suim in eachtraí is i scéalta, chan é, ní gur chaill mé suim, ach níl mé ábalta suim a chur iontu. Chaill mé an dúil le suim a chur iontu agus, dá thairbhe sin, níl iontas ar bith sa tsaol domh níos mó… Cad chuige a gcuimhneoinn ar rudaí neamhiontacha?

I mo sheasamh ar bharr na mbeann domh inné, nó an lá fá dheireadh, ní cuimhin liom cá huair, ag coimhéad ar thonnta ag briseadh go díbhirceach ar na carraigeacha thíos, gan éifeacht, tháinig sé i mo cheann nach raibh iontas ar bith in seo domh, nach raibh substaint ar bith ann. Ba mhór an iarracht domh é siúl síos chomh fada leis an fharraige agus lig sé síos mé. Smaointigh mé dá dtitfeadh mo chorp de bharr na mbeann nach ndéanfadh sé ach briseadh ar na carraigeacha thíos faoi agus a bheith tarraingthe amach leis an taoide agus go leanfadh achan rud ar aghaidh mar a bhí is nach mbeadh fiúntas ar bith sa ghníomh. Arbh fhiú a dhul ar aghaidh mar nár chuma leat deireadh a chur leis; nó a mhalairt? D’fhéach mé ar an fharraige, mé ag fanacht le blaiseadh éigin a bhain le m’óige a theacht agus dath a chur ar m’intinn, ach níor tháinig sé. Phill mé chun an bhaile chuig mo theach, gan rud ar bith bheith gnóthaithe agam as m’aistear.

Na hoícheanta fada a chaithim sa teach seo ag éisteacht le fuaimeanna fánacha sa halla, ní chuireann siad isteach orm níos mó. An díoscadh agus na coiscéimeanna folmha, ní spreagann siad eagla ná dúil ionam; tá a fhios agam nach bhfuil ann ach an ghaoth. I mo shúile, tá stánadh fada a dhearcann fríd chraos na tineadh nó ar dhromchla ghloine na fuinneoige. Siúlaim an halla san oíche nó bíonn deacrachtaí agam codladh.

Cha dtig liom mé féin a shásamh. Scríobann peann pár, fágtar marc, ach an ceangal idir an lámh agus an cloigeann, tá sé briste… an lámh ag scríobh léi féin agus cha dtig liom í á threorú. Léim na marcanna a fhágtar, déanaim iarracht a gciall a scaoileadh ach beag ciall a ghní siad. Bím ag iarraidh na focail a dhoirteadh amach ar an pháipéar le rachtanna fiáine, iad a chroitheadh amach, á gcaitheamh amach cosúil le seileoga nó le sáthadh scine nó le tarraingt fola … rith suas chuig an pháipéar agus é a ruaigeadh uaim cosúil le péintéir ag caitheamh péinte ar chanbhás, ach ní thig sin a dhéanamh le focail; tá siad aonarach agus staidéartha agus crua. Cailleann siad teas an phaisin ina mbreith. Fuar agus cinnte iad. Féinmhínithe. Ní ligeann siad duit rud ar bith a cheilt. Nuair a thagaim go dtí an canbhás bíonn orm stad, tagann fuacht ar na smaointe, bíonn an fhearg marbh ionam. I ndiaidh do na focail a n-anáil a tharraingt tagann siad ag éalú le sruth fuar cinnte. Geal le hanáil iad na focail féin. Is annamh a scríobhaim rud ar bith fiúntach.

Tráthnóna eile agus mé i mo shuí san áit a mbím ag cuartú dhathanna seachantacha na spéire tháinig gasúr óg aníos os comhair m’fhuinneoige ar rothar agus stad sé ar an tsráid amuigh ag tarraingt anála. Shíl mé gur amharc sé isteach an fhuinneog orm le súile móra mealltacha agus shíl mé gur dhúirt sé liom “Goitse, goitse! Caithfimid a ghabháil agus neadracha a chuartú i seanbhallógaí ag bun an chnoic!” Ach níor bhog mise agus bhí deifre air agus cha raibh faill aige fanacht liom, agus sheasaigh sé suas ar an rothar arís agus bhí sé ar shiúl sula dtiocfadh liom a rá leis go raibh mé róthuirseach, nó nach raibh iontas ar bith fágtha ionam. “Caidé atá contráilte leat?” a déarfadh sé agus ní thuigfeadh sé go brách síoraí sin. Chaith mé an tráthnóna ar fad ag smaoiteamh ar an ghasúr, ag déanamh iontais ar tharla sé ar chor ar bith. Ansin scríobh mé síos i gcúpla líne, i bpeannaireacht chruinn shlachtmhar, é seo a leanas: Ní raibh aon ghasúr ann. Bhí a shúile trí thine.

Anois, i mo sheasamh ag m’fhuinneog mhór domh, ag amharc ar an áit a raibh an stócach óg ina sheasamh ar a rothar, mothaím cosúil le haisteoir i radharc as scannán faoi mo shaol féin, amharcaim amach is amharcaim isteach. An bhfuil rud ar bith fíor?

Tá mo chorp bodhar. Mothaím gur mhaith liom pian a fhuilstin le go n-aireoinn mo bheo. Pian ar mhaithe le pian. Ach níl a fhios agam an oibreodh sin féin. Dá mbuailfeadh fear mé lena dhorn ní thógfainn lámh le mé féin a chosaint nó dá bhfeicfinn carr ag teacht i mo threo le mo leagaint ní léimfinn amach as a bhealach. Níl mé ábalta cinneadh a dhéanamh. Dúirt seanchara liom uair amháin gur idir cinntí a mhaireann muid beo. Dúirt cara eile liom go mbíonn muid ár marbh féin go fadálach go dtí go ndéanann muid an cinneadh atá le déanamh againn. An gciallaíonn seo gur ionann a bheith beo agus marbh? Níl an freagra sin agam go fóill; chan fhuil an cinneadh déanta! Téim i mbun gnaithí ó lá go lá gan aon chinneadh a dhéanamh. Déanaim de réir mar a iarrann mo chorp orm. Ithim, ólaim, déanaim mo chac agus mo mhún, éirím ar maidin má tá mé i mo luí, téim chuig mo chuid oibre nuair a chaithim, bím cuideachtúil le daoine, labhraím faoin aimsir agus faoi athrú séasúr – rudaí uilig atá cleachtaithe agam fríd na blianta agus a thagann liom de ghlanmheabhair. Mar, tá mé mar bhall den chine daonna.

I dteach ósta oíche eile, níl sé rófhada ó shin, ba é an deoch dheireanach a mhúscail mé; nach sin i gcónaí an cás. Shiúil bean isteach go cúl an bheáir agus smaointigh mé, “Caidé a chiallaíonn an bhean sin domhsa?” Béal cúng, giall gobach leathan, gruaig fhionn. Dóighiúlacht nach raibh tarraingteach domhsa. Craiceann fionn bog, casadh sa bhéal a dúirt rud inteacht liom; eolas aici ar ghreann de chineál inteacht nó ar mhagadh. Buaireamh sna súile aici ach é i bhfad siar, é i gcúl a hintinne ag bruidearnaigh. Níor amharc sí orm, níor thug sí faoi deara go raibh mé ann, fiú. Bhí sí gnaitheach. Smaointigh mé: cad tuige san óstán seo mé? Níor chiallaigh sé rud ar bith domh. D’amharc mé thart. Chan fhaca duine ar bith mé, bhí mé as amharc. Agus, dalta achan teach eile ar an bhaile seo, bhí daoine coimhthíoch domh. D’fhág mé le dhul chun an bhaile agus thit mé ar an bhóthar faoi na crainn agus bhí an spéir le feiceáil, liath, ar dhath scláta, idir barra na gcrann. Chonaic mé dath na spéire. Smaointigh mé le gáire nach bhfuil sa spéir dhorcha ach scáthán den domhan a bhfuil muid marbh ag iarraidh mairstin air. D’fhan mé ansin, ag coimhéad, gur éirigh mo chnámha nimhneach i mo chuid éadaí, a bhí fliuch le driúcht, agus bhlais mé an phian.

Tchíthear domh go bhfuil m’intinn déanta de sheomraí, cuid acu beag agus cuid mór. Iontu, tá cónaí ar dhaoine áirithe i mo shaol. Tá siad uilig ina gcuid seomraí féin lena gcuid rialacha féin, rialacha atá leagtha amach go dian agus atá ar eolas agam go maith. Nuair a théim go seomra acu, leanaim na rialacha a ghabhann leis, bím i mo shamhail den té atá sa tseomra mar nach bhfuil sé de dhánacht ionam a bheith éagsúil. Tá mé go fóill ag cuartú mo sheomra féin.

Ní fuath liom daoine, is cuma liom fúthu. Chan daonnachtaí mé ach an oiread, níl mé chomh tógtha sin leo gur miste liom. Is cuma liom má tá an cine daonna bréan nó má dhéanann siad iarracht an bréantas a cheilt le cumhráin bhréige. Is cuma liom má tá intinn s’acu bréan, fiú lofa, agus go ndéanann siad iarracht an bréantas sin a cheilt faoi reiligiún nó le gnásanna sóisialta nó le moráltacht nó le creidiúintí nó rialacha nó béasa. Is cuma liom fúthu. Nuair a thosaíonn na radharcanna ag titim as a chéile cosúil leis na seanseiteanna in amharclann agus feiceann tú na poill ag foscladh sa spéir agus an phéint ag scamhadh ó na cnoic. Nuair, ó am go ham, a thiteann an brat de chreatlach na scáthlán, bíonn sé deacair creidbheáil i scigdhráma an tsaoil, fiú dá mbeifeá ag iarraidh, agus cé go bhfuil na haisteoirí uilig ag déanamh a ndíchill tú a mhealladh leo.

Mar tá mise mar bhall den chine daonna agus déanaim de réir mar atáthar ag dréim. Stad mé de dhéanamh cinneadh ar bith mé féin. Déanaim anois de réir mar a iarrtar orm. Ceannaím na táirgí a mholtar domh ar an teilifís gan cheist ná fiafraí. Is caiteoir eiseamláireach mé. Bím sásta, cosúil leis na haghaidheanna lúcháireacha sna fógraí. Déanaim de réir an dlí, fanaim taobh istigh de na teorainneacha luais. Ní bhím ag gearán nó ag cailleadh foighde. Is ball den chine daonna mé, an club is fearr dá bhfuil ann.

Tháinig sé uilig ar mhullach a chéile orm ar na mallaibh agus moladh domh a dhul chuig an dochtúir mar gur léir go raibh rud inteacht contráilte liomsa. Rinne sé na scrúduithe uilig orm a mbeifeá ag dréim leis a dhéanamh, d’amharc sé isteach i bpoll mo chluaise agus síos mo sceadamán, thomhais mé mo bhrú fola agus tharraing sé fuil as mo sciathán. Chuir sé ceisteanna orm fúm féin agus mar a bhraithim faoin tsaol agus d’inis mé dó go hionraice is a thiocfadh liom. Ansin chuir sé comhairle orm. Dúirt sé liom gan a bheith ag dréim le barraíocht as an tsaol, gan a bheith ag cuartú níos mó nó mar atá ann mar nach raibh sé ann, agus nach mbeadh ann ach díomá i ndiaidh díomá domh dá leanfainn ag cuartú. Dúirt sé go bhfuil sonas agus sólas le fáil sa lagmheasarthacht. Gan a bheith ag tochailt nó ag scríobadh ach a dhul ar aghaidh leis an tsaol. Tá mé ag fáil ar aghaidh leis an tsaol. Agus an bhfuil níos mó amuigh ansin nó an lagmheasarthacht? An mbeidh mé sásta leis an lagmheasarthacht seo? Níl a fhios agam! Fanóidh muid go bhfeicfidh muid.

Rugadh agus tógadh Eoghan Mac Giolla Bhríde ar an Charraic i nGaoth Dobhair. Chaith sé sé bliana ag obair mar innealtóir sibhialta ach d’éirigh sé as an obair sin roinnt blianta ó shin chun dul i mbun na scríbhneoireachta go lánaimseartha. Chaith sé bliain ag taisteal i Meiriceá Lár agus Meicsiceo agus chuaigh sé i mbun na scríbhneoireahta in Éirinn ina dhiaidh sin. Bhuaigh a chuid gearrscéalta trí dhuais san Oireachtas trí bliana ó shin: an chéad áit sa chomórtas do ghearrscéal, an chéad áit roinnte do chnuasach gearrscéalta (do dhaoine faoi 35) agus an dara háit do chnuasach gearrscéalta. Foilsíodh a chéad bhailiúchán gearrscéalta, *Idir Feoil is Leathar, in 2002.*

Gluais • Glossary

fríd ghloine dhorchathrough a dark glass

smúidmist, murkiness

bréagachfalse

is annamhit is seldom

mionrudaíminor things

doiléirvague

i sruth na éiginnteachtain the stream of uncertainty

glas ceart na gcuibhreannthe correct green of the fields

sin an tuigethat’s why

ag stánadh amachstaring out

léanalawn

ag croitheadh a gcinnshaking their heads

íomhánnaimages

iontassurprise

machnamh ceartproper thinking

scáileánscreen

ag preabadhjumping

bladhaire coinnlea candle flame

eachtraíevents

chan éthat’s not it

dá thairbhe sinbecause of that

rudaí neamhiontachaunexciting, ordinary things

ar bharr na mbeannon the cliff tops

an lá fá dheireadhthe other day

ag coimhéad ar thonnta ag briseadh go díbhirceachwatching waves breaking with ardour

substaintsubstance

dá dtitfeadh mo chorp de bharr na mbeannif my body fell from the top of the cliffs

taoidetide

fiúntasworth

gníomhact

nó a mhalairtor the opposite

blaiseadhtaste

gan rud ar bith bheith gnóthaithe agam as m’aistearwithout having gained anything from the journey

fuaimeanna fánachaoccasional noises

díoscadhcreaking

coiscéimeanna folmhaempty footsteps

stánadh fadaa long stare

craos na tineadhthe roaring fire

dromchlasurface

cha dtig liomI can’t

cha dtig liom í á threorúI can’t guide it

déanaim iarracht a gciall a scaoileadhI try to release their meaning

le rachtanna fiáinein wild fits

seileogaspits

sáthadh scinethe stabbing of a knife

aonarachsolitary

staidéarthalevel-headed

teas an phaisinthe heat of passion

breithbirth

a cheiltto hide

anáilbreath

is annamhit is seldom

fiúntachworthwhile

dathanna seachantachaelusive colours

goitsecome on, come here

neadrachanests

seanbhallógaíold ruins

deifrehurry

cha raibh faill aigehe hadn’t the time

contráiltewrong

go brách síoraíever

ag déanamh iontaiswondering

i bpeannaireacht chruinn shlachtmharin accurate neat writing

stócach ógyouth

bodhardeaf

pian a fhuilstinto suffer pain

mo bheomy life

lena dhornwith his fist

le mé féin a chosaintto protect myself

ní léimfinn amach as a bhealachI wouldn’t jump out of the way

cinneadhdecision

cinntídecisions

go fadálachslowly

chan fhuil an cinneadh déantathe decision has not been made

déanaim mo chac agus mo mhúnI defecate and urinate

cuideachtúilhelpful

athrú séasúrthe change of seasons

de ghlanmheabhairoff by heart

gialljaw

gobachprotruding

gruaig fhionnblond hair

dóighiúlachtbeauty

tarraingteachattractive

rud inteachtsomething

buaireamhsorrow

ag bruidearnaighthrobbing

coimhthíochstrange

idir barra na gcrannbetween the tops of the trees

ag iarraidh mairstin airtrying to live on it

nimhneachsore

bhlais mé an phianI tasted the pain

tchíthear domhit seems to me

go dianstrictly

samhailimage

mar nach bhfuil sé de dhánacht ionam a bheith éagsúilbecause I haven’t got the guts to be different

daonnachtaíhumanist

an cine daonnathe human race

bréanfoul

an bréantas a cheiltto hide the foulness

cumhráin bhréigefalse perfumes

lofarotten

gnásanna sóisialtasocial customs

béasamanners

seanseiteannaold sets

ag foscladhopening

ag scamhadhpealing

creatlachframe-work

creidbheáilto believe

scigdhráma an tsaoilthe farce of life

de réir mar atáthar ag dréimas is expected

táirgíproducts

caiteoir eiseamláireachexemplary spender

lúcháireachjoyous

teorainneacha luaisspeed limits

ag cailleadh foighdelosing patience

sceadamánthroat

mo bhrú folamy blood pressure

sciathánarm

go hionraice is a thiocfadh liomas honestly as I could

comhairleadvice

díomádisappointment

sólassolace

lagmheasarthachtrather small amount

ag tochailtdigging

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.