139
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Chuir Colm Mac Séalaigh aithne bheag ina óige ar Mhícheál Ó Duibhir, an t-imreoir caide agus an bainisteoir foirne do Chiarraí sna blianta siar. Ba léir san am sin féin, an chlisteacht sin a thug foireann chaide i ndiaidh a chéile chun tosaigh i gcomórtais ach lámh Mick O Dwyer a bheith ar stiúir a misnigh.
»»»Chas Seosamh Mac Muirí leis an Seanadóir Rónán Mullen i gceantar dúchais a máthar lena cheistiú faoi Sheanad Éireann, faoi cheist an ghinmhillte agus faoi roinnt ábhar eile ar spéis leis.
»»»Cé gur bhain Timor Thoir neamhspleáchas amach le déanaí, tá go leor deacrachtaí le sárú ag an tír san am atá romhainn, mar a mhíníonn Dáithí Ó Colchúin.
»»»D’fhoghlaim Mairéad Ní Mhaonaigh, an fidléir agus amhránaí leis an ngrúpa Altan, a cuid ceoil óna hathair Francie agus ó fhidléir clúiteach eile as Dún na nGall, Dinny McLaughlin. Tá meas aici ar amhráin chomh maith agus tá cláracha raidió agus teilifíse faoin gceol traidisiúnta curtha i láthair aici i gcaitheamh na mblianta freisin. Labhair Antaine Ó Faracháin léi le gairid.
»»»Údar misnigh ag Lisa Nic an Bhreithimh is ea dearcadh aos óg na Stát Aontaithe ar mhórán gnéithe de shaol ár linne i Meiriceá féin agus thar lear.
»»»Tá Deirdre Davitt ag triall ó dheas go Corca Dhuibhne i gCiarraí ó bhí sí ina déagóir agus tá sí oiread faoi dhraíocht ag an gceantar anois is a bhí an chéad lá riamh.
»»»Chaith John-Paul Mc Carthy súil ar roinnt de bhreitheanna an Bhreithimh Gerard Hogan san Ard-Chúirt le tamall de bhlianta anuas agus an Breitheamh ar thairseach na Cúirte Uachtaraí faoi láthair.
»»»Spreag leabhar nua mar gheall ar an bpíobaire Séamus Ennis go leor ceisteanna in intinn Choilm Uí Shnodaigh.
»»»Ghrinnigh Pat Butler fíricí na cáinaisnéise inné agus bhreac roimhe mar a nocht an scéal i rith an tráthnóna. Beidh Mícheál Ó Máirtín saighdte amach chun tosaigh os comhair na meán leis an aoibh is fearr agus dea-leagan an rialtais a chur abhaile ar chách.
»»»Beidh Am Mòd Nàiseanta Rìoghail, féile bhliantúil Ghaeil na hAlban, ar siúl i bPeairt an mhí seo chugainn. Labhair Stiofán MacGréill le Bainisteoir Poiblíochta na féile, Murchadh Moireasdan.
»»»Beidh an chuma chéanna ar go leor de na heitleáin i gceann cúig bliana is fiche, a deir Pádraig Mac Éamoinn, ach tarlóidh go leor forbairtí móra i gcúrsaí eitlíochta mar sin féin – eitiltí hipearsonacha, cuir i gcás.
»»»Tá dráma nua trítheangach á léiriú sa Bhreatain Bheag agus in Éirinn i mí an Mhárta a dhíríonn ar thréimhse staire a bhfuil an-suim ag Tony Birtill inti.
»»»Tá a fhios againn cérbh é Máirtín Ó Direáin ach bhí a mhacasamhail lastoir de Mhuir Mheann fágtha gan iomrá. Rinne Diarmuid Johnson iarracht an ceart a roinnt le fear díobh ar na mallaibh.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.