CÚINNE NA nEALAÍON/AN RÓGAIRE DUBH
Ionracas agus croí mór
Antaine Ó Faracháin Antaine Ó Faracháin Antaine Ó Faracháin

D’fhoghlaim Mairéad Ní Mhaonaigh, an fidléir agus amhránaí leis an ngrúpa Altan, a cuid ceoil óna hathair Francie agus ó fhidléir clúiteach eile as Dún na nGall, Dinny McLaughlin. Tá meas aici ar amhráin chomh maith agus tá cláracha raidió agus teilifíse faoin gceol traidisiúnta curtha i láthair aici i gcaitheamh na mblianta freisin. Labhair Antaine Ó Faracháin léi le gairid.

Íomhá
Íomhá

Antaine Ó Faracháin: A Mhairéad, aon scéal nua agat ó bhí muid ag caint an uair cheana? Ar tharla aon rud mór i do shaol ó shin?

Mairéad Ní Mhaonaigh: Tá athrú mór i ndiaidh tarlú domh i mo shaol le cúpla mí anuas. Bhí leanbh againn i dtús mhí Dheireadh Fómhair. Girseach bheag atá inti agus thug muid Nia uirthi. Tá eagla orm a rá go bhfuil muid iontach mórtasach aisti - girseach bheag ghalánta agus nádúr séimh aici!

AÓF: Bhuel comhghairdeachas libh, ar ndóigh! Agus an bhfuil sí cosúil leatsa nó le Dermot?

MNM: Tá sí cosúil le Dermot, ach aithním go bhfuil mo chuid méara fada féin aici!

AÓF: Meas tú anois, an mbeidh sí ina boscadóir, ina fidléir, nó ina hamhránaí?

MNM: Sílim go mbeidh sí ina fidléir agus tá dúil mhór aici in amhráin, go speisialta “Báidín Fheidhlimidh”.

AÓF: An gciallaíonn sé seo ar fad nach bhfuil Altan ar an mbóthar an oiread sin faoi láthair?

MNM: Ó, ní chiallaíonn. Tá súil againn í a thabhairt linn ar na turais le hAltan. Tá sí ag teacht linn go Meiriceá gan mhoill ar feadh míosa! Ach cosúil le cuid mhór ceoltóirí traidisiúnta eile, b’fhearr linn go mbeadh na turais níos giorra ó seo amach, ach níor mhaith linn stad ar chor ar bith!

AÓF: Céard iad na pleananna atá ag an ngrúpa ó thaobh turas de nó cathain a bheidh sibh ar ais faoi lán seoil arís, mar sin?

MNM: Bhuel maidir leis na turais, tá ár sceideal ar fáil ar www.altan.ie, más maith leat amharc air sin. Ach, tá súil againn ceirnín úr a thaifeadadh gan mhoill, roimh dheireadh an tsamhraidh, agus é a sheoladh amach anseo san fhómhar. Tá muid ag obair air faoi láthair idir na turais agus na ceolchoirmeacha. Ach leis an fhírinne a rá, tá dúil mhór againn a bheith ag seinm ceoil mar shlí bheatha. Is é an cinneadh is fearr a rinne mé riamh i mo shaol ná dul leis an cheol go lánaimseartha.

AÓF: Tá níos mó aithne ort mar fhidléir, b’fhéidir, ach tá tú ag cur le do stór amhrán i gcónaí. Cén áit a bhfaigheann tú na hamhráin?

MNM: Tá mo chroí istigh sna hamhráin. Sílim gurb iad na hamhráin dúshraith an cheoil rince agus gurb iad is tábhachtaí, dá bhrí sin!

B’fhéidir nach n-aontódh go leor daoine liom faoi sin ach sin mo thuairim phearsanta féin. Sílim go dtugann na hamhráin ár mblas agus ár ndath féin dúinn i gceol dúchais na hÉireann. Tá baint mhór ag an cheol inmheánach atá sa Ghaeilge féin agus san fhilíocht nádúrtha agus ag meadar na filíochta, tá baint mhór ag na rudaí sin leis. Faighimse mórchuid de mo chuid amhrán ó mo ghaolta - m’athair go háirithe - agus ó mo chomharsanaigh i nGaoth Dobhair.

Téim ag tochailt amhrán as mo cheantar ó fhoinsí éagsúla, cartlann cheoil RTÉ, abair, Raidió na Gaeltachta agus dá réir sin.

AÓF: Céard a thaitníonn leat in amhrán nó céard a fhaigheann greim ort? An dtógann sé mórán ama ort amhrán a fhoghlaim?

MNM: Má tá dúil agam in amhrán, ní aithním go bhfuil mé á fhoghlaim ar chor ar bith. Bíonn sé liom. Ach leis an fhírinne a rá, an fonn is mó a tharraingíonn m’aird; caithfidh sé a bheith tarraingteach, ceolmhar agus má tá na focail deas, bhuel, cuireann sin leis. Ach tá muid ádhúil go bhfuil agus go raibh filí ealaíonta againn a chum amhráin agus a d’fhág oidhreacht chomh luachmhar sin againn.

AÓF: Céard faoin gceol uirlise? Céard iad na tréithe a bhíonn ag fidléir maith, dar leatsa?

MNM: Sílim gur ionracas an tréith is tábhachtaí i gceoltóir ar bith. Ní miste liom cad é chomh cumasach le fidléir nó le ceoltóir uirlise ar bith, tá an t-ionracas agus croí mór mar shlat tomhais agam!

AÓF: Nár laga Dia thú a Mhairéad!

Suíomh gréasáin: www.altan.ie.

Beidh Mairéad Ní Mhaonaigh mar aoi speisialta ar chlár 2 de ‘Turas Teanga’, an tsraith d’fhoghlaimeoirí Gaeilge. Craolfar an clár seo ar RTÉ ar an Aoine, 6 Feabhra ar 7.30 p.m. agus ar TG4 ar an gCéadaoin, 11 Feabhra ar 8.00 p.m.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.