79
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Thug Ciara Nic Gabhann cuairt ar “False Memory” in Áras Nua-Ealaíne na hÉireann i mBaile Átha Cliath, taispeántas ina bhfuil breis is daichead píosa de chuid an ealaíontóra Willie Doherty as Doire.
»»»Samhlaíonn Breandán Delap cad é a bheas le rá ag ceannaire nuathofa Fhianna Fáil Nua ina aitheasc d’Ard Fheis a pháirtí sa bhliain 2016, tráth a bheas céad bliain Éirí Amach na Cásca á chomóradh.
»»»Tráchtann Donncha Ó hÉallaithe san alt seo ar Michael D. Higgins, an tUachtarán nuathofa, ón aithne a bhí aige ar an bhfear. Deir sé gur bua mór don tír, é a bheith roghnaithe as an seachtar a bhí ag seasamh.
»»»Labhair Eithne Ní Ghallchobhair le beirt a bhfuil baint acu le tionscadal tábhachtach in iardheisceart Dhún na nGall a bhfuil sé mar sprioc aige traidisiún ceoil agus seanchas an cheantair a chaomhnú.
»»»Is sliocht é seo as úrscéal nua eachtraíochta le hAnna Heussaff, atá lán de theannas is de spleodar. Tá sé ag plé le saol samhlaíoch pháistí an lae inniu: gluaisteáin ghasta, ríomhchluichí agus turais i mórchathracha cáiliúla. Tá an saothar oiriúnach do dhaoine óga idir naoi mbliana agus dhá bhliain déag.
»»»San alt rialta seo, ceistíonn Beo! duine as eagras, comhlacht nó institiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu. An mhí seo: Deirdre Ní Thuathail, Cló Iar-Chonnachta, foilsitheoirí leabhar agus ceoil (Indreabhán, Conamara).
»»»Is oileán beag é Cléire, atá suite amach ó chósta Chorcaí. Thug Liz Curtis cuairt air an samhradh seo.
»»»Féachann Dónall Ó Maolfabhail ar na cúiseanna go mbeidh sé deacair ag an gCumann Lúthchleas Gael Riail 42 a chur ar ceal agus cead a thabhairt cluichí sacair agus rugbaí a imirt i bPáirc an Chrócaigh.
»»»Tharraing Baile an Tí Mhóir, Talamh Mháire agus muintir Laoire, nó Calvert, in iarthar Chorcaí, aird Bhriain Uí Bhroin nuair a thug sé aghaidh ar chathair ‘The Wire’ ar na mallaibh.
»»»Tá cáil ar an scríbhneoir Maorach Witi Ihimaera ní hamháin mar ghearrscéalaí, úrscéalaí agus drámadóir - fuair an script a scríobh sé don scannán Whale Rider roinnt blianta ó shin an-mholadh go hidirnáisiúnta fosta. Labhair Ruth Nic Giolla Iasachta leis le déanaí in Ollscoil Auckland, áit a bhfuil sé ag obair mar Ollamh le Litríocht Mhaorach, faoina shaothar agus faoina dhúchas.
»»»Ós rud é gur i mí Lúnasa a fhaigheann na mílte scoláire a gcuid torthaí Ardteiste, thapaigh Breandán Delap an deis le marcanna a thabhairt do bhaill an Rialtais agus iad ag déanamh réidh dá mbliain dheireanach in oifig.
»»»Aontaíonn Colm Mac Séalaigh leis an tuairim atá ag Liam Mac Grifín nach mbeidh rath ar an iománaíocht i gCúige Uladh go dtí go n-athróidh an Cumann Lúthchleas an córas atá ann faoi láthair.
»»»Is cleasach an ealaín an t-airgead, mar is eol dúinn anois, ach is í ealaín chliste airgid, nó ealaín chliseadh an airgid, le Frank Buckley a tharraing aird Chiara Nic Gabhann san alt seo.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.